English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Glao an Phobail



Táimid go léir sa bhád céanna

Mar chuid d’fhreagairt an Rialtais do ghéarchéim COVID-19, tá Fóram

Ghlao an Phobail COVID-19 bunaithe ag d’údarás áitiúil (comhairle).

Oibríonn d’fhóram áitiúil le gníomhaireachtaí Stáit agus leis an bpobal

agus le grúpaí deonacha chun tacaíochtaí nó seirbhísí a sholáthar d’aon

duine leochaileach óna dteastaíonn siad.

Tugann d’fhóram eagraíochtaí éagsúla le chéile chun seirbhísí tábhachtacha a sholáthar, cosúil leo seo a leanas :

  • earraí bunriachtanacha a bhailiú agus a sheachadadh, ar nós bia, ‘béilí ar rothaí’, earraí tí, breosla nó cógais (ar aon dul leis an treoir)
  • tacaíocht má tá tú thíos le haonrú sóisialta nó má tá cocúnú á dhéanamh agat

Cocúnú

Tá cocúnú a dhéanamh ag roinnt daoine i bpobail áitiúla. Ciallaíonn seo

go bhfuil orthu fanacht sa bhaile agus teagmháil aghaidh ar aghaidh

a sheachaint. Is é seo an bealach is fearr chun scaipeadh an víris

COVID-19 a mhoilliú agus chun iad féin a chosaint.

Cé hiad na daoine a bhfuil cocúnú á dhéanamh acu?

  • Daoine 70 bliain d’aois nó níos sine.
  • Daoine i dteach cónaithe nó i gcúram fadtéarmach.
  • Daoine a bhfuil riochtaí sláinte tromchúiseacha orthu, ar nós: daoine a

ndearnadh trasphlandú orgán orthu, daoine atá ag tabhairt faoi chóireáil ailse,

daoine ar a bhfuil riochtaí troma riospráide nó galair arb annamh a dtagtar

orthu a mhéadaíonn an baol roimh ionfhabhtuithe.

  • Mná torracha a bhfuil galar trom croí orthu.

Eolas teagmhála


LÍNE CHABHRACH NÁISIÚNTA ALONE

Tá comhpháirtíocht á déanamh ag ALONE, an carthanas náisiúnta do dhaoine breacaosta,

le gach Fóram Ghlao an Phobail COVID-19. Má theastaíonn eolas nó dearbhú uait nó

mura dteastaíonn uait ach labhairt, is féidir leat glao orthu ar 0818 222 024. Is féidir leat

teagmháil a dhéanamh le ALONE freisin má tá tú thíos le deacrachtaí maidir leis an tsláinte

fhisiciúil agus an mheabhairshláinte, airgeadas, uaigneas agus dúshláin eile.


Seirbhís Cairdis faoin Scéim um Fholáireamh do Dhaoine Scothaosta

Tá tús curtha ag an Roinn le scéim cairdis nua dóibh sin atá sa Scéim um Fholáireamh do Dhaoine Scothaosta. Faoin tionscnamh seo, iarrfar ar an rannpháirtí an t-aláram atá acu a thástáil lena chinntiú go bhfuil sé fós ag obair. Glaofaidh soláthraithe monatóireachta nó grúpaí pobail áitiúla atá i mbun na seirbhíse faoin Scéim um Fholáireamh do Dhaoine Scothaosta ar ais ar an duine ansin. Iarrfar ar an duine ansin an mba mhaith leo seirbhís glao cairdis a fháil tríd ALONE. Tabharfar uimhir ALONE don rannpháirtí ansin, nó sin iarrfar ar an rannpháirtí cead a thabhairt lena gcuid sonraí teagmhála a thabhairt do ALONE chun go mbeidh sé/sí san áireamh sa tseirbhís cairdis chun glaonna rialta a fháil.

Mura bhfuil tú rannpháirteach sa Scéim um Fholáireamh do Dhaoine Scothaosta is féidir leas a bhaint as an tseirbhís cairdis trí glaoch a chuir ar ALONE ag 0818 222 024


Comhairle do dhaoine a bhfuil tacaíocht á tabhairt acu

Teagmháil a dhéanamh

  • Déan teagmháil leis an duine le do chuairt a dheimhniú
  • Glaoigh ar an duine nuair atá tú lasmuigh dá dteach
  • Ná déan dearmad ar shláinteachas lámh sula bhfágann tú d’fheithicil
  • Buail an clog nó cnag os ard ar an doras agus seas siar 2 mhéadar
  • Cuir an duine ar an eolas cé thú féin, an chúis go bhfuil an chuairt á tabhairt agus taispeáin d’aitheantas

A luaithe a thagann tú i láthair

  • Iarr ar an duine bogadh go seomra eile
  • Fág na hearraí taobh istigh den doras tosaigh
  • Más gá an teach a iontráil, lean na treoirlínte maidir le cocúnú faoi lámha a ní agus fad

fisiciúil a choimeád amach ó dhaoine

  • Nuair atá tú ag fágáil
  • Deimhnigh am agus dáta na chéad chuairte eile
  • Abair don duine go leanfar le teagmháil agus seachadtaí a dhéanamh fad a bhíonn siad sa bhaile
  • Déan sláinteachas lámh sula bhfilleann tú at an bhfeithicil
  • Deimhniú ar an nguthán nó ar ríomhphost gur tugadh an chuairt agus ar fholláine an duine

Cad a tharlaíonn má tá an duine breoite?

  • Má thugann an duine le fios go mbraitheann siad breoite, fiafraigh den duine an ndearna siad teagmháil le DG
  • Mura ndearna an duine teagmháil le DG, faigh ainm agus uimhir ghutháin an DG agus déan é sin thar a gceann
  • Mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an DG, cuir glao ar na seirbhísí éigeandála

Cad a tharlaíonn má tá an duine lag agus má theastaíonn cabhair uathu le seachadadh?

  • Aimsigh an áit a bhfuil an chistin agus tabhair na hearraí/an breosla isteach
  • Fág na hearraí ann agus cinntigh go bhfuil an duine ábalta teacht orthu
  • Fág an teach agus seas siar 2 mhéadar
  • Abair don duine go leanfar le teagmháil agus seachadtaí a dhéanamh fad a bhíonn siad sa bhaile
  • Cad a tharlaíonn mura n-osclaíonn siad an doras?
  • Mura n-osclaíonn siad an doras, glaoigh ar an uimhir ghutháin teagmhála
  • Mura n-osclaíonn siad an doras, dean teagmháil leis an Údarás Áitiúil chun aon uimhreacha teagmhála breise a fháil
  • Mura n-éiríonn leat teagmháil a dhéanamh leis an duine i ndiaidh roinnt iarrachtaí a dhéanamh, glaoigh ar na seirbhísí éigeandála chun cúnamh breise a fháil
  • Fan ag an teach go dtí go dtagann na seirbhísí éigeandála i láthair
  • Déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil agus cuir an toradh in iúl dóibh agus cuir nuashonrú ar an duine ar fáil dóibh

Comhairle do dhaoine a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu

RUDAÍ BA CHEART A DHÉANAMH

  • Cuimhnigh nach gá duit ach glao gutháin a chur chun bhfuil cabhair agus comhairle a fháil.
  • Bíodh na huimhreacha teagmhála do sheirbhísí ríthábhachtacha ar eolas agat agus coimeád na huimhreacha seo in áit áisiúil.
  • Déan teagmháil rialta le comharsana.
  • Iarr ar dhuine nach bhfuil aithne agat orthu a thugann cuairt ar do theach chun aitheantas a thaispeáint. Má bhíonn amhras ort, glaoigh ar an eagraíocht a maíonn siad go bhfuil siad ag oibriú leo chun an scéal a fhiosrú.
  • Cuimhnigh chun scaradh fisiciúil a dhéanamh agus fanacht 2 mhéadar amach ó dhaoine eile.
  • Lean na treoirlínte maidir le níochán lámh, sraothartach agus casacht isteach i d’uillinn nó I gciarsúr.

RUDAÍ NÁR CHEART A DHÉANAMH

  • Ná hoscail an doras má tá duine ann nach bhfuil aithne agat orthu mura mbraitheann tú

compordach chun é sin a dhéanamh.

  • Ná croith lámha le duine ar bith a thugann cuairt ar do theach.
  • Ná tabhair cead isteach i do theach do dhuine mura bhfuil aithne agat orthu nó mura bhfuil

géarghá leis.

  • Ná tabhair AON sonraí pearsanta, do shonraí bainc nó do shonraí cárta creidmheasa/dochair

san áireamh do dhuine ar bith nach bhfuil iontaoibh agat astu – cé acu i bpearsan nó ar an

nguthán.

  • Ná déan teagmháil phearsanta le daoine eile leochaileacha i do phobal má bhíonn aon

chomharthai breoiteachta ort.

  • Ná bí buartha faoi eolas bréagach ar na meáin shóisialta - ná glac ach le comhairle ó

Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.


Ioslódáil an bileog anseo

Glao an Phobail - Comhairle agus Eolas teagmhála do do Chontae

Chun teacht ar eolas nuashonraithe fíriciúil faoi COVID-19, tabhair cuairt ar: www.hse.ie