Feabhas a chur ar Sheirbhísí Poiblí i gCeantair Thuaithe
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Iúil 2021
Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Tá teacht a bheith ar sheirbhísí poiblí d'ardchaighdeán agus ar sheirbhísí eile riachtanach chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe agus i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath agus chun tacú le inbhuanaitheacht na bpobal tuaithe.
- Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go bhfuil teacht ag daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ar sheirbhísí d'ardchaighdeán a chuireann ar a gcumas leanúint de bheith ina gcónaí go hinbhuanaithe i bpobail tuaithe. Cuideoidh sé seo le daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe na hÉireann caighdeán maith saoil a choinneáil.
- Bainfear sin amach trí infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí iompair phoiblí, i gcúram sláinte i bpobail, i soláthar tithíochta, i saoráidí luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus i sábháilteacht pobail.