Réamhrá
- Foilsithe: 27 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2022
- Réamhrá
- Conas iarraidh AIE a dhéanamh
- Ba chóir go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh le gach iarraidh
Réamhrá
Bhunaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 trí cinn de na cearta seo a leanas:
- an ceart ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis arna coinneáil ag comhlachtaí poiblí a chomhlíonann Alt 6 den Acht
- an ceart chun faisnéis phearsanta a bhaineann leis an duine aonair atá ag déanamh an iarraidh a leasú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- an ceart cúiseanna a fháil a bhí le cinntí a ghlac comhlachtaí poiblí agus a bhfuil tionchar acu orthu
Cuireann na cearta seo ar chumas duine é rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis, beag beann ar an uair ar bailíodh an fhaisnéis ar dtús. Ní féidir taifid neamhphearsanta a éileamh ach amháin sa chás gur cruthaíodh na taifid tar éis an 21 Aibreán 1998.
Conas iarraidh FOI a dhéanamh
Ba chóir iarraataí FOI a chur faoi bhráid i scríbhinn nó tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig:
An tAonad Saorála Faisnéise
Seoladh: an tAonad Saorála Faisnéise, Pointe na Tríonóide, Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85
Uimhreacha Teileafóin: 076 106 4900
Ríomhphost: foi@drcd.gov.ie
________________________________________
Ba chóir go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh le gach iarraidh
- ráiteas a léiríonn go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- achoimre mionsonraithe maidir leis na taifid atá á n-éileamh
- más infheidhme, raon na ndátaí a bhaineann le d’iarraidh
- an leagan amach inar mhaith leat na taifid scaoilte a fháil
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin an FOI.
Rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol
Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (AIE) 2007 cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg faisnéise ó údaráis phoiblí faoin gcomhshaol.
Luaitear nach mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol a shealbhaíonn údarás poiblí nó a shealbhaítear thar a cheann, a chur ar fáil d’aon duine ach é a iarraidh, faoi réir ag eisceachtaí áirithe.
Conas iarraidh AIE a dhéanamh
Chun iarraidh AIE a dhéanamh ní mór d’iarratasóirí éileamh a chur faoi bhráid i scríbhinn nó tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig:
An tAonad Saorála Faisnéise
Seoladh: an tAonad Saorála Faisnéise, Pointe na Tríonóide, Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85
Uimhreacha Teileafóin: 076 106 4900
Ríomhphost: foi@drcd.gov.ie
________________________________________
Ba chóir go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh le gach iarraidh
- ráiteas a chuireann in iúl go bhfuil an iarraidh á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE
- sonraí teagmhála an iarratasóra
- cur síos mionsonraithe ar an bhfaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá á lorg
- an leagan amach ar mhaith leat go gcuirfí an fhaisnéis ar fáil duit
Mura mbíonn rochtain againn ar an bhfaisnéis atá á héileamh, cuirfimid d’iarraidh ar aghaidh chuig an údarás poiblí ábhartha nó tabharfaimid comhairle duit maidir leis an áit ar chóir duit an iarraidh a sheoladh. Cuirfear ar an eolas tú bealach amháin nó bealach eile.