English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Cur Chun Feidhme an Athbhreithnithe ar Chumas Eagraíochtúil na Roinne 2021-2023

Cuireadh tús le hAthbhreithniú ar Chumas Eagraíochtúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail i mí na Nollag 2019 faoi Ghníomh 20 de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse. Is é seo an séú hathbhreithniú ar an gclár agus thug foireann ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi le tacaíocht agus le cuidiú ó oifigeach idirchaidrimh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. I gcomhréir leis na hathbhreithnithe a rinneadh roimhe seo, leanadh formáid shocraithe chun cumas na Roinne a scrúdú faoi cheithre scagaire uileghabhálacha - Ceannaireacht; Beartais agus Straitéisí; Seachadadh; agus Cumas Eagraíochtúil. Cuireadh an tuarascáil deiridh ar aghaidh i mí an Mheithimh 2020.

Is ionann Plean Cur Chun Feidhme an Athbhreithnithe ar Chumas Eagraíochtúil na Roinne agus freagra na Roinne i leith an Athbhreithnithe. Léirítear sa phlean tiomantas na Roinne chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí agus chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Cuimsítear sa phlean meascán leathan de bhearta bunathraithe beaga agus móra d'fhonn seachadadh chlár oibre uaillmhianach bheartais na Roinne a éascú agus tacú leis mar eiseamláir d'fhorbairt tuaithe agus pobail.

Cuirfear an Plean Cur Chun Feidhme i bhfeidhm thar thréimhse trí bliana ó 2021 go dtí 2023.

Athbhreithniú ar Chumas Eagraíochta – Plean Forfheidhmithe
Amharc amharc