Forbairt Tuaithe LEADER
- Foilsithe: 14 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2024
Réamhrá
Tacaíonn LEADER le fiontair phríobháideacha agus le grúpaí pobail chun an caighdeán saoil agus gníomhaíocht gheilleagrach a fheabhsú i gceantair thuaithe.
Déantar maoiniú a sheachadadh ar 28 gceantar fo-réigiúnach trí ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla . Is comhpháirtíochtaí d’aonáin phríobháideacha agus poiblí ó cheantar sainithe tíreolaíoch iad na grúpaí seo. Tá na grúpaí gníomhaíochta áitiúla freagrach as tionscadail áitiúla de réir straitéisí forbartha áitiúla a ndéanann siad féin forbairt orthu.
Cuirtear an cúnamh seo ar fáil do thionscadail faoi na téamaí seo a leanas:
- forbairt gheilleagrach, forbairt fiontair agus cruthú poist
- cuimsiú sóisialta
- timpeallacht na tuaithe
Ba chóir do thionscnóir a bhfuil spéis aige cúnamh a lorg faoi chlár LEADER léiriú spéise a chur faoi bhráid maidir lena ngrúpa gníomhaíochta áitiúil.
Féach an nasc seo a leanas do thionscadail a ceadaíodh faoin gclár reatha:
Pleananna Forbartha Áitiúla
Is ionann straitéis forbartha áitiúil agus plean atá faoi stiúir an phobail. Tá an straitéis forbartha áitiúil á forbairt agus faoi threallús ag grúpaí gníomhaíochta áitiúla, ina leagtar amach a bhfís agus a gcuspóirí don cheantar. Déanfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúil na cuspóirí a sheachadadh don cheantar agus ní mór go mbeidh aon tionscadal a fhaigheann maoiniú ar aon dul leis na tosaíochtaí atá aitheanta sa Straitéis.
Chun féachaint ar liosta de leaganacha achoimrithe de Straitéisí Forbartha Áitiúla de réir mar atá siad dréachtaithe ag na grúpaí gníomhaíochta áitiúla do thréimhse clár 2014-2020, féach, le do thoil, ar na leathanaigh seo a leanas: Straitéisí Forbartha Áitiúla .
Treoirlínte
Leagtar amach i dTreoirlínte LEADER an bealach inar chóir tabhairt faoin gclár. Tá siad déanta i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpacha agus le ranna rialtais na hÉireann. Déantar soiléiriú ar cheanglais dhlíthiúla ar fud an bhailiúcháin seo agus ní mór do na grúpaí gníomhaíochta áitiúla na ceanglais dhlíthiúla seo a chomhlíonadh.
Le féachaint ar tuilleadh faisnéise maidir le monatóireacht agus meastóireacht LEADER, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo a leanas: Monatóireacht agus Meastóireacht: LEADER 2014-2020 .
Tuilleadh eolais maidir le clár LEADER
Gréasán Náisiúnta Tuaithe – Eolas maidir le cás-staidéir LEADER agus samplaí de thionscadail ar tugadh tacaíocht dóibh faoin gclár LEADER roimhe sin.
Leithdháiltí LEADER 2014-2020 – Liosta de leithdháiltí Maoinithe do gach Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil.
Item was unpublished or removed– Liosta de na treoirlínte ón gCoimisiún Eorpach trína rialaítear clár LEADER.
Item was unpublished or removed – Nasc chuig láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta. Tá LEADER ina ghné den Chlár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe.