English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Crios Forbartha Geilleagraí Tuaithe (REDZ)

Sainmhínítear Criosanna Forbartha Geilleagraí Tuaithe (REDZ) mar chriosanna fochontae ina mbíonn formhór na ndaoine ag maireachtáil agus ag obair. Is limistéir geografach feidhmiúla iad REDZ a léiríonn an bealach ina bhfuil gníomhaíochtaí agus forbairt gheilleagrach áitiúil scaipthe ar fud réigiúin. Seoladh an scéim phíolótach le maoiniú a dhéanamh ar na limistéir seo i mí an Mheithimh 2015.

Faoi scéim phíolótach na bliana 2015, rinneadh €3.8 milliún a leithdháileadh ar 51 tionscadal ar fud na tíre. Rinneadh €2 milliún a leithdháileadh i dtús báire, bhí caighdeán na n-iarratas agus an leibhéal spéise sa scéim, áfach, chomh hard sin gur cuireadh maoiniú breise ar fáil.

Cuireadh €3,758,479 ar an iomlán ar fáil do 52 tionscadal a bhí briste síos mar a leanas:

  • 3 príomhthionscadal suas go €250k – ceann i ngach réigiún
  • 6 thionscadal ar mheánmhéid suas go €150k – ceann amháin i ngach aon réigiún agus 2 cheann eile ar fhiúntas
  • 17 tionscadal bheaga suas go €50k – péire i ngach aon réigiún agus 6 cinn eile ar fhiúntas
  • cuirfear suas go 50% den mhaoiniú a bhí á lorg ar fáil do na 25 tionscadal cáilithe atá fanta ar an mbonn seo a leanas:
  • 8 bpríomhthionscadal ar an iomlán, 9 dtionscadal meánmhéide, 8 dtionscadal bheaga

Seoladh scéim REDZ arís sa bhliain 2016 agus ceadaíodh 47 tionscadal (€6.142m). Níor cuireadh an scéim ar siúl arís sa bhliain 2017 ná sa bhliain 2018, ach is féidir maoiniú ó bhlianta roimhe sin a tharraingt anuas.