English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe



Réamhrá

Príomhscéim infheistíochta caipitil é an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) a thacaíonn go díreach le cuspóirí Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann agus an bheartais Lár Bailte ar dTús.

Tacaíonn an RRDF le tionscadail faoinar féidir bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan ar aon dul leis an mBeartas Lár Bailte ar dTús trí athghiniúint phleanáilte agus inbhuanaithe a spreagfaidh níos mó gníomhaíocht gheilleagrach agus a mheallfaidh tuilleadh custaiméirí, a rachaidh i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe agus a chinnteoidh go mbainfear úsáid arís as foirgnimh oidhreachta agus eile atá ann faoi láthair agus a sholáthróidh na háiseanna agus an bonneagar riachtanach i lonnaíochtaí, a chabhróidh daoine a mhealladh chun bheith ag cónaí, ag obair agus ag infheistiú i gceantair thuaithe.

Lorgaítear iarratais ar an gCiste faoi dhá chatagóir – Catagóir 1 agus Catagóir 2. Baineann Catagóir 1 le tionscadail chaipitil uaillmhianacha ar mhórscála a bhfuil an phleanáil agus an toiliú riachtanach go léir i bhfeidhm ina leith agus a bhfuiltear réidh bogadh chun cinn leo. Cuirtear maoiniú deontais níos lú ar fáil i gCatagóir 2 chun gur féidir tograí tionscadail a fhorbairt atá oiriúnach do ghlaonna amach anseo d’iarratais faoi Chatagóir 1.

Dírítear an RRDF ar lonnaíochtaí agus ar cheantair thuaithe ina bhfuil níos lú ná 10,000 duine atá suite lasmuigh de na cúig limistéar uirbeacha cathrach (bunaithe ar dhaonáireamh 2022).

Bronntar an maoiniú trí phróiseas tairisceana Tá maoiniú €584 milliún leithdháilte ar 243 tionscadal ó seoladh an RRDF. Is féidir liosta de na tionscadail rathúla faoi gach glao go dtí seo a fháil anseo.


Cuspóir an chiste

Tacaítear faoin gciste le tionscadail chomhordaithe agus chomhtháite idir ranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí eile, pobail agus, sa chás gur cuí, maoinitheoirí daonchairdiúla agus/nó an earnáil phríobháideach, a imreoidh tionchar ar fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe i gceantair thuaithe.

Leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, is féidir maoiniú a thabhairt do thionscadail lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) na cinn seo a leanas:

  • Tionscadail a dhéanfaidh soláthar do níos mó gníomhaíocht gheilleagrach, deiseanna fostaíochta inbhuanaithe fadtéarmaí agus ar soiléir go gcuireann siad le forbairt gheilleagrach ceantair tuaithe, baile nó sráidbhaile.
  • Bearta le dul i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe chun athghiniúint lár bailte a spreagadh, athchóiriú, athfhorbairt agus/nó scartáil foirgnimh ina measc;
  • Tionscadail ina spreagtar áiseanna a chomhlonnú chun pointe fócais gníomhaíochta a spreagadh i lár baile nó sráidbhaile, e.g. seirbhísí leabharlainne, seirbhísí pobail, gníomhaíochtaí cultúir, áiseanna spóirt agus caithimh aimsire, oiliúint agus forbairt, áiseanna cathartha etc. a chruinniú le chéile in áit shuntasach nó fheiceálach, rud a d’fhéadfadh cabhrú le líon níos mó daoine mhealladh agus tacú le gnó.
  • Tionscadail bhonneagair agus ríochta poiblí ar mhórscála inár mbailte agus sráidbhailte a bhfuil sé mar aidhm acu cur go bunúsach le forbairt straitéiseach an bhaile nó an tsráidbhaile.
  • Tionscadail a chabhraíonn le forbairt gheilleagrach pobail oileáin, go háirithe i dtaobh barr feabhais a chur ar bheocht gheilleagrach lonnaíochtaí nó barr feabhais a chur ar naisc leis an mórthír.
  • Cuirtear fáilte go háirithe roimh thionscadail a chuireann ilchuspóirí i gcrích agus a léiríonn comhlántacht/breisíocht, mar shampla, tionscadal athnuachana do lár an bhaile a sheachadadh a chuireann le forbairt gheilleagrach, turasóireachta, pobail nó cultúir freisin.

Bronntar maoiniú trí phróiseas tairisceana iomaíche.


Incháilitheacht

Cuirtear fáilte roimh thograí ó Údaráis Áitiúla, agus ó eagraíochtaí áitiúla/réigiúnacha eile, ar nós Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, chomh maith le ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit. Ar mhaithe le cuntasacht agus le maoirseacht, ní mór do phríomhpháirtí gach tionscadail a bheith ina chomhlacht Státchistithe, ach spreagtar comhoibriú leis an earnáil phríobháideach.

Is féidir tograí a chur ar aghaidh maidir le bailte ina bhfuil daonra 10,000 duine nó níos lú agus na limistéir mórthimpeall orthu. Beidh líon teoranta bailte sonraithe ina bhfuil daonra 10,000 duine nó níos lú incháilithe tacaíocht a fháil faoin gCiste um Athghiniúint Uirbeach atá á oibriú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; ach, mar sin féin, ní chuirfear maoiniú ar fáil ach faoi chiste amháin d’aon tionscadal ar leith.

Is féidir leat teacht ar liosta de na tionscadail a maoiníodh go dtí seo anseo.


Cáipéisí eolais agus iarratais

Category 2 Scheme Information Booklet - Rural Regeneration and Development Fund
Scheme outline and information on the fourth Call for Category 2 RRDF applications.
Amharc amharc
Application Form - RRDF Category 2 fourth call
Rural Regeneration and Development Fund Fourth Call for Category 2 applications. Published January 2025.
Download link for Íoslódáil
Frequently Asked Questions
Fourth Call for Category 2 RRDF Applications.
Amharc amharc
Approved Project Status Review
Download link for Íoslódáil
Evaluation and Monitoring Plan
Download link for Íoslódáil

[document 310747 ]


Teagmháil a Dhéanamh Linn

Chun bheith cothrom le dáta le haon nuacht faoin RRDF, lena n-áirítear glaonna ar iarratais amach anseo a fhógraítear, cláraigh lenár liosta seoltaí anseo: rrdf@drcd.gov.ie