English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Infheistíocht Leathanbhanda Tuaithe


Tá líon tionscnaimh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) chun cuidiú leis An bPlean Náisiúnta Leathanbhanda .


Oifigigh Leathanbhanda

Tá oifigigh leathanbhanda lonnaithe in údaráis áitiúla ar fud na tíre. Tá ról an oifigigh leathanbhanda ríthábhachtach mar go gcuireann siad pointí teagmhála áitiúla ar fáil d’oibritheoirí teileachumarsáide agus do phobal maidir le saincheisteanna teileachumarsáide. Beidh ról lárnach acu freisin ina gcuid údarás áitiúil de réir mar a dhéantar an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a leathadh amach.

Cuireann an roinn tacaíocht deontais de €42,000 in aghaidh an údaráis áitiúil ar fáil d’oifigigh leathanbhanda. Eagrófar cruinnithe agus seisiúin faisnéise d’oifigigh leathanbhanda agus d’fhoireann eile an údaráis áitiúil.

Oibríonn foireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) go dlúth leis na hoifigigh leathanbhanda, ag cinntiú go gcoinnítear ar an eolas iad maidir le forbairt agus go bhfaigheann siad tacaíocht ina gcuid oibre.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le hoifigeach leathanbhanda, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo a leanas le heolas teagmhála a fháil: Item was unpublished or removedLiosta teagmhála d’oifigigh leathanbhanda


Grúpa Gníomhaíochta Teileachumarsáide

Tá an Grúpa Gníomhaíochta Teileachumarsáide (TAG) comhdhéanta d’oifigigh leathanbhanda na n-údarás áitiúil agus d’fhoireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD).

Reáchtáiltear cruinnithe TAG ar bhonn rialta agus cuireann siad an deis ar fáil leis na pleananna maidir leis an leathadh amach a phlé agus le taithí agus eolas a roinnt. Cuireann cruinnithe TAG deis ar fáil d’oifigigh leathanbhanda dul i mbun líonraithe. Tá líon samplaí de chomhoibriú suntasach idir na húdaráis áitiúla agus foireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) mar thoradh air sin.

Oibríonn oifigigh leathanbhanda agus foireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) le chéile ar líon tionscadal a thagann chun cinn ó chruinnithe TAG, lena n-áirítear, tionscnamh comhfhorbartha agus oiliúint maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta don fhoireann.


Comhfhorbairt

Tá grúpa oibre atá déanta suas d’oifigigh leathanbhanda, oibritheoirí teileachumarsáide agus foireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) ag féachaint ar fhéidearthachtaí dearaí caighdeánacha do bhonneagar teileachumarsáide – mar shampla, duchtanna faoin talamh agus seomraí do cháblaí snáthoptaice.


Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta

Tá foghrúpa den TAG socraithe suas ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) le clár treoracha agus oiliúna a fhorbairt d’fhoireann an údaráis áitiúil maidir le saincheist Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.


Straitéisí Digiteacha Áitiúla

Leagtar amach sna straitéisí digiteacha áitiúla uaillmhianta digiteacha gach údarás áitiúil – an bealach ina mbainfidh siad úsáid as an teicneolaíocht dhigiteach le saol na ndaoine a dhéanamh níos fearr. Leagtar amach freisin cad atá beartaithe ag an údarás áitiúil leis an méid seo a bhaint amach.

Leagtar amach sna straitéisí digiteacha feabhsúcháin a dhéanfar i líon réimsí, lena n-áirítear seirbhísí a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil don phobal, ríomhthráchtáil, oidhreacht agus na healaíona agus tacaíochtaí pobail.

Tabharfar cuidiú d’údaráis áitiúla agus iad ag pleanáil don am atá romhainn trí choimisiúnú a dhéanamh ar thaighde agus na treoirlínte atá riachtanach le straitéisí digiteacha áitiúla a chur le chéile. Tá a gcuid straitéisí digiteacha áitiúla foilsithe ag líon údarás áitiúil cheana féin.