English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Duine, An Chomharsanacht agus COVID-19 Eolas maidir le Cúnamh an Phobail

Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag déanamh ceannródaíochta maidir le dícheall an Rialtais le Plean Gníomhaíochta an Rialtais Treisiú le Beartaíocht an Phobail

Government Action Plan for Community Response to COVID-19

Tá de nós le fada ag an bpobal i ngach comharsanacht in Éirinn oibriú i gcomhar lena chéile in am an ghátair. Feictear arís agus arís eile é le himeacht na mblianta. Nuair a thagann stoirmeacha nó tuilte, nó géarchéim eacnamaíochta, seasann gach duine sa chomharsanacht lena chéile.

Is géire an gá anois ná ag aon am riamh meon láidir an chomhair mar atá i bpobal na hÉireann a thapú agus oibriú as lámha a chéile go sáraítear an dúshlán atá á thabhairt don tír.

Ní foláir, go mór mór, do dhaoine a bheith aireach airdeallach maidir le daoine aosta nó comharsana eile a bheadh i mbaol, le haird i gcónaí ar threoirlínte FSS maidir le dealú daoine. Tá an-tábhacht le caidreamh sóisialta a choinneáil le daoine atá ina n-aonar ina dteach féin faoi láthair, fiú mura mbeadh i gceist ach comhrá teileafóin.

Cheana féin, feictear borradh faoi bheartaíocht an phobail agus dreamanna éagsúla, idir chlubanna spóirt agus chumainn áitritheoirí – chomh maith le daoine cásmhara eile – i mbun córais a thionscnamh chun cuidiú le daoine ina gceantar féin a bheadh i mbaol nó scoite ó chomhluadar. Is ábhar dóchais agus ardú meanman sin.

Ní foláir, ina dhiaidh sin is uile, don Rialtas creatchóras lárnach a chur ar fáil ar féidir beartaíocht seo an phobail a chur i gcrích faoina scáth, ionas gur féidir a choinneáil ar bun go fadtéarmach agus go gcinntítear go bhfaigheann oiread agus is féidir de na daoine a bheadh i mbaol cúnamh in am seo an dúshláin mhóir.

Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag déanamh ceannródaíochta maidir le dícheall an Rialtais uile beartaíocht pobail i leith COVID-19 a spreagadh agus a chothú ar bhealach a chuideoidh leis na comharsana aosta agus leochaileacha a chosaint agus a choinneáil slán sábháilte le cabhair agus cúnamh acu i rith na seachtainí seo romhainn.

Sa Plean Gníomhaíochta an Rialtais Treisiú le Beartaíocht an Phobail seo, a cuireadh le chéile i gcomhar leis an Roinn Sláinte, Ranna eile de chuid an Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus an craobhchóras leitheadach d'eagraíochtaí pobail agus deonacha.

Pacáiste Cumarsáide do dhaoine den phobal

Leagtar an Plean Gníomhaíochta amach trí ghníomh príomhthábhachta a mbeidh béim ar dtús orthu i ndáil le bonn treise a choinneáil faoi bheartaíocht pobail i leith COVID-19.

Beart 1

Saorálaíocht a spreagadh agus a chothú – i gcomhar le hObair Dheonach Éireann, 22 Ionad Saorálaíochta agus 7 Seirbhís Eolais Saorálaíochta, le tacaíocht ó Chuideachtaí Forbartha Áitiúla

Beart 2

Cúnamh pobail a chur ar fáil do dhaoine aosta – i gcomhar le ALONE.

Beart 3

Áis deasca cabhrach a chur ar bun do ghrúpaí pobail áitiúla ar –c&vsupports@drcd.gov.ie