English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Comhairle na Tuaithe

Bunaíodh Comhairle na Tuaithe i mí Feabhra 2004 chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

  • rochtain ar an tuath
  • cód tuaithe a fhorbairt
  • straitéis áineasa tuaithe a fhorbairt

Tá Comhairle na Tuaithe comhdhéanta de dhaoine ó eagraíochtaí feirmeoireachta, daoine a bhaineann leas áineasa as an tuath agus comhlachtaí stáit atá freagrach as an tuath nó a bhfuil leas acu sa tuath. Gníomhaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar rúnaíocht do Chomhairle na Tuaithe.

Tá rochtain ar an tuath, atá ina shaincheist leanúnach d’úinéirí príobháideacha talún, do shealbhóirí talún stáit, d’úsáideoirí áineasa agus do thurasóirí araon, curtha chun cinn trí iarrachtaí Chomhairle na Tuaithe agus trí Scéim na Siúlóidí agus Oifigigh Áineasa Tuaithe a thabhairt isteach in 2008.

Tá sraith rialacha oibríochtúla aitheanta agus comhaontaithe ag Comhairle na Tuaithe maidir le rochtain ar an tuath. Ba chóir go gcuideodh an méid sin le coimhlint a chosc go bhfreastalódh sé ar réimse éagsúil riachtanas agus freagraí.

Beartaíodh úsáid a bhaint as an tionscnamh Ná Fág do Lorg ar a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta, mar an modh is fearr chun na gnéithe atá riachtanach do chód tuaithe a fhorbairt in Éirinn.

Téigh Amach Faoin Aer Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer na hÉireann 2023-2027
Amharc amharc