English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Clár SÍOCHÁIN IV (Éire/ Tuaisceart Éireann)



Réamhrá

Is tionscnamh Aontas Eorpaigh atá i gClár SÍOCHÁIN IV atá leagtha amach chun tacú le síocháin agus le hathmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha teorann na hÉireann. Déanfaidh an Clár infheistíocht de €270 milliún sa réigiún incháilithe thar thréimhse sé bliana ó 2014 go 2020.

Tá €229 milliún á sholáthar trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus tá €41 milliún de mhaoiniú meaitseála a chur ar fáil ag rialtas na hÉireann agus ag rialtas na Ríochta Aontaithe. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a chuireann maoiniú rialtas na hÉireann ar fáil.


Ceantair atá san áireamh

Is é an ceantar atá incháilithe do Chlár SÍOCHÁIN IV do 2014-2020 ná Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann (an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Lú, Muineacháin agus Sligeach).


Aidhmeanna

Chomhaontaigh Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach Clár SÍOCHÁIN IV agus tá ceithre chuspóir croílár leis an gclár.

Tá sé mar aidhm leis an gclár athrú buan a chur ar:

  • tionscnaimh oideachais chomhroinnte
  • tacú le leanaí agus le daoine óga atá ar an imeall
  • soláthar spásanna agus seirbhísí comhroinnte, agus
  • tacú le tionscadal chun cur le caidreamh dearfach idir daoine ó phobail agus ó chúlraí difriúla

Bainistiú an Chláir

Tá Clár SÍOCHÁIN IV á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta ( SEUPB ) thar ceann rialtas na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe. Is é SEUPB Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is é ról SEUPB:

  • bainistíocht, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár (Údarás Bainistíochta)
  • gnéithe bainistíochta airgeadais go léir a bhainistiú agus íocaíochtaí a dhéanamh leis na tairbhithe tionscadail (Údarás Deimhnithe)
  • tacú le Coiste Stiúrtha roghnaithe tionscadail an chláir (Comhrúnaíocht)
  • cuidiú le tairbhithe tionscadail leis an tionscadal a fheidhmiú (Comhrúnaíocht)
  • dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais go léir an chinntiú (an tAonad Rialaithe Airgeadais).

Ról na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

Is roinn atá cuntasach do Chlár SÍOCHÁIN IV í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Mar Roinn chuntasach:

  • cuireann sí maoiniú ar fáil do SEUPB le híocaíocht a dhéanamh le tionscadail Chlár SÍOCHÁIN IV,
  • feidhmíonn sí mar chomhairleoir don Choiste Monatóireachta Cláir, a dhéanann monatóireacht ar éifeachtúlacht agus ar chaighdeán an chláir. Tugann sí faoi dhualgais ar nós ceadú an chritéir roghnaithe, athbhreithniú ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna agus meastóireacht ar thionchar gníomhartha.
  • tá sí mar chomhalta den Choiste Stiúrtha Cláir a roghnaíonn tionscadail do thacaíocht faoin gclár.

Le faisnéis a fháil conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo a leanas: Déan iarratas ar mhaoiniú faoi Chlár SÍOCHÁIN IV

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Roinn Airgeadais (Thuaisceart Éireann) ina Ranna Ballstáit – tá freagracht fhoriomlán orthu as an gclár.