English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na freagrachtaí dlíthiúla atá orm mar úinéir madra

Má choinníonn tú madra, ní mór duit na riachtanais seo a chomhlíonadh

An tAcht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013:

  • ní mór duit cúram cuí a chur ar fáil don mhadra

Na Rialacháin maidir le Micrishlis a chur i Madraí, 2015:

  • cinntigh go bhfuil micrishlis i do mhadra agus í cláraithe ar bhunachar sonraí faofa
  • bíodh Deimhniú Clárúcháin bailí agat ón oibreoir bunachar sonraí
  • cinntigh go gcoimeádann tú sonraí úinéara agus madraí cothrom le dáta ar an mbunachar sonraí

An tAcht um Rialú Madraí 1986:

  • cinntigh go bhfuil ceadúnas madra bliantúil nó saoil agat
  • ní mór coiléar nó úim a bheith agat ar do mhadra agus do shonraí teagmhála ceangailte leis
  • coinnigh do mhadra faoi smacht éifeachtúil

Na Rialacháin um Rialú Madraí, 1998:

Tá feidhm ag rialuithe breise maidir leis na pórtha agus an cineál madra seo a leanas (nó tréithchineál nó crosantacha nó cineálacha na madraí seo):

  • Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
  • Tarbhmhaistín
  • Pinséir Dobermann
  • Tarbh-bhrocaire Sasanach
  • Alsáiseach
  • Aicíte Sheapánach
  • Tósa Seapánach
  • Dronnach Róidéiseach
  • Rótvaidhléir
  • Tarbh-bhrocaire Staffordshire
  • Madra de chineál ar a dtugtar Iallmhadra

Nuair in áit phoiblí, ní mór do bhéalóg a bheith air na madraí seo agus a iad coinnithe ar shlabhra nó iall láidir (ar fhad 2 mhéadar ar a mhéad) ag duine os cionn 16 bliana d’aois atá in ann an madra a rialú.

An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997:

  • Ní mór duit cac madra a phiocadh suas agus a chur sa bhosca bruscair nuair in áiteanna poiblí.
  • ní bhaineann an ceanglas seo le madraí treorach
  • cuimhnigh: Aon mhála, aon bhosca bruscair!

Cé leis a rachaidh tú i dteagmháil má chreideann tú go bhfuil cruálacht ar ainmhithe ag tarlú

Ba cheart cásanna amhrasta de chruálacht madraí nó d’ábhair imní maidir le leas ainmhithe a thuairisciú do na daoine seo a leanas: