English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe


Déantar foráil san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí clár ar líne de ghníomhaíocht bhrústocaireachta a bhunú agus a chothabháil.

Tá sé mar chuspóir leis an gclár eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaí áirithe, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha. Ní mór do bhrústocairí tuairisc a thabhairt faoina dteagmháil leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta sin. Tá dhá sprioc leis an liosta sin:

  • deis a thabhairt don phobal na daoine siúd atá ainmnithe mar oifigigh phoiblí ainmnithe a aithint, agus
  • Mar acmhainn do bhrústocairí atá ag clárú tuairisc ar an gClár agus ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigeach poiblí ainmnithe, Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin reachtaíocht seo:

Na hAirí

  • Heather Humphreys TD, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail*
  • Joe O Brien TD, Aire Stáit Forbartha Pobail agus Carthanais

Comhairleoirí Speisialta* (ar cheapachán)

Niall O'Connor – Comhairleoir Speisialta don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail

Pauric McPhillips – Comhairleoir Speisialta don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail

Anne Marie McNally - Comhairleoir Speisialta don Aire Stáit Forbartha Pobail agus Carthanais


Ard-Rúnaí

Kevin McCarthy

Tá na freagrachtaí seo a leanas ar Ard-Rúnaí na Roinne: gnó na Roinne a bhainistiú go ginearálta; Beartais Rialtais a chur i bhfeidhm atá cuí don Roinn; Monatóireacht a dhéanamh ar bheartais Rialtais a bhfuil tionchar acu ar an Roinn; Aschur a sholáthar faoi mar a chinneann an tAire; Comhairle faoi bheartas a sholáthar don Aire ar gach ceist laistigh de shainchúram na Roinne; Ráitis Straitéise a ullmhú atá le cur faoi bhráid an Aire; Tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire ar chur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise; A chinntiú go mbaintear úsáid cheart as acmhainní agus go soláthraítear seirbhísí poiblí atá éifeachtúil ó thaobh costais; Cuntas a ullmhú ar mar atá freagrachtaí ar leith le sannadh ar oifigigh eile síos tríd an Roinn; Ceisteanna a bhainistiú a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, disciplín agus dífhostú státseirbhíseach faoi ghrád Príomhoifigigh nó a chomhionann.


Rúnaithe Cúnta, Stiúrthóirí agus Gráid Chomhionanna

Bairbre Nic Aongusa

Rannóg: Forbairt Pobail

Grád: Rúnaí Cúnta

Freagrachtaí

  • Tá Bairbre Nic Aongusa freagrach ag leibhéal Rúnaí Cúnta do Bheartas Forbartha Pobail agus Áitiúil; Forbairt Leabharlanna; an Clár Síochána agus Athmhuintearais; Clár Seirbhísí Pobail; Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDC’nna) agus na Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail (LECP’nna); an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP); an Clár Feabhsúcháin Pobail; Tacaíochtaí do phobail atá faoi mhíbhuntáiste (lena n-áirítear, Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh); Beartas ar Rialú Madraí agus Bunaíochtaí Pórúcháin Madraí; Maoirseacht beartais ar fheidhmeanna údaráis áitiúil maidir le reiligí; Pobal (maoirseacht rialachais); Tacaíochtaí do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha; Tacaíochtaí d’Oibrithe Deonacha; Líonraí Rannpháirtíochta Pobail; Caidreamh an Rialtais le Daonchairdeas; Sábháilteacht Uisce Éireann; Rialtóir Carthanais.

Fintan O'Brien

Rannóg: Forbairt Tuaithe agus Gnóthaí Réigiúnacha

Grád: Rúnaí Cúnta

Freagrachtaí

Tá Fintan O'Brien freagrach ag leibhéal Rúnaí Cúnta as beartais agus as cláir le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur chun cinn i gceantair thuaithe na hÉireann, lena n-áirítear, tríd an bPlean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe. Tá William Parnell freagrach freisin as raon cuspóirí maidir le forbairt réigiúnach a sheachadadh, lena n-áirítear tionscnamh Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus as éascú a dhéanamh d’ullmhúcháin Údaráis Áitiúil ó thaobh leathanbhanda ardluais a leathadh amach. Déanann William maoirseacht ar fhorbairt agus ar fheidhmiú beartas maidir le Fiontar Sóisialta.


Sheenagh Rooney

Rannóg: Gnóthaí Corparáideacha agus Forbairt Straitéiseach

Grád: Rúnaí Cúnta

Freagrachtaí

Tá Sheenagh Rooney freagrach ag leibhéal Rúnaí Cúnta as gnóthaí corparáideacha, beartais straitéiseach a fhorbairt, forbairt eagraíochtúil, acmhainní daonna, comhordú corparáideach, airgeadas agus meastóireacht, cóiríocht, cumarsáid agus ICT agus rialachas corparáideach. Tá an rannóg freagrach freisin as maoirseacht agus comhordú obair na Roinne ar ábhar straitéiseacha tras-Rialtais ar nós, Gníomhú ar son na hAeráide agus an Breatimeacht agus as maoirseacht a dhéanamh ar bheartas agus ar sheachadadh an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus as na Cuntais Díomhaoine.