Aighneachtaí á Lorg - Acht na dTeangacha Oifigúla 2003
- Foilsithe: 13 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dréachtscéim Á hUllmhú ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail don tréimhse 2022-2025
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde sheirbhísí trí mheán na Gaeilge a chinntiú.
Is féidir an scéim reatha Ghaeilge na Roinne a fháil anseo.
De réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag ullmhú Scéim Gaeilge. Moltar go leanfaidh an Scéim an tréimhse 2022-2025.
Tá an Roinn anois ag iarraidh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhara maidir le hullmhú na Scéime nua.
Ba chóir aighneachtaí scríofa, i bhformáid leictreonach ab fhearr, a sheoladh.
Ar ríomhphost, chuig: coordination@drcd.gov.ie
Nó tríd an bpost, chuig:
An tAonad Comhordúcháin,
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail,
Trinity Point,
10-11 Sráid Laighean Theas,
Baile Atha Cliath 2,
D02 EF85
Roimh 5.00 i.n. 14 Feabhra 2022
Tabhair faoi deara le do thoil: Tá freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.
Ba cheart faisnéis rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht, ach ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil aon fhreagra nó gach freagra ar an gcomhairliúchán faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ina n-iomláine agus féadfar í a fhoilsiú anseo.