Foilsiú
Rannpháirtíocht, Ceannaireacht agus Teacht Aniar Phobail Tuaithe a Fheabhsú
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Is ar phobail a mhaireann ceantair thuaithe na hÉireann agus tá ról lárnach acu san fhreagra ar phaindéim COVID-19.
- Féachtar leis an mbeartas seo pobail tuaithe níos inbhuanaithe agus níos comhtháite a chruthú ina mbeidh gach duine ábalta páirt a ghlacadh i bhforbairt a bpobail féin agus ina mbeidh siad ábalta leas a bhaint as an téarnamh náisiúnta comhroinnte.
- Bainfear sin amach trí infheistíocht a dhéanamh i bpobail chun folláine shóisialta, cultúir, eacnamaíochta agus timpeallachta chomh maith le caighdeán saoil na bpobal sin a fheabhsú.