English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

CLÁR 2024: Maoiniú le haghaidh saoráidí pobail agus spóirt agus saoráidí ar oileáin

Tá bearta sonracha ann freisin dírithe ar chórais iompair le haghaidh cúram ailse, ar chéad fhreagróirí pobail, ar sheirbhísí béilí ar rothaí agus ar oileáin amach ón gcósta.

Tá beagnach €9 milliún de mhaoiniú nua curtha ar fáil do shaoráidí pobail agus do shaoráidí spóirt ar fud na tíre faoin gclár CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) 2024.

Cuireann an clár CLÁRmaoiniú ar fáil do thionscadail ar scála beag i gceantair thuaithe a bhfuil an daonra tite go mór iontu.

Tá an clár roinnte ina thrí bheart, agus clúdaíonn siad na tionscnaimh éagsúla a fhaigheann tacaíocht faoin scéim.

Faoi Bheart 1 de thionscnaimh 2024, tá deontais ó €5,000 go €50,000 á gcur ar fáil chun cabhrú leis an bhforbairt ar shaoráidí pobail agus spóirt, clubanna óige, clóis súgartha, gairdíní céadfacha, rianta siúil agus go leor saoráidí eile.

Tacaíonn Beart 2 le grúpaí deonacha a chuireann córas iompair saor in aisce ar fáil do dhaoine atá ag fáil cúram ailse agus cóireáil eile, chomh maith le heagraíochtaí Tacaíochta Céadfhreagartha Pobail agus Eagraíochtaí Cuardaigh agus Tarrthála. I mbliana tá eagraíochtaí a chuireann seirbhís béilí ar rothaí ar fáil i dteideal iarratas a dhéanamh.

Faoin mbeart is féidir suas le €50,000a fháil i ndeontais do charr agus €100,000 do bhus.

Beart 3 deartha chun tacú le pobail ar oileáin amach ón gcósta, agus tá suas le €120,000 ar fáil do thionscadail iompair pobail agus suas le €50,000 le haghaidh tionscadail a bhaineann le háiseanna.

Beart Cuspóir Dáta dlite an iarratais Áit le hiarratas a dhéanamh Ráta cúnaimh
Beart 1 Saoráidí agus Taitneamhachtaí Pobail 19 Meitheamh 2024 Údarás áitiúil €5,000 - €50,000
Beart 2 Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Céadfhreagróirí Pobail agus seirbhísí Iompair do Bhéilí ar Rothaí 05 Meitheamh 2024 An Roinn Uasmhéid €100,000
Beart 3 'Oileáin na Tíre' 19 Meitheamh 2024 An Roinn Uasmhéid €120,000

Is iad na hÚdaráis Áitiúla a riarann Beart 1 i gcomhairle leis na pobail áitiúla agus ní ghlacfar ach le hiarratais a thagann go díreach ó Údarás Áitiúil.

Tá Beart 2 agus Beart 3 á riar go díreach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus táthar ag glacadh le hiarratais trí ríomhphost ag CLAR@drcd.gov.ie

Is codanna de na contaetha seo a leanas iad na ceantair a ndírítear orthu faoi Chlár CLÁR: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge, An Iarmhí, Cill Mhantáin agus Contae Liatroma ar fad.

Tá léarscáil náisiúnta de cheantair CLÁR, mar aon le léarscáileanna de na contaetha aonair, ar fáil anseo.

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, déan teagmháil le CLAR@drcd.gov.ie