English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairle don té a bheadh i mbaol



DÉANTAR

Cuimhnigh go bhfuil cúnamh agus comhairle ar fáil ach glao gutháin a dhéanamh.

Bíodh uimhreacha teileafóin ar eolas agat maidir le seirbhísí tábhachtacha agus coinnigh na huimhreacha san áit ar furasta iad a fháil.

Coinnigh caidreamh ar bun leis na comharsana.

Iarr cárta aitheantais a thaispeáint duit má thagann strainséir chuig an doras. Má tá tú in amhras, glaoigh ar an eagraíocht lena mbaineann siad, de réir a gcuid cainte, ar mhaithe leis an gcás a dheimhniú.

Déan de réir na comhairle maidir le dealú dhaoine óna chéile agus coinnigh achar dhá mhéadar idir tú féin agus daoine eile.

Déan de réir threoirlínte FSS maidir le lámha a ní agus muinchille nó ciarsúr a úsáid nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth.


NÁ DÉANTAR

Ná hoscail an doras do dhuine nach n-aithníonn tú mura bhfuil tú cinnte go bhfuil tú sábháilte.

Ná croith láimh le haon duine a thagann ag an doras.

Ná lig duine isteach i d'áras mura bhfuil aithne agat air/uirthi nó géarghá leis.

Ná tabhair sonraí pearsanta DE CHINEÁL AR BITH, sonraí bainc nó cárta creidmheasa/dochair san áireamh, do dhuine nach bhfuil lánmhuinín agat as/aisti – bíodh an duine ar an láthair nó ar an teileafón.

Ná bíodh caidreamh agat le daoine eile sa chomharsanacht a bheadh i mbaol má tá siomtóim breoiteachta á bhfulaingt agat.

Ná cuireadh mífhaisnéis ar na meáin shóisialta imní ort – cloígh le comhairle FSS

Tá an tEolas is Deireanaí le fáil ar:


Ioslódáil an bileog anseo

Comhairle don té a bheadh i mbaol
Amharc amharc