English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)



Réamhrá

Is é SICAP an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail. Cuireadh tús leis an gclár reatha an 1 Eanáir 2024 agus beidh an clár ar siúl go dtí deireadh na bliana 2028. Tagann an clár seo in áit SICAP 2018-2023.

Tá sé mar aidhm le SICAP bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Déantar é sin trí Fheidhmitheoirí Cláir, trí ghníomhaireachtaí agus trí chuideachtaí a oibríonn leis na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is deacra dul chomh fada leo.

Díríonn an clár ar:

  • leanaí agus teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste
  • daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste (in aois idir 15-24)
  • mná atá faoi mhíbhuntáiste
  • tuismitheoirí aonair
  • pobail nua (lena n-áirítear, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn)
  • daoine atá ina gcónaí i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste
  • daoine faoi mhíchumas
  • Roma
  • Daoine dífhostaithe
  • Oibrithe/teaghlaigh ar ioncam íseal
  • an Lucht Siúil
  • daoine atá scoite amach ón margadh saothair (daoine atá neamhghníomhach ó thaobh an gheilleagair de)
  • an spriocghrúpa le riachtanais atá ag teacht chun cinn agus atá roghnaithe ag leibhéal áitiúil ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil le riachtanais shonracha an cheantair áitiúil a léiriú nach bhfreastalófaí air murach sin

Spriocanna SICAP

Tá dhá sprioc ag an gclár a dhírítear ar thacaíocht a thabhairt do phobail agus do dhaoine aonair:

  • tacaíocht a thabhairt do phobail agus do spriocghrúpaí chun plé a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ó thaobh saincheisteanna cuimsithe sóisialta agus comhionannais a aithint agus
  • aghaidh a thabhairt orthu, acmhainneacht ghrúpaí pobail áitiúla a fhorbairt agus pobail atá níos inbhuanaithe a chruthú

tacú le daoine aonair atá faoi mhíbhuntáiste lena gcaighdeáin saoil a fheabhsú trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus tacaíochtaí margadh saothair a chur ar fáil dóibh


Maoiniú SICAP

Tá maoiniú á fháil ag an SICAP ón rialtas agus ó CSE An Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020 .


SICAP agus na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla

Tá SICAP á bhainistiú ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC’nna) i ngach ceantar údaráis áitiúil.

Comhaontaíonn gach Coiste Forbartha Pobail Áitiúil an sprioc bhliantúil dá gceantar bunaithe ar riachtanais áitiúla. Is féidir leo rogha a dhéanamh maidir le spriocghrúpa sa cheantar a dteastaíonn cúnamh uathu má bhíonn siad den tuairim go bhfuil sé sin riachtanach.

Tá Pobal fostaithe ag an Roinn chun oibriú thar a ceann agus maoirseacht a dhéanamh ar bhonn náisiúnta ar sheachadadh SICAP.


Distance Travelled Tool

Distance Travelled Tool i mbun forbartha ag an Roinn agus Pobal mar thionscnamh comhpháirteach. Tríd an uirlis seo do chlár SICAP, tacófar le cliaint SICAP spriocanna pearsanta a aithint agus iad a bhaint amach.

Tugtar My Journey: Distance Travelled Tool ar an uirlis agus tá sí comhdhéanta de liosta ceisteanna ina dtreoraítear daoine i dtreo a riachtanais aonair a aithint agus pleanáil a dhéanamh dá dtodhchaí.

Rinneadh an uirlis a fhorbairt i gcomhar le cliaint SICAP agus na LDCanna a chuireann tacaíocht duine le duine ar fáil dóibh, agus tá sí bailíochtaithe go heolaíoch ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide.

Tá SICAP cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de CSE an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.


Le tuilleadh faisnéise a fháil

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht i do cheantar áitiúil a bhfuil SICAP á reáchtáil acu. Is féidir leat mionsonraí teagmhála a fháil ar láithreán gréasáin Pobal ag an nasc seo a leanas: POBAL: SICAP .