English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairle maidir le hOibrithe Deonacha a Earcú do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha


Is léir fonn láidir ar an bpobal cuidiú leis na daoine is mó a bheadh i mbaol. Cé gur breá go maireann meon chomhar na gcomharsan go tréan i gcónaí, is mór an tábhacht atá le dea-bhainistíocht maidir le hoibrithe deonacha, go mór mór i rith cásanna géarchéime.

Is féidir le hObair Dheonach Éireann agus córas na nIonad Saorálaíochta (VC) agus na Seirbhísí Eolais Saorálaíochta (VIS) sainchomhairle agus cúnamh taca a chur ar fáil d'eagraíochtaí maidir le hoibrithe deonacha a earcú mar gheall ar COVID-19 agus bainistíocht a dhéanamh ina leith.

Tá sonraí caidrimh maidir leis an Ionad Saorálaíochta áitiúil nó an tSeirbhís Eolais Saorálaíochta ar fáil ó Obair Dheonach Éireann

Tá treoirlínte á leagan amach ag Obair Dheonach Éireann do ghrúpaí ar mian leo oibrithe deonacha a earcú chomh maith le teimpléid róil phraiticiúla d'oibrithe deonacha a chur le chéile d'fhonn cuidiú le grúpaí ar gá dóibh oibrithe deonacha a earcú mar gheall ar COVID-19. Beidh siad sin ar fáil as seo go ceann cúpla lá ar Obair Dheonach Éireann.

Agus Oibrithe Deonacha á n-earcú, bíodh aird ar na nithe seo a leanas:

  • Ní mór obair dheonach a dhéanamh ar bhealach sábháilte ionas nach gcuirtear oibrithe deonacha ná daoine a mbeadh cúnamh uathu i gcontúirt
  • An bhfuil aon duine de na hoibrithe deonacha ionchais i gcatagóirí contúirte ionas go mbeadh an t-oibrí deonach nó daoine eile á gcur i gcontúirt?
  • Scagdhealú a dhéanamh agus oibrithe deonacha a chur i leith róil atá oiriúnach dóibh
  • Slánchosaint agus measúnacht baoil
  • Árachas
  • Grinnfhiosrúchán an Gharda
  • Cúnamh taca agus bainistíocht ó lá go lá ar oibrithe deonacha (d'fhéadfadh go mbeadh gá le bainisteoir oibrithe deonacha mar chúnamh taca ag na hoibrithe deonacha, agus d'fhéadfadh gur oibrí deonach an bainisteoir freisin).

Nithe is gá don eagraíocht a dhéanamh:

Ba cheart don eagraíocht saorálaíochta dréachtchuntas ar an ról a scríobh amach – tá, más gá, cúnamh ina leith sin ar fáil ón Ionad Saorálaíochta áitiúil.

Sa chás gur ról nua atá ann, tabharfaidh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le fios an gá grinnfhiosrúchán a dhéanamh ina leith. Is ceart cuntas ar an ról d'oibrí deonach a leagan amach i gcomhréir leis an Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012.

Mura bhfuil an eagraíocht cláraithe cheana féin leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, agus gá le grinnfhiosrúchán i ndáil le ról d'oibrí deonach, ní mór ar an gcéad dul síos dul i gcomhairle leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin maidir leis an eagraíocht a chlárú. Déantar sin ar: vetting.garda.ie/RegisteredOrganisation/HowToApply.


Grinnfhiosrú maidir le hOibrithe Deonacha

Ábhar tábhachtach eile:

Tá socruithe ar bun leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin ar mhaithe le próiseáil a dhéanamh go mear maidir le hiarratais a bhaineann le hobair dheonach i ndáil le COVID-19. Tá breis eolais ar fáil ar – vetting.garda.ie.

Tabharfar tús áite d'Fhoirm Iarratais maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda (NVB1) a mbíonn tag. COVID-19 marcáilte go soiléir sa réimse maidir le Tag. Sheachtrach.

Beidh cúnamh taca ar fáil freisin trí dheasc cabhrach ríomhphoist na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail d'fhonn déileáil le hábhar ceisteanna ó grúpaí Pobail & Deonacha agus iad a chur faoi bhráid fhoinsí oiriúnacha cúnta.

Is é an seoladh ríomhphoist faoi leith don deasc sin - C&VSupports@drcd.gov.ie

Tá an tEolas is Deireanaí le fáil ar:


Ioslódáil an bileog a seo

Comhairle maidir le hOibrithe Deonacha a Earcú do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha
Amharc amharc