Grúpa Forfheidhmithe an Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda
- Foilsithe: 11 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2021
Is é an Item was unpublished or removed atá ag déanamh comhchathaoirleacht ar an nGrúpa seo.
Tá sé de dhualgas ar an ngrúpa seo na gníomhartha a aithnítear dtuarascáil deiridh an tascfhórsa, a foilsíodh i mí Eanáir 2017, a chuir i bhfeidhm. Áirítear ar an ngrúpa, comhaltaí ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí rialtais, comhlachtaí tionscail agus ionadaithe údaráis áitiúla.
Tá líon gníomhartha suntasacha curtha i gcrích ag comhaltaí an tascfhórsa go dtí seo, ar nós:
- Na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a bhfuil leasú déanta acu ar threoirlínte do na Scéimeanna do Ranníocaíochtaí Forbartha lena chinntiú go mbíonn baint ag tarscaoileadh le fón póca agus le leathanbhanda araon, agus
- ComReg, a bhfuil scéim tugtha isteach acu a chuireann an deis ar fáil le húsáid a bhaint as athsheoltóirí creidiúnaithe fón póca chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le clúdach laistigh, go háirithe, i gceantair thuaithe. Rinne Comreg tástáil freisin ar íogaireacht na sásanna láimhe fón póca go léir ar mhargadh na hÉireann agus cuireadh na sonraí sin ar fáil go poiblí.
Tá líon gníomhartha beagnach curtha i gcrích agus táthar ag súil iad sin a bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana 2018 nó faoi thús na bliana 2019, áirítear orthu sin:
- duchtáil cábla leanúnach a thabhairt chun críche feadh an líonra bóithre náisiúnta/mótarbhealaigh – cuirfidh sé sin bonneagar ‘cnámh droma’ ar fáil don [external-link https://www.dccae.gov.ie/en-ie/communications/topics/Broadband/national-broadband-plan/Pages/Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ]
- ComReg ag tabhairt léarscáil chun críche ina gcuimsítear an clúdach fón póca
- glaoch WiFi a thabhairt isteach– lena mbaineann buntáiste áirithe dóibh sin atá ina gcónaí i gceantair ina bhfuil drochchlúdach líonra fón póca, agus
- athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le húsáid sócmhainní Stáit le hóstáil a dhéanamh ar bhonneagar teileachumarsáide – d’fhéadfadh sé seo líon suntasach suíomhanna a oscailt suas agus aghaidh a thabhairt ar líon na gceantar ina bhfuil drochchlúdach líonra fón póca.