English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Clár Seirbhísí Pobail


Tacaíonn an Clár Seirbhísí Pobail (CSP) le gnólachtaí pobail seirbhísí áitiúla a sholáthar agus deiseanna fostaíochta a chruthú do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste.

Cuireann an clár tacaíocht airgid ar fáil leis an gcostas maidir le foireann a fhostú a chlúdach do chuideachtaí agus do chomharchumainn phobail.


Maoiniú

Cuirtear maoiniú ar fáil chun bainisteoir a fhostú agus/nó do phost comhionann lánaimseartha (FTE’nna). Cuireann an clár €19,033 ar fáil do gach FTE agus €32,000 maidir le bainisteoir a oibríonn seachtain 39 n-uair an chloig. Rinneadh níos mó ná €47 milliún a leithdháileadh sa bhliain 2020, a thacaigh le thart ar 1,703 FTE’nna agus le 321 bainisteoir.

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail an 16 Deireadh Fómhair go leanfar le Ciste Tacaíochta an Chláir Seirbhísí Pobail ar bhonn aonuaire sa bhliain 2019. Cuirfidh sé seo €1 milliún breise ar fáil do na heagraíochtaí sin is mó a dteastaíonn sé uathu.


Cineálacha Tionscadal

Ní mór gur fiontair shóisialta nó gnólachtaí neamhbhrabúis a bheidh sna hiarratasóirí le hacmhainneacht leordhóthanach le tabhairt faoi sheachadadh seirbhísí agus le bainistiú foirne.

Ní mór go mbeidh acmhainní airgid leordhóthanacha agus an cumas acu freisin le hioncam leordhóthanach a ghiniúint agus le plean gnó a ullmhú.

Déantar maoiniú ar thrí phríomhchineál tionscadal faoin gClár Seirbhísí Pobail:

  • seirbhísí pobail do dhaoine faoi mhíbhuntáiste (sampla: insliú teach cónaithe, iompar do dhaoine atá faoi mhíchumas, béilí ar rothaí agus cúram lae, gníomhaíochtaí sóisialta, slándáil phearsanta, seirbhísí cuairte, raidió pobail agus meáin eile)
  • daoine a fhostú atá scoite amach ón margadh saothair, lena n-áirítear, daoine faoi mhíchumas, an lucht siúil, daoine atá ag teacht chucu féin tar éis mí-úsáid drugaí agus/nó daoine a bhí i bpríosún. Ní mór don chuideachta nó don chomharchumann a léiriú go bhfuil dul chun cinn éigin á dhéanamh ag na hoibrithe
  • foirgnimh ar mhaithe le húsáid an phobail. Áirítear hallaí agus saoráidí anseo a chumasaíonn feidhmiú laethúil an bhonneagair pobail

Eagraíochtaí Cáilitheacha

Ní mór go mbeidh 70% de na fostaithe i dtionscadail atá maoinithe faoin gclár:

  • dífhostaithe agus ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Lucht Siúil atá ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine nó Pinsean na nDall nó íocaíocht míchumais eile
  • daoine a bhí i bpríosún
  • daoine atá ag teacht chucu féin agus a bhfuil bail sheasmhach orthu tar éis mí-úsáid drugaí
  • daoine atá fostaithe faoi scéimeanna Tús, Fostaíocht Pobail, Tionscnamh Jabanna chomh maidir le hoibrithe na Scéime Sóisialta Tuaithe a bhí ina rannpháirtithe CE roimhe seo

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin Pobal .


Athbhreithniú ar an gClár Seirbhísí Pobail (CSP): Uasdátú

Rinneadh comhairliúchán poiblí ar raon an athbhreithnithe neamhspleách a rinneadh ar an gClár Seirbhísí Pobail i ndeireadh na bliana 2018 agus rinneadh eolas do na Téarmaí Tagartha don athbhreithniú tríd an aiseolas a fuarthas ó na haighneachtaí.

Fostaíodh Comhairleoirí Idirnáisiúnta Geilleagracha Indecon chun an t-athbhreithniú neamhspleách a chur i gcrích agus cuireadh tús leis i mí Márta 2019. Thug Indecon faoi rannpháirteachas fairsing páirtithe leasmhara le heagraíochtaí atá tacaithe ag CSP, Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí Náisiúnta Pobail agus Deonacha.

Leagtar amach sa Tuarascáil aon mholadh déag bharrthábhachtacha a úsáidfidh an Roinn agus Pobal, a riarann an clár thar ceann na Roinne, chun cuidiú leis an gclár a athstruchtúrú. In éineacht le Tuarascáil Indecon tá Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil, a d’ullmhaigh an Roinn agus Pobal agus ina leagtar amach an amlíne atá beartaithe maidir le gach uile chéim a bhaint amach.