Foilsiú
Bailte agus Sráidbhailte Tuaithe a Athbheochan
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Iúil 2021
Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Is bailte agus sráidbhailte bríomhara croílár phobail tuaithe na hÉireann.
- Tá sé mar aidhm leis an mbeartas seo tacaíocht a thabhairt chun bailte agus sráidbhailte a hathbheochan, daoine a bheith ag cur fúthu iontu arís agus iad a fhorbairt chun cur le téarnamh eacnamaíochta áitiúil agus náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis a chur ar chumas daoine a bheith ina gcónaí agus ag obair i dtimpeallacht d'ardchaighdeán.
- Bainfear sin amach trí infheistíocht a dhéanamh i dtograí a thacaíonn le gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus líon na gcustaiméirí i mbailte agus i sráidbhailte a mhéadú, slacht a chur ar limistéir réimse poiblí, maireachtáil i lár bailte a spreagadh agus an bonneagar seirbhíse chun tacú le forbairt athbheochana agus inbhuanaithe a chur ar fáil.