English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Ár nOileáin Bheo


Tá ár gcuid oileán amach ón gcósta agus a gcuid pobal ina ndlúthchuid den tuath in Éirinn. Tá siad ina ndlúthchuid d’oidhreacht an Stáit agus tá tábhacht faoi leith acu i gcultúr na hÉireann.

Tá thart ar 30 oileán amach ó chósta na hÉireann atá scoite go laethúil ag an taoide, nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead ná cabhsa, a bhfuil daonra buan acu feadh na bliana agus nach bhfuil faoi úinéireacht phríobháideach.

Tá seirbhísí maithe iompair agus bonneagar forbartha ina réamhriachtanais thábhachtacha chun daonraí oileáin a choinneáil. Is í aidhm na Roinne féachaint chun freastal ar na riachtanais seo trí infheistíocht reatha agus chaipitil ón Roinn féin agus trí Ranna agus eagraíochta ábhartha eile.

Is polasaí náisiúnta 10 mbliana do na hoileáin seo amach ón gcósta é Ár nOileán Bheo, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2023.

Is í aidhm an pholasaí seo a chinntiú gur féidir le pobail inbhuanaithe, bheoga leanúint orthu ag caitheamh a saoil - agus iad faoi bhláth - ar na hoileáin amach ón gcósta ar feadh na mblianta fada. Gné a bhaineann leis an aidhm sin é ár mian gur féidir le cuairteoirí ar na hoileáin leanúint orthu ag fáil taithí ar agus ag baint taitnimh as saibhreas uathúil cultúrtha, oidhreachta agus timpeallachta na n-oileán.

Forbraíodh an polasaí uile-Rialtais seo trí phróiseas fairsing comhchomhairle le pobail na n-oileán agus páirtithe leasmhara eile.

Tá an polasaí bunaithe ar chúig Cuspóir Straitéiseach ardleibhéil a d’aithin na hoileánaigh féin mar chuspóirí atá ríthábhachtach le haghaidh thodhchaí inbhuanaithe a bpobal:

1. Leibhéil daonra ar na hoileáin a athbheochan

2. Geilleagar na nOileán a éagsúlú

3. Seirbhísí sláinte agus folláine a fheabhsú

4. Pobail na nOileán a chumasú

5. Todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú

Mar aon leis an bpolasaí seo, tá Plean Gníomhaíochta don tréimhse 2023-2026 ina bhfuil 80 gníomh nua faoi cheangal ama a aontaíodh agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag geallsealbhóirí éagsúla, faoi cheannas Ranna Rialtais nó Forais Stáit ainmnithe.

I measc gníomhaíochtaí sonracha sa Phlean:

  • Tacaíocht bhreise deontais a chur ar fáil faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh (Croí Cónaithe) chun úsáid na maoine atá ann cheana a spreagadh chun cóiríocht chónaithe fhadtéarmach a sholáthar, a aithníodh mar shaincheist le linn phróiseas fairsing comhchomhairle le pobail na n-oileán.
  • Leathanbhanda ardluais a sheachadadh chuig pointí nasctha leathanbhanda, moil dhigiteacha agus scoileanna ar oileáin faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL), agus borradh a chur faoi chianoibriú ó na hoileáin agus rochtain níos fearr a fháil ar chúrsaí oideachais agus oiliúna.
  • Moil ríomhshláinte a phíolótú ar na hoileáin agus úsáid a bhaint as pointí nasctha leathanbhanda/moil chianoibre chun rochtain ar choinní sláinte ar líne a fheabhsú.
  • Cinntiú go gcloistear glór phobail na n-oileán trí fhóram a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do chomhphlé leanúnach idir pobail na n-oileáin, Údaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha.

Doiciméid polasaí agus plean gníomhaíochta

Ár nOileáin Bheo – Polasaí Náisiúnta na nOileán 2023-2033
Amharc amharc
Ár nOileáin Bheo – Plean Gníomhaíochta 2023-2026
Amharc amharc

Coiste Monatóireachta

Coiste Monatóireachta Téarmaí Tagartha
Amharc amharc
Coiste Monatóireachta Liosta de na Baill
Amharc amharc
Miontuairiscí ó chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an 7 Nollaig
Amharc amharc
Miontuairiscí ó chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an 6 Márta
Amharc amharc
Miontuairiscí ó chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an 23 Bealtaine 2024
Amharc amharc
Miontuairiscí ó chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an 10 Deireadh Fómhair 2024
Amharc amharc

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Ár nOileáin Bheo - Plean Gníomhaíochta Tuarascáil ar dhul chun cinn - R3 2023 - R2 2024
Amharc amharc