Mo Leabharlann Áitiúil
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Na Leabharlanna Poiblí
- Leabharlanna Éireann
- Mo Leabharlann Oscailte
- Cúrsaí r-fhoghlama
- An Láithreán Gréasáin Ask About Ireland
- An Ceart Chun Léitheoireachta
- Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil
- Acmhainní Ar Líne
- Catalóga Ar Líne na Leabharlann
- Cartlann
Réamhrá
Tugtar breis is 17 milliún cuairt ar an leabharlann gach bliain.
Mar lárionaid eolais, faisnéise agus cultúir, tá ról tábhachtach ag leabharlanna sa phobal.
Is seirbhís áitiúil í an leabharlann phoiblí a bhfuil teacht uirthi go náisiúnta.
Is féidir le baill úsáid a bhaint as gach seirbhís leabharlainne in aon leabharlann sa tír.
Cuireann leabharlanna poiblí réimse leathan acmhainní agus gníomhaíochtaí ar fáil freisin a chuireann ar chumas scoileanna cúnamh a thabhairt do leanaí a gcuid scileanna litearthachta, uimhearthachta, cruthaitheachta agus cumarsáide a fhorbairt.
Na Leabharlanna Poiblí
Oibríonn na Leabharlanna Poiblí ar aon chóras bainistíochta amháin i gcomhar.
Is féidir le duine ar bith ag a bhfuil cárta leabharlainne poiblí míreanna a fháil ar iasacht nó a chur in áirithe as aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na hÉireann. Níl aon táille i gceist le ballraíocht agus tá 30 údarás leabharlannaíochta na hÉireann páirteach sa tseirbhís.
Cá bhfuil Mo Leabharlann Áitiúil?
Sa leabharlann, beidh teacht agat ar:
- leabhair as leabharlann ar bith ar fud na tíre
- closleabhair agus dioscaí DVD
- saoráidí tacaíochta maidir le litearthacht
- nuachtáin agus irisí ar líne
- 400 cúrsa rFhoghlama agus 80 cúrsa teanga ar líne
- saoráidí do ghnólachtaí beaga
- saoráidí do chruinnithe pobail
- saoráidí cúnta ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine faoin gclár Éire Shláintiúil.
Má tharlaíonn nach bhfuil acmhainn áirithe ar fáil i do leabharlann áitiúil ach é ar fáil i gceann eile, is féidir leat an t-ábhar a iarraidh tríd an tseirbhís iasachta idir leabharlanna.
Is féidir Catalóg iomlán na Leabharlann a chuardach ar líne ag tairseach Leabharlanna Éireann.
Leabharlanna Éireann
Tá córas bainistíochta i gcomhar do leabharlanna i gceist le Leabharlanna Éireann.
Is féidir le duine ar bith ag a bhfuil cárta leabharlainne poiblí míreanna a fháil ar iasascht nó a chur in áirithe as aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na hÉireann. Níl aon táille i gceist le ballraíocht agus tá 30 údarás leabharlannaíochta na hÉireann páirteach sa tseirbhís.
Cá bhfuil Mo Leabharlann Áitiúil?
Sa leabharlann, beidh teacht agat ar:
- leabhair as leabharlann ar bith ar fud na tíre
- closleabhair agus dioscaí DVD
- saoráidí tacaíochta maidir le litearthacht
- nuachtáin agus irisí ar líne
- 400 cúrsa rFhoghlama agus 80 cúrsa teanga ar líne
- saoráidí cúnta do dhaoine atá ag lorg fostaíochta
- saoráidí do ghnólachtaí beaga
- saoráidí do chruinnithe pobail
- áiseanna cúnta ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine faoin gclár Éire Shláintiúil.
Má tharlaíonn nach bhfuil acmhainn áirithe ar fáil i do leabharlann áitiúil ach é ar fáil i gceann eile, is féidir leat an t-ábhar a iarraidh tríd an tseirbhís iasachta idir leabharlanna.
Is féidir Catalóg iomlán na Leabharlann a chuardach ar líne ag tairseach Leabharlanna Éireann.
Mo Leabharlann Oscailte
Is tionscnamh é Mo Leabharlann Oscailte atá dírithe ar an gcustaiméir agus ar úsáid á bhaint as teicneolaíocht de chineál nua.
Seirbhís saor in aisce atá i Mo Leabharlann Oscailte. Tá an tseirbhís ar fáil i 37 leabharlann ar fud na tíre faoi láthair.
Le seirbhís Mo Leabharlainne Oscailte, bíonn uaireanta oscailte breise ar fáil chomh maith leis na gnáthuaireanta foirne. Tugann an tseirbhís deis níos fearr don phobal leas a bhaint as an leabharlann.
Is féidir le baill de Mo Leabharlann Oscailte leas a bhaint as an leabharlann ón 8 r.n. - 10 i.n., gach uile lá den bhliain.
Is féidir le leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois an tseirbhís a úsáid má bhíonn siad i gcuideachta bhall fásta cláraithe de Mo Leabharlann Oscailte.
Is féidir le hógánaigh idir 16-18 bliana d'aois an tseirbhís a úsáid ach toiliú i scríbhinn a bheith acu ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir.
Cúrsaí r-fhoghlama
Tá níos mó ná 400 cúrsa ar fáil i leabharlanna poiblí. Baineann na cúrsaí le réimsí éagsúla, mar shampla cuntasaíocht, stair, scileanna oifige agus eile.
Is féidir leas a bhaint as an tseirbhís trí láithreán gréasáin do leabharlainne áitiúla nó trí thairseach náisiúnta Leabharlanna Éireann.
An Láithreán Gréasáin Ask About Ireland
Bíonn ábhar maidir le stair an chontae agus stair na dúiche á bhailiú ag na leabharlanna poiblí go léir. Tá réimse mór ábhair ar fáil, e.g.:
- stair paróistí agus stair contaetha
- mapaí
- grianghraif
- nuachtáin
- seantaifid.
Is maith an acmhainn ar líne maidir leis an stair áitiúil an láithreán gréasáin Ask About Ireland. An Chomhairle Leabharlann a thug an acmhainn chun cinn agus cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail cistíocht ar fáil lena aghaidh.
Tugtar deis saor in aisce ar an láithreán gréasáin leas a bhaint as bailiúchán cuimsitheach d'acmhainní foghlama agus teagaisc don bhunscoil agus do scoileanna dara leibhéal, ina measc:
• ábhar digitithe ó na leabharlanna poiblí, mar shampla Luacháil Uí Ghríofa (luach stairiúil talún idir na blianta 1848-1864)
• scannáin uathúla stairiúla
• ábhar atá as cló
• leabhair dhigiteacha.
An Ceart Chun Léitheoireachta
Is clár náisiúnta an Ceart Chun Léitheoireachta a bhfuil de chuspóir leis litearthacht agus forbairt na léitheoireachta a chur chun cinn. Tá cead ag gach Éireannach, beag beann ar aois ná cúlra, leas a bhaint as an gclár.
An Leabharlann Phoiblí a chuireann an clár i gcrích le réimse faoi leith seirbhísí agus acmhainní.
Tagann ceithre cinn de chláracha náisiúnta faoina scáth faoi láthair.
Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil
Is gné amháin den straitéis náisiúnta Éire Shláintiúil ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine in Éirinn an clár Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil. Cuirtear an clár ar fáil ar fud 30 údarás leabharlannaíochta na hÉireann.
Tá bailiúchán leabhar (leabhair, rLeabhair agus rChlosleabhair) agus imeachtaí éagsúla ag baint le Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil agus déanann Comhordaitheoir Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil i ngach seirbhís leabharlannaíochta comhordú ar chlár imeachtaí Éire Shláintiúil saor in aisce i rith na bliana.
Tá foinse eolais faoi chúrsaí sláinte atá leanúnach iontaofa ar fáil ar fud 330 brainse leabharlainne na hÉireann mar gheall ar Éire Shláintiúil i Do Leabharlann Áitiúil.
Déanann saineolaithe sláinte míreanna an bhailiúcháin a bhreithniú agus is de réir threoirlínte na Roinne Sláinte a tharlaíonn réimsí ábhair agus aoichainteoirí a roghnú.
Táthar ag cur leis an úsáid as an gclár ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2017. Ó mhí Iúil 2020 go mí Meán Fómhair 2021, glacadh mír as an mbailiúchán ar iasacht 136,351 uair.
Tá plé le beagnach ocht n-oiread líon na gceisteanna faoin tráth seo a bhí i mbliain tosaigh an chláir, 2017. Tá ardú freisin ar líon na ndaoine a thagann i láthair ag imeachtaí le 72,596 duine ó mhí Iúil 2020 go mí Meán Fómhair 2021.
Tuilleadh eolais faoi Éire na Sláinte i Do Leabharlann Áitiúil
Acmhainní Ar Líne
Lexis Nexis Foinse nuachta, faisnéise agus sonraí faoi chuideachtaí ar fud an domhain trína gcuirtear ar fáil freisin teacht ar fhoilseacháin náisiúnta agus áitiúla as Éirinn agus go hidirnáisiúnta, nuachtáin, irisí agus tréimhseacháin san áireamh.
Vision-net.ie Foinse ar líne is féidir a chuardach maidir le heolas faoi chuideachtaí agus le hainmneacha gnólachta i ndáil le gnólachta uile na hÉireann.
Tá ríomhairí ar fáil i ngach leabharlann phoiblí ag ar féidir le daoine den phobal ceangal a dhéanamh leis an idirlíon. Is féidir seisiún a chur in áirithe ach sin a shocrú leis an mbrainse áitiúil den leabharlann. Cuirtear seisiúin tionscnaimh faoi úsáid ríomhairí ar fáil d’úsáideoirí nua i gcuid mhór de na leabharlanna.
Bíonn teacht ar líne ar an aon ardán amháin ag gach duine a úsáideann leabharlann phoiblí ar acmhainní éagsúla ar líne, mar shampla: :
- r-leabhair
- r-chlosleabhair
- r-irisí/r-thréimhseacháin
- áiseanna teanga ar líne
- cúrsaí r-fhoghlama
- nuachtáin ar líne
Is féidir leas a bhaint as áiseanna teanga ar líne go díreach ón láithreán gréasáin atá ag an tseirbhís leabharlannaíochta áitiúil.
Catalóga Ar Líne na Leabharlann
D'fhonn catalóg a cheadú, ní mór duit na huimhreacha seo a chur ar fáil:
- d'uimhir ballraíochta maidir leis an leabharlann
- d'uimhir aitheantais phearsanta (UAP) maidir leis an leabharlann
Is féidir catalóg na leabharlann éagsúil faoi seach a chuardach ar líne agus úsáid a bhaint as údar, teideal nó eochairfhocal.
Is féidir freisin:
- athnuachan a dhéanamh ar iasacht (síneadh ama)
- seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis i do leith mar iasachtóir, mar shampla ábhar atá ar iasacht agat nó ábhar atá curtha in áirithe agat ar líne.
Cartlann
Leagtar de chúram faoin reachtaíocht ar an údarás áitiúil soláthar a dhéanamh don bhainistíocht chuí ar thaifid áitiúil agus ar ábhar cartlainne áitiúil, do chumhdach, do chúram agus do chaomhnú mar is ceart ar an ábhar sin.
Cuidíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail leis na húdaráis áitiúla cartlannaí dea-oilte a fhostú agus áitreabh a thógáil ar cíos ar mhaithe leis an bpróiseáil ar ábhar cartlainne.