English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Forbairt Pobail



Réamhrá

Cuidíonn tacaíochtaí pobail atá láidir a sholáthar le pobail a chumhachtú agus a fhorbairt a chuireann luach ar shláinte agus ar fholláine an uile dhuine.

Ar mhaithe leis an bhfís sin a bhaint amach, tá an rialtas tiomanta do na prionsabail seo a leanas:

  • rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus an acmhainn atá ag pobail a threisiú chun difear a dhéanamh, agus cuir chuige faoi stiúir an phobail nó cuir chuige maidir le forbairt pobail á gcoinneáil mar ghnéithe lárnacha d’fhorbairt áitiúil agus pobail
  • córas rialtais áitiúil ina bhfaightear agus ina dtacaítear le rannpháirtíocht agus rannpháirteachas daoine aonair agus an phobail maidir le beartais a fhorbairt, a phleanáil agus a sholáthar, agus próisis chinnteoireachta i ndáil le hidirghabhálacha agus tacaíochtaí áitiúla agus pobail ag leibhéal áitiúil
  • rannpháirtíocht fiúntach le pobail áitiúla, eagraíochtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí Stáit lena chinntiú go mbaintear amach an toradh is fearr don phobal
  • struchtúir chomhoibrithe láidre ina spreagtar trédhearcacht, dlisteanacht dhaonlathach, cuntasacht, rannpháirteachas agus cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise
  • tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíocht dheonach agus saoránacht ghníomhach, agus taca a chur faoi sin trí thacú le hacmhainn na bpobal rannpháirtíocht réamhghníomhach a dhéanamh, mar ghnéithe bunriachtanacha de phobail atá ag déanamh go maith
  • deiseanna maidir le forbairt gheilleagrach, oiliúint agus oideachas a bheith ina bpríomhspreagthaí chun pobail bhríomhara neamhspleácha a chruthú
  • comhionannas deiseanna agus ionchuimsiú sóisialta, ina dtugtar tús áite do riachtanais pobal ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta nó geilleagrach, scoiteacht tuaithe san áireamh

Tacaíochtaí Pobail

Ar mhaithe le sochaí atá bríomhar, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú, ní mór pobail a chumhachtú lena bhfolláine féin a fhorbairt agus a chothú.

Tá an Creat-Bheartas d’Fhorbairt Pobail Áitiúil bunaithe ar 5 phríomhchuspóir:

  • plé a dhéanamh leis an bpobal áitiúil le tionchar i ndáiríre a thabhairt do mhuintir na háite ó thaobh beartais agus straitéisí a fhorbairt a thugann aghaidh ar riachtanais an phobail
  • oibriú le comhpháirtithe le húsáid níos fearr as an mbonneagar agus as acmhainní atá ann cheana féin a éascú agus le comhrá idir phobail, comhlachtaí forbartha pobail áitiúil, struchtúir reachtúla áitiúla agus an rialtas áitiúil a chruthú
  • pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt áitiúil agus pobail le hathrú a chruthú ag leibhéal áitiúil agus lena chinntiú go mbíonn acmhainní á meaitseáil le riachtanais agus le tosaíochtaí atá aitheanta go háitiúil
  • seachadadh éifeachtúil idirghabhálacha ag leibhéal áitiúil
  • feidhmíocht, monatóireacht agus tionchar idirghabhálacha a mheas agus athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinneadh maidir le leithdháileadh acmhainní orthu siúd is mó a dteastaíonn siad uathu

Is ionann an Item was unpublished or removed agus tacaíocht pobail a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú a chuíchóiriú do phobail atá i ngá. Tá sé mar mhisean leis an gclár maoiniú a chur ar fáil le saoráidí atá ar fáil do phobail a fheabhsú.

Gnó, Oiliúint agus Oideachas

Déanann an rialtas iarracht le creat-bheartas stuama a chur ar fáil chun tacú le forbairt a dhéanamh ar an earnáil fiontair sóisialta in Éirinn. Tá cur chun cinn cláir oideachais agus oiliúna a thacóidh le cobhsaíocht eacnamaíochta mar phríomhaidhm.

Ciste na gCuntas Díomhaoin mar mhórfhoinse maoinithe do thionscnaimh agus do thacaíochtaí áitiúla. Bainfear úsáid as na cistí seo freisin chun tacú le Fiontar Sóisialta. Tá Beartas maidir le Fiontar Sóisialta Náisiúnta á dhréachtú faoi láthair.

Cuireann an Clár Seirbhísí Pobail seirbhísí sóisialta, geilleagracha agus comhshaoil áitiúil ar fáil trí shamhail fiontair shóisialta, a chuireann ranníocaíocht ar fáil i leith costais foirne sna heagraíochtaí seo. Freastalaíonn an clár ar bhearnaí i seirbhísí áitiúla agus cuireann seirbhísí agus saoráidí ar fáil nach mbeadh ar fáil murach sin.

Is seirbhís atá saor in aisce iad na Leabharlanna Poiblí atá le fáil ar fud na tíre don uile dhuine agus tá ról tábhachtach acu ó thaobh oiliúint agus oideachas gnó a sholáthar.

Cuireann na Leabharlanna Poiblí clár náisiúnta litearthachta agus léitheoireachta ar fáil, an Ceart chun Léitheoireachta agus clár náisiúnta Cúrsaí Oibre do dhaoine aonair agus d’fhiontair áitiúla. Cuireann siad tacaíochtaí fostaíochta ar fáil d’fhiontraithe atá obair sa cheantar, do ghnólachtaí nua-thionscanta agus do chuardaitheoirí poist. Is féidir leat na seirbhísí sin a rochtain anseo.


Rialtas Áitiúil

Tá rialtas áitiúil atá láidir ríthábhachtach chun pobail áitiúla a bhfuil borradh fúthu a bhaint amach. Éascaíonn an rialtas áitiúil plé agus rannpháirtíocht phoiblí.

Tá glór níos láidre a thabhairt do shaoránaigh i gcinntí an rialtais áitiúil a bhfuil tionchar acu ar a gcuid pobal féin mar fheidhm leis na na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail . Tá sé mar aidhm ag na líonraí seo an daonlathas a neartú trí dheis a chuir ar fáil le tuairimí agus leasa a bhreithniú mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.

Tá na na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC’nna) bunaithe ar bhonn reachtúil le cur chuige níos comhordaithe a thabhairt maidir le forbairt áitiúil agus pobail. Baineann na coistí seo úsáid as saineolas agus taithí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha laistigh den cheantar le seirbhísí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a sholáthar, go háirithe dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leis na seirbhísí sin.

Clúdaíonn údaráis áitiúla saincheisteanna agus rialacháin áitiúla. Áirítear ar roinnt de na saincheisteanna a bhíonn idir lámha ag údaráis áitiúla, rialacháin maidir le hAdhlacadh agus Rialú Madraí.

Féach ar an liosta iomlán anseo de na húdaráis áitiúla in Éirinn.


Gníomhaíochtaí Deonacha

Aithníonn an rialtas go n-éiríonn an tsochaí níos láidre trí shaoránacht ghníomhach agus trí rannpháirtíocht dheonach. Is comhartha ríthábhachtach atá sa ghníomhaíocht dheonach maidir le sochaí ina dtugann daoine aird agus aire do dhaoine eile.

Spreagtar gníomhaíocht dheonach trí:

  • Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta san Earnáil Pobail agus Dheonach mar phríomhghné de thacaíocht an Stáit de shochaí sibhialta atá láidir agus fuinniúil agus chun torthaí a fheabhsú dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste
  • Tacaíocht a thabhairt d’obair dheonach in Éirinn chomh maith le tacaíocht a thabhairt do líon eagraíochtaí náisiúnta ar nós Oibrithe Deonacha in Éirinn agus Boardmatch
  • straitéis náisiúnta d’obair dheonach a chuirfidh le agus a thabharfaidh cothrom le dáta Páipéar Bán an Rialtais a Thacaíonn le Gníomhaíocht Dheonach (2000) agus tuarascáil ag Iompú na Cothroime (2002) leis an gCoiste Náisiúnta d’Oibrithe Deonacha a tháinig ina dhiaidh sin

Aithnítear freisin, áfach, an fiúntas a ghabhann le gach cineál gníomhaíochta maidir le hobair dheonach, mar sín ní chreidtear gur chóir iarracht a dhéanamh le gach cineál gníomhaíocht dheonach a rialú nó a bheith bainteach leis.


Cuimsiú Sóisialta

Tá cuimsiú sóisialta ríthábhachtach ó thaobh tacú le pobail agus le daoine aonair. Spreagann an rialtas pobail agus spriocghrúpaí le plé a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ábhartha ó thaobh saincheisteanna eisiamh sóisialta agus comhionannas a aithint.

Déanfaidh sé seo forbairt ar acmhainneacht ghrúpaí pobail áitiúla agus tacóidh le pobail inbhuanaithe.

Tá sé mar aidhm leis an An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Déantar é seo trí Fheidhmeoirí Cláir SICAP a oibríonn leis na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is deacra a theacht orthu i bpobail.

Tá tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta mar chuid thábhachtach den chuimsiú sóisialta. Tá sé mar chuspóir le Scéim Foláirimh na Seanóirí an pobal a spreagadh ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta inár bpobail atá leochaileach, ionas gur féidir leo maireachtáil go sábháilte, le muinín, go neamhspleách agus le suaimhneas intinne ina gcuid tithe féin.

Tá ullmhacht don gheimhreadh ina dhúshlán gach aon bhliain do dhaoine aonair agus do phobail ar fud na hÉireann. Tá sé mar mhisean ag Bí Ullamh don Gheimhreadh a chinntiú go mbíonn daoine sábháilte ar feadh míonna an gheimhridh. Áirítear leis seo, ullmhúcháin don gheimhreadh, cúrsaí sa gharchabhair agus tacaíochtaí ar nós Scéim Foláirimh na Seanóirí agus CLÁR, a chuireann maoiniú ar fáil do thionscadail bhonneagair ar scála beag i gceantair thuaithe.

Is ionann an Clár Síochána IV agus clár trasteorann a thacaíonn le síocháin agus athmhuintearas agus a chuireann cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíocht chun cinn i dTuaisceart Éireann agus i réigiúin teorainn na hÉireann (an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Lú, Muineachán agus Sligeach). Tá an clár seo á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE thar ceann rialtas na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.