Bailte Slachtmhara SuperValu - Moltóirí faoi Oiliúint
- Foilsithe: 11 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte roimh iarratais ar phost mar Moltóirí faoi Oiliúint ar an bPainéal Náisiúnta Moltóirí do Chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu.
Ba cheart go léireodh iarratasóirí oiriúnacha saineolas nó taithí faoi cheann amháin ar a laghad de na ceannteidil seo a leanas:
- Rannpháirtíocht an Phobail
- Sráid-dreach & Áiteanna Poiblí
- Spásanna Glasa & Tírdhreachú
- An Bhithéagsúlacht
- Inbhuanaitheacht agus Gníomhú ar son na hAeráide
- Timpeallacht Thógtha
- Athbheochan Lár an Bhaile
Ba chóir go mbeadh sárscileanna scríofa tuairisce, scileanna TF (m.sh. Microsoft Word ) ag iarratasóirí agus a bheith ar fáil le haghaidh taistil in Éirinn.
Tá poist ar fáil d’iarratasóirí atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Féadfar painéal iarratasóirí rathúla a bhunú ónar féidir folúntais amach anseo a líonadh.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur poist pháirtaimseartha iad seo agus cuirfear oiliúint ar fáil.
Seol litir chlúdaigh agus CV chuig tidytowns@drcd.gov.ie roimh 28ú Eanáir 2024.
Déanfar an roghnú trí ghearrliosta agus/nó trí agallamh iomaíoch i mí Feabhra 2024.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le Foireann na mBailte Slachtmhara, an tAonad Athghiniúna Tuaithe, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail:
- uimhir ghutháin 01-7736912/7736938
- seol ríomhphost chuig tidytowns@drcd.gov.ie