An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
- Foilsithe: 12 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2019
Is é cuspóir an Chiste nua tacú le tionscadail chomhordaithe chomhtháite idir Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, comhlachtaí poiblí eile, pobail agus, nuair is cuí, maoinitheoirí daonchairdiúla agus/nó an earnáil phríobháideach i gcás gur tionscadail iad a mbeidh tionchar acu ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe i limistéir thuaithe.