English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh



Réamhrá

Síneann Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh (AEC) feadh chósta thiar na hÉireann. Áiríonn na réigiúin seo, 10 réigiún údaráis áitiúil ó Dhún na nGall go Ciarraí. Meastar acmhainneacht láidir a bheith ag an réigiún seo ó thaobh fás eacnamaíoch.

Is tionscadal fadtéarmach atá i gceist anseo a bhfuil sé mar aidhm leis an fás seo a spreagadh. Cuirfidh sé an méid buntáiste agus is féidir ar fáil do mhuintir agus do phobail an réigiúin.

Táthar ag súil:

  • cultúr gnó agus nuálaíochta a fhorbairt
  • infheistíocht i mbonneagar a spreagadh
  • infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI) a mhealladh
  • tacú le cuideachtaí áitiúla Éireannacha a bhfuil uaillmhianta domhanda acu.

Tá cultúr láidir fiontraíochta agus nuálaíochta feadh na Conaire cheana féin agus tá na céadta gnólacht a bhfuil ag éirí thar barr leo ag feidhmiú ansin. Áirítear orthu sin, gnólachtaí nuathionscanta uaillmhianacha, cuideachtaí ilnáisiúnta agus gnóthais de chuid na hÉireann atá ag leathnú amach chuig margaí domhanda.

Aithnítear i Tionscadal Éireann 2040dTionscadal Éireann 2040 acmhainneacht thábhachtach Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh. Is ionann Tionscadal Éireann 2040 agus príomhthionscnamh an rialtais le tír níos fearr a dhéanamh den tír seo a léiríonn a éifeachtaí is atáimid agus a bhfuil súil againn a bhaint amach. Tá sé soiléir go gcuideoidh forbairt an réigiúin leis an sprioc seo a bhaint amach trí bhuntáistí a chur ar fáil do ghnólachtaí, do phobail, do mhuintir na tíre agus don tír in iomláine.


An Bealach ina bhfuil Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh á forbairt

Socraíodh suas tascfhórsa i mí an Mhárta 2017, agus é mar aidhm leis straitéisí agus beartais a cheapadh le forbairt an réigiúin a spreagadh.

Is é Item was unpublished or removed TD, Aire Stáit um Fhorbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, a dhéanann cathaoirleacht ar an tascfhórsa seo. Áirítear ar an tascfhórsa freisin, ionadaithe eile ón:

  • earnáil gnó
  • ranna rialtais
  • comhlachtaí poiblí
  • institiúidí tríú leibhéil.

Tá trí fhoghrúpa sa tascfhórsa a oibríonn ar chodanna sonracha den phlean forbartha:

  • ag scrúdú riachtanais bonneagair (bóithre, uisce agus leathanbhanda). Cuideoidh sé seo le tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais an réigiún agus cuideoidh le hinfheistíocht a dhíriú amach anseo.
  • ag scrúdú cé na foirgnimh atá ar fáil sa réigiún cheana féin agus a d’fhéadfaí a úsáid chun gnólachtaí a fhorbairt agus a fhás. Cuideoidh an Chonair freisin le ceantair sa réigiún le straitéisí a fhorbairt don am atá romhainn le húsáid níos fearr a bhaint as a gcuid foirgneamh.
  • Ag forbairt straitéis chumarsáide le comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialtais agus comhlachtaí poiblí. Cuideoidh siad seo leis an réigiún a fhorbairt agus le haird infheisteoirí, fiontraithe agus gnólachtaí a tharraingt ar acmhainneacht an réigiúin.

Mar a bhaintear úsáid as maoiniú na Roinne

Déanann an roinn maoiniú ar oifigeach do Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh i ngach réigiún de 10 réigiún an údaráis áitiúil feadh na conaire. Beidh na hoifigigh seo tábhachtach ó thaobh treallús a chur faoin tionscadal, trí:

  • bheartais agus tionscadail ghaolmhara a fhorbairt agus a chur chun cinn
  • naisc a bhunú idir na húdaráis áitiúla lena chinntiú go n-oibríonn siad le chéile
  • phlé le ranna rialtais agus le comhlachtaí poiblí gaolmhara.

Tacaíonn na hoifigigh le hobair an tascfhórsa agus lena chuid foghrúpaí freisin. Bailíonn siad eolas maidir le foirgnimh agus le maoin a bhféadfadh gnólachtaí úsáid a bhaint astu. Cuidíonn na hoifigigh seo freisin le straitéisí cumarsáide a fhorbairt agus a chleachtadh.


Údaráis Áitiúla i gConair Eacnamaíochta an Atlantaigh