Cosc ar mhadraí den mhianach Bulaí Ollmhór
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Rialacha nua úinéireachta maidir le madraí den mhianach Bulaí Ollmhór
- Gá le hathrú ar rialacha úinéireachta
- An chaoi le hullmhú do rialacha nua úinéireachta
- Deimhniú Díolúine
- Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine
- Doiciméid atá ag teastáil le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Díolúine
- Neodrú
- Micrishliseadh Madraí
- Diúltaithe Deimhniú Díolúine a Eisiúint
- Sainmhíniú ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór
- Pionóis as na rialacháin a shárú
- Úinéirí madraí den mhianach Bulaí Ollmhór atá ina gcónaí thar lear
- Ceisteanna Coitianta Teicniúla
Rialacha nua úinéireachta maidir le madraí den mhianach Bulaí Ollmhór
Cuireann rialacháin nua cosc ar mhadraí den mhianach Bulaí Ollmhór a iompórtáil, a phórú, a dhíol agus a aistriú chuig malairt áitribh.
Ón 1 Feabhra 2025, beidh sé in aghaidh an dlí a bheith i d’úinéir ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór gan 'Deimhniú Díolúine' arna eisiúint ag an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil an madra lonnaithe a bheith agat.
Bíonn deis ag úinéirí Bulaí Ollmhóir iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine idir an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus (roimh) an 1 Feabhra 2025.
De bhrí gur crosphórú de phórtha srianta iad, tá madraí den mhianach Bulaí Ollmhór faoi réir na rialuithe breise atá ann cheana féin.
Ciallaíonn sé sin nuair atáthar in áit phoiblí, nach mór béalóg a bheith feistithe go daingean ar na madraí seo agus iad a bheith coinnithe ar shlabhra nó iall láidir (2 mhéadar ar fhad ar a mhéad) ag duine os cionn 16 bliana d’aois atá in ann an madra a rialú.
Gá le hathrú ar rialacha úinéireachta
Tá rialacha nua úinéireachta tugtha isteach chun sábháilteacht an phobail a chosaint tar éis roinnt ionsaithe a rinne madraí den mhianach Bulaí Ollmhór.
Fógraíodh bearta den chineál céanna le déanaí sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann araon.
An chaoi le hullmhú do rialacha nua úinéireachta
Ní mór d'úinéirí ar mian leo a madra den mhianach Bulaí Ollmhór a choinneáil iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine roimh an 1 Feabhra 2025. Ligfidh an Deimhniú Díolúine dóibh a madra a choinneáil go dtí deireadh a shaoil nádúrtha.
Tar éis an 1 Feabhra 2025, ní mór d'úinéirí madra den mhianach Bulaí Ollmhór a bhfuil Deimhniú Díolúine acu leanúint de na critéir ábhartha a chomhlíonadh a theastaíonn chun an Deimhniú Díolúine a fháil.
Deimhniú Díolúine
Beidh an deimhniú seo uathúil le haghaidh gach madra agus gach úinéir madra den mhianach Bulaí Ollmhór. Sonrófar air sonraí ceadúnais an mhadra, sonraí micrishliseanna, sonraí neodraithe, aois agus cur síos. Sonrófar air freisin ainm, seoladh, dáta breithe agus uimhir theagmhála úinéir an mhadra.
An tÚdarás Áitiúil a eisíonn Deimhniú Díolúine agus údaraíonn sé d'úinéir madra den mhianach Bulaí Ollmhór an madra sin a choinneáil in áitreabh ar leith go dtí deireadh nádúrtha shaol an mhadra.
Tar éis an 1 Feabhra 2025, ba cheart Deimhniú Díolúine a bheith ag gach úinéir a bhfuil madra den mhianach Bulaí Ollmhór aige nó ba cheart cruthúnas a bheith acu go ndearna siad iarratas ar Dheimhniú Díolúine.
D'fhéadfaí a iarraidh ar úinéirí an Deimhniú Díolúine a chur faoi bhráid Maor Madraí laistigh de 10 lá ón iarratas a dhéanamh.
Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine
Ní mór d'úinéirí iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2024.
Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig an údarás áitiúil ábhartha.
Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil an t-iarratas a phróiseáil agus seolfaidh sé:
- Deimhniú Díolúine,
- Litir Dhiúltaithe,
- Iarratas ar thuilleadh eolais má tá aon fhaisnéis ábhartha in easnamh ar an iarratas.
Ní ghearrfar aon táille ar Dheimhniú Díolúine.
Doiciméid atá ag teastáil le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Díolúine
Ba chóir na doiciméid seo a leanas a chur leis an iarratas;
1. Cóip de cheadúnas madra bailí;
2. Cóip de theastas micrishlisithe don mhadra;
3. Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe (féach thíos);
4. Cruthúnas céannachta fótagrafach (cóip de phas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí srl.); agus
5. Cruthúnas ar Sheoladh (cóip de bhille fóntais nó de ráiteas bainc laistigh de 3 mhí roimhe sin srl.).
Neodrú
Ní mór d'úinéirí socrú a dhéanamh go ndéanfaidh Cleachtóir Tréidliachta cláraithe an madra den mhianach Bulaí Ollmhór a neodrú chun Deimhniú Díolúine a fháil. Ní mór neodrú an mhadra a dhéanamh trí ghearradh más madra fireann é nó an madra a choilleadh más madra baineann í.
Nuair a bheidh an madra neodraithe, ní mór d'úinéirí Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe a chomhlánú.
Ní mór do thréidlia an fhoirm seo a shíniú agus a chur ar aghaidh chuig an Údarás Áitiúil tríd an bpost nó ar ríomhphost.
Ní dheonófar Deimhniú Díolúine go dtí go mbeidh an Fhoirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe faighte ag an Údarás Áitiúil.
Beidh úinéirí in ann Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe a chur isteach sa chás go gcinneann tréidlia go bhfuil an madra mí-oiriúnach ó thaobh na sláinte de le haghaidh neodraithe.
Micrishliseadh Madraí
Is ceanglas dlíthiúil é in Éirinn go gcuirfí micrishlis i ngach madra agus go gclárófaí iad ar bhunachar sonraí faofa faoin am a bhfuil siad 12 sheachtain d'aois.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar mhicrishliseadh agus ar chlárú madraí, féach Item was unpublished or removedar fhreagrachtaí dlíthiúla úinéirí madraí.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil micrishlis ag an madra, iarr ar do thréidlia scanadh micrishlise a dhéanamh ar an madra.
Diúltaithe Deimhniú Díolúine a Eisiúint
Má dhiúltaítear d'iarratas ar Dheimhniú Díolúine ar chúis ar bith, cuirfidh an t-údarás áitiúil an t-úinéir ar an eolas i scríbhinn. Féadfaidh úinéirí den sórt sin iarratas a dhéanamh arís, agus aghaidh á tabhairt acu ar na cúiseanna ar diúltaíodh an deimhniú.
Má dhiúltaítear d'iarratais eile, agus mura bhfuil deimhniú díolúine i bhfeidhm roimh an 1 Feabhra 2025, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar úinéirí an madra a thabhairt ar lámh do Mhaor Madraí an Údaráis Áitiúil.
D'fhéadfadh an Maor Madraí agus an Garda Síochána araon a bheith ann nuair a bheadh madra le gabháil agus le coinneáil.
Sainmhíniú ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór
Is leagan é an Bulaí Ollmhór den chineál pórtha níos leithne an Bulaí Meiriceánach. De ghnáth bíonn an madra den mhianach Bulaí Ollmhór níos mó (ó thaobh airde agus cruth coirp de) agus níos matánaí ná cineálacha eile pórtha den Bhulaí Meiriceánacha amhail an 'Mionbhulaí', 'Bulaí póca', 'Gnáthbhulaí' agus 'Mórbhulaí’.
Ba chóir d'úinéirí Caighdeán an Chrutha Fhisiciúil a úsáid lena fháil amach an madra den mhianach Bulaí Ollmhór é an madra.
Tá sé de fhreagracht ar an úinéir a chinneadh an bhfuil cosc ar a madra.
Má cheapann úinéirí gur madra den mhianach Bulaí Ollmhór é an madra atá acu, ba cheart dóibh gach ceanglas nua a chomhlíonadh.
Tá tuilleadh eolais faoin sainmhíniú atá ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór sa doiciméad Ceisteanna Coitianta Teicniúla thíos.
Pionóis as na rialacháin a shárú
Beidh cion déanta ag aon úinéir a sháraíonn na rialacháin faoin Acht um Rialú Madraí 1986.
Is féidir an madra a ghabháil agus a mharú ar bhealach daonnúil agus beidh an t-úinéir faoi réir na bpionós a leagtar amach san Acht sin:
Fíneáil suas le €2,500, nó tréimhse príosúnachta suas le 3 mhí, nó an dá rud.
Úinéirí madraí den mhianach Bulaí Ollmhór atá ina gcónaí thar lear
Forálfar leis an rialachán d'iarratais ar Dheimhnithe Díolúine tar éis an 1 Feabhra 2025 i gcúinsí eisceachtúla agus ar bhonn cás ar chás.
Tá sé seo ann go sonrach d'aon úinéir ar mian leis teacht go hÉirinn tar éis tréimhse thar lear agus ní bheidh sé ach d'úinéirí ar féidir leo a chruthú go raibh úinéireacht ar an madra acu roimh an 1 Deireadh Fómhair 2024.
D'fhéadfadh an fhianaise seo a leanas a bheith i gceist ach gan bheith teoranta di; ceadúnas madraí, deimhniú díolúine nó sonraí micrishliseanna ó dhlínsí eile, taifead tréidliachta madraí, nó cruthúnas ceannaigh.
Ceisteanna Coitianta Teicniúla
Tá freagraí mionsonraithe ar cheisteanna coitianta le fáil sa doiciméad seo: