English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Stuaim maidir le hObair Dheonach



Cúnamh a thabhairt

Ba cheart go mbeadh sábháilteacht ar an ní is tábhachtaí ar fad agat. Bí cinnte go bhfuil bearta slánchosanta ar bun agat a choinneoidh slán thú i mbun na hoibre nua. Cloígh leis na treoirlínte ar láithreán gréasáin FSS agus, má bhíonn amhras maidir le ní ar bith, cuir ceist ag an ionad saorálaíochta áitiúil.

Bearta simplí maidir le stuaim agus staidéar i mbun obair dheonach a dhéanamh:

  • Ná tairg obair dheonach a dhéanamh mura bhfuil tú sách folláin chuige
  • Ná tairg obair dheonach a dhéanamh má bhí tú taobh amuigh d'Éirinn am ar bith le 14 lá anuas. Déantar i gcónaí de réir na comhairle ó FSS maidir le lámha a ní, sraoth/casacht agus fanacht amach ó dhaoine eile
  • Ná tar chuig an doras ag duine leochaileach gan coinne leat. D'fhéadfá nóta ar a bhfuil d'ainm agus d'uimhir teileafóin a chur sa bhosca litreach ionas gur féidir glaoch ort.

Sa chás go n-iarrtar cúnamh ort, déan mar seo a leanas ionas gur lú an caidreamh a tharlaíonn:

  • Ná téigh isteach in áras cónaithe mura bhfuil géarghá leis
  • Is féidir ábhar siopadóireachta/cógas leighis etc. a fhágáil ag an doras agus glao teileafóin a dhéanamh ag rá go bhfuil sé ansin
  • Bí airdeallach i gcónaí maidir le dealú ó chéile, coinnítear achar dhá mhéadar idir tú féin agus daoine eile i gcónaí.

Sa chás go bhfuil obair dheonach á déanamh agat do dhuine leochaileach agus riocht eile sláinte i gceist, bíodh aird agat ar an dóigh go mbeadh an córas imdhíonach lagtha sa chaoi is gur deacra don duine sin cur in aghaidh ionfhabhtú.

Bíodh aird ar an bpríomhchomhairle ó FSS:

  • Nitear na lámha go rímhaith agus a mhinice is féidir
  • Tugtar glanadh agus díghalrú ar nithe agus ar dhromchlaí a dteagmhaítear leo go minic
  • Coinnítear amach óna chéile agus déantar comhordú le daoine eile ionas nach dtarlaíonn cuairteanna rómhinic
  • Déantar athsholáthar ar chógais leighis de réir an oidis agus cinntítear go mbíonn ábhar cógaisíochta ar a mbíonn teacht trasna an chuntair agus soláthairtí eile san áras, e.g. ciarsúir agus teirmiméadar.

Cúnamh a fháil

Ba cheart go mbeadh sábháilteacht ar an ní is tábhachtaí ar fad agat. Má tá gá agat le cúnamh, téigh i gcomhairle le foinse iontaofa cabhrach nó le comharsa a bhfuil muinín agat as/aisti.

Bí aireach:

  • Ná hoscail an doras do dhuine nach n-aithníonn tú
  • Ná croith láimh le haon duine
  • Ná lig duine isteach i d'áras mura bhfuil géarghá leis
  • Ná tabhair sonraí bainc do dhuine nach bhfuil aithne agat air/uirthi agus nach bhfuil lánmhuinín agat as/aisti
  • Iarr i gcónaí ar ionadaí eagraíochta a thagann chuig an doras agat cárta aitheantais a thaispeáint agus cuir glaoch ar an eagraíocht chun an scéal a dheimhniú má tá in amhras faoin gcás

Sa chás go dtairgtear cúnamh duit agus nach bhfuil tú ar do shuaimhneas ina leith, glaoigh ar an nGarda Síochána ar 999/122 nó ar líne cabhrach aitheanta má tá cúnamh taca de dhíth ort, mar shampla Alone ar 0818 222 024Seniorline ar 1800 80 45 91.

Sa chás gur duine leochaileach tú a bhfuil riocht eile sláinte ag dul dhuit agus cúnamh á thabhairt duit, bíodh aird agat ar an bpríomhchomhairle ó FSS:

  • Nitear na lámha go rímhaith agus a mhinice is féidir
  • Tugtar glanadh agus díghalrú ar nithe agus ar dhromchlaí a dteagmhaítear leo go minic
  • Déantar athsholáthar ar chógais leighis de réir an oidis agus cinntítear go mbíonn ábhar cógaisíochta ar a mbíonn teacht trasna an chuntair orthu ar fáil
  • Ná ceadaítear níos mó ná beirt chuairteoirí sa turas.

Tá an tEolas is Deireanaí le fáil ar:


Ioslódáil an bileog anseo

Stuaim maidir le hObair Dheonach
Amharc amharc