An Scéim Feabhsúcháin Áitiúil
- Foilsithe: 15 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2024
Cuireann an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS) maoiniú ar fáil chun cuidiú le húdaráis áitiúla tabhairt faoi oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre príobháideacha agus bóithre neamhphoiblí.
Is minic go mbíonn bóithre den chineál sin ag freastal ar go leor tithe cónaithe, talamh feirme nó áiseanna ar nós lochanna, aibhneacha nó tránna.
Tá an scéim mar chuid thábhachtach freisin ó thaobh seachadadh a dhéanamh ar Fhíorú Acmhainneacht na Tuaithe – Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe . Dírítear ceann de philéir an phlean gníomhaíochta ar fheabhas a chur ar bhonneagar agus ar nascacht tuaithe.
Le tuilleadh faisnéise a fháil conas rochtain a fháil ar mhaoiniú, féach Item was unpublished or removed .
Faigh mionsonraí thíos, le do thoil, maidir leis na tionscadail ar ceadaíodh maoiniú dóibh agus na bóithre a bhí roghnaithe ag na húdaráis áitiúla le feabhas a chur orthu sa bhliain 2018