English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Béim ar Mhaoiniú: Caifé teanga comharthaíochta ag Baile Bodhar Éireann

Féach ar an bhfíseán thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar an tionchar dearfach atá ag an gCaifé do na Bodhair sa phobal áitiúil.

Tacaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le go leor scéimeanna infheistíochta a bhíonn chun tairbhe pobail ar fud na tíre.

Tá an Ciste Infheistíochta um Ionaid Pobail ar cheann díobh sin, ciste trínar leithdháileadh breis is €65 milliún ar thionscadail ionaid pobail ar fud na tíre ó 2022.

Beidh an chéad chaifé Teanga Chomharthaíochta na hÉireann in Éirinn riamh ar cheann de na tionscadail a bhainfidh leas as an gciste seo.

Suite i mBaile Bodhar Éireann ar an gCabrach, Baile Átha Cliath, cuireann an tsaoráid spás nua-aimseartha ar fáil don Phobal Bodhar chun teacht le chéile.

Tá an-tóir ag an bpobal áitiúil air agus is mol sóisialta bríomhar ionchuimsitheach é a chruthaíonn fostaíocht agus a thugann deis do dhaoine Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a úsáid.

“Tá sé go maith don pobal bodhar agus do dhaoine a bhfuil éisteacht acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile,” a mhínigh bainisteoir Bhaile Bodhar Éireann, Sylvia Nolan.

“Is léir gur áit ionchuimsitheach é seo, áit a gcuirtear fáilte roimh chách.”

Tuilleadh eolais ar an gCiste Infheistíochta um Ionaid Pobail.