Seirbhísí iompair fóirdheonaithe
- Foilsithe: 30 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025

Tugann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta fóirdheontas do sheirbhísí iompair atá riachtanach do na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu. Faigheann seirbhísí iompair chuig 19 n-oileán fóirdheontas ón Roinn faoi chomhaontuithe éagsúla a chumhdaíonn seirbhísí farantóireachta paisinéirí (lena n-áirítear iompar ar bhóthar i gcásanna áirithe), seirbhísí farantóireachta lastais agus seirbhísí iompair aeir. Tá na hoileáin seo i gContaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.