Leabharlanna Poiblí
-
Ó: An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ)
- Foilsithe: 29 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2024
- Réamhrá
- Is í an Leabharlann an Áit: Eolas, Caitheamh Aimsire, Inspioráid - Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2023-2027
- Próifíl reatha na seirbhíse leabharlainne poiblí
- Mo Leabharlann Oscailte
- Na Leabhair agus na hÚdair is mó a fuarthas ar iasacht
- An Clár an Ceart chun Léitheoireachta
- Éire Shláintiúil i do Leabharlann
- Forbairt Leabharlanna
- Caighdeáin agus Tagarmharcáil do Leabharlanna
- Staidéir Áitiúla
- Cartlanna
Réamhrá
Le breis is 17 milliún cuairt ar bhonn bliantúil, tá ról tábhachtach pobail ag na leabharlanna mar lárionaid eolais agus cultúir.
Is ionann an leabharlann phoiblí agus:
- seirbhís áitiúil a bhfuil teacht uirthi go náisiúnta – tá ar chumas bhaill na leabharlainne na seirbhísí leabharlainne go léir a úsáid, lena n-áirítear míreanna a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais in aon leabharlann ar fud na tíre
- déantar seachadadh ar an gclár litearthachta agus léitheoireachta an Ceart chun Léitheoireachta trí shraith croíláir seirbhísí agus acmhainní
- déantar seachadadh ar chlár Cúrsaí Oibre ar bhonn náisiúnta, clár seirbhísí do ghnó agus do thacaíocht fostaíochtaí d’fhiontraithe, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do chuardaitheoirí poist atá bunaithe go háitiúil
- déantar seachadadh ar thionscnamh Éire Shláintiúil i do Leabharlann – a dhéanann faisnéis maidir leis an tsláinte a fhorbairt i leabharlanna poiblí, a chuireann leabhair, ríomhleabhair, closleabhair agus ríomhirisí ó thaobh na sláinte agus na folláine ar fáil, chomh maith le cainteanna, díospóireachtaí agus ceardlanna a dhíríonn ar shláinte coirp, meabhairshláinte agus ar fheasacht sláinte
- cuireann catalóg náisiúnta leabharlainne poiblí ar fáil a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhís seachadta ar bhonn náisiúnta – lenar féidir míreanna a ordú ar líne nó lenar féidir bualadh isteach i leabharlann agus déantar na míreanna a sheachadadh go tapa chuig an leabharlann áitiúil – an chéad tseirbhís náisiúnta dá leithéid áit ar bith eile ar domhan
Cuirfidh an leabharlann phoiblí rochtain ar fáil ar bhailiúchán mór acmhainní ar líne atá saor in aisce, le breis is:
- 400 cúrsa ríomhfhoghlama agus 80 cúrsa teangacha ar líne
- 17,000 ríomhleabhar agus 7,000 closleabhar digiteach
- 300 iris idirnáisiúnta agus 1,300 nuachtán inrochtana
Faigh tuilleadh eolais ag Acmhainní agus Seirbhísí atá ar fáil i do Leabharlann Áitiúil
Is í an Leabharlann an Áit: Eolas, Caitheamh Aimsire, Inspioráid - Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2023-2027
Próifíl reatha na seirbhíse leabharlainne poiblí
Áirítear i measc roinnt fíricí agus figiúirí:
- 330 brainse leabharlainne i 31 údarás áitiúil
- 30.5 leabharlann soghluaiste in Éirinn, lena n-áirítear seirbhís chomhroinnte trasteorann
- 45 brainse leabharlainne nua nó leabharlanna ar cuireadh síneadh leo idir 2012 agus 2017
- 754,748 ball sa bhliain 2016
- 17,270,751 cuairt a tugadh ar leabharlanna sa bhliain 2016
- 7,983,358 mír a eisíodh sa bhliain 2016
Is féidir teacht ar fhaisnéis maidir le do leabharlann áitiúil ar láithreán gréasáin do chomhairle cathrach nó do chomhairle chontae áitiúil.
Is féidir mionsonraí teagmhála cothrom le dáta a fháil freisin maidir le do leabharlann áitiúil ar láithreán gréasáin na leabharlainne . Foilsítear nuacht agus faisnéis maidir le leabharlanna in Éirinn ar an láithreán gréasáin sin – lena n-áirítear Straitéis Leabharlanna Poiblí 2018-2022.
Sa bhliain 2016, bhí teacht ag baill leabharlainne ar 12 milliún leabhar ar fud na tíre mar chuid den chatalóg agus den chóras dáileacháin náisiúnta.
Féach Acmhainní agus Seirbhísí atá ar fáil i do Leabharlann Áitiúil
le tuilleadh faisnéise a fháil maidir le cad is féidir leat a dhéanamh agus a fháil i do leabharlann.
Mo Leabharlann Oscailte
Is tionscnamh é Mo Leabharlann Oscailte atá dírithe ar an gcustaiméir agus ar úsáid á bhaint as teicneolaíocht de chineál nua.
Seirbhís saor in aisce atá i Mo Leabharlann Oscailte. Tá an tseirbhís ar fáil i 37 leabharlann ar fud na tíre faoi láthair.
Le seirbhís Mo Leabharlainne Oscailte, bíonn uaireanta oscailte breise ar fáil chomh maith leis na gnáthuaireanta foirne. Tugann an tseirbhís deis níos fearr don phobal leas a bhaint as an leabharlann.
Is féidir le baill de Mo Leabharlann Oscailte leas a bhaint as an leabharlann ón 8 r.n. - 10 i.n., gach uile lá den bhliain.
Is féidir le leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois an tseirbhís a úsáid má bhíonn siad i gcuideachta bhall fásta cláraithe de Mo Leabharlann Oscailte.
Is féidir le hógánaigh idir 16-18 bliana d'aois an tseirbhís a úsáid ach toiliú i scríbhinn a bheith acu ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir.
Na Leabhair agus na hÚdair is mó a fuarthas ar iasacht
Tá sonraí maidir leis na leabhair agus na húdair is mó a fuarthas ar iasacht ó leabharlanna poiblí na hÉireann in 2019 foilsithe ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA), a thiomsaíonn an fhaisnéis mar chuid den Scéim Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal (PLR).
Ba iad na húdair Leabhar do Dhaoine Fásta ba mhó a raibh tóir orthu ná:
Aicme | Údar |
1 | Roderick Hunt |
2 | Roger Hargreaves |
3 | Daisy Meadows |
4 | Julia Donaldson |
5 | Francesca Simon |
Ba iad na cúig Theideal Ab Airde de na 20 teideal ba mhó a fuarthas ar iasacht ná:
Aicme | Teideal | Údar |
1 | Diary of a Wimpy Kid: Double Down | Jeff Kinney |
2 | My Mr. Men complete collection | Roger Hargreaves |
3 | Diary of a Wimpy Kid: Old School | Jeff Kinney |
4 | Wonder | R.J. Palacio |
5 | Diary of a Wimpy Kid: The Getaway | Jeff Kinney |
Ba iad na Cúig Leabhar do Dhaoine Fásta Ba Mhó a fuarthas ar iasacht ná:
Aicme | Teideal | Údar |
1 | Eleanor Oliphant is Completely Fine | Gail Honeyman |
2 | Skin Deep | Liz Nugent |
3 | The Country Girls Trilogy | Edna O'Brien |
4 | Normal People | Sally Rooney |
5 | A Keeper | Graham Norton |
Chun liosta iomlán de na torthaí a fháil cliceáil anseo.
An Clár an Ceart chun Léitheoireachta
Is ionann an Clár, an Ceart chun Léitheoireachta, agus clár náisiúnta atá dírithe ar fheabhas a chur ar chumas léitheoireachta ar fud na hÉireann. Tá sé seo ar aon dul agus déanann sé comhlánú ar chláir litearthachta atá ann cheana féin.
Tá sraith treoirlínte ag gabháil leis an gclár, a rinneadh a leathadh amach sa bhliain 2017, atá ar fáil chun cuidiú le gach aon údarás áitiúil, chomh maith le comhordaitheoir an Chirt chun Léitheoireachta a bheith ar fáil i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Tá forbairt á dhéanamh ar Phleananna Gníomhaíochta Litearthachta Áitiúla do gach ceantar údarás áitiúil chun tacaíocht a thabhairt do leanaí, do thuismitheoirí agus do dhaoine fásta ag a bhfuil leibhéil ísle litearthachta chun feabhas a chur ar a gcumas léitheoireachta. Beidh ról stiúrtha á ghlacadh ag an rialtas áitiúil ó thaobh an chláir maidir leis an gCeart chun Léitheoireachta a chur ar fáil.
Tabharfaidh siad eolas agus taithí foirne oilte i seirbhísí agus i ngníomhaireachtaí údaráis áitiúil le chéile. Beidh an cur chun feidhme áitiúil á stiúradh ag an leabharlannaí Cathrach nó Contae le tacaíocht ó Líonra an Chirt chun Léitheoireachta.
Ón mbliain 2016, tá an bailiúchán seirbhísí náisiúnta comhaontaithe a chuireann leabharlanna poiblí ar fáil do scoileanna i bhfeidhm. Déanfaidh an tseirbhís leabharlainne an bailiúchán seo a sheachadadh le tacaíocht ó Líonra an Ceart chun Léitheoireachta agus ón Roinn Oideachais agus Scileann, agus díreofar, go háirithe, ar scoileanna a chur ar an eolas maidir leis an tseirbhís.
Éire Shláintiúil i do Leabharlann
Tá sé mar aidhm leis an gClár Éire Shláintiúil i do Leabharlann go mbeidh leabharlanna ‘ar an áit le cuairt a thabhairt orthu’ chun faisnéise shláinte a fháil sa phobal. Cuirfidh an tseirbhís seo atá saor in aisce faisnéis níos fearr ar fáil don phobal maidir le sláinte agus folláine.
Áireofar ar an mbailiúchán leabhar agus ar acmhainní ar líne an stoc atá dírithe ar réimsí tosaíochta ar nós:
- murtall
- caitheamh tobac
- bia sláintiúil
- sláinte ghnéis
Forbairt Leabharlanna
Is ionann Forbairt Leabharlanna agus an ghníomhaireacht náisiúnta comhairleora agus forbartha do leabharlanna poiblí in Éirinn. Bunaíodh í sa bhliain 2012 laistigh den Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus leanann le feidhmeanna na Comhairle Leabharlanna. Cuireann siad comhairle ar fáil don roinn agus d’údaráis na leabharlanna maidir le forbairt leabharlainne poiblí agus maidir le comhoibriú leabharlainne.
Caighdeáin agus Tagarmharcáil do Leabharlanna
Cuirtear treochlár ar fáil sa doiciméad Caighdeáin agus Tagarmharcanna do Leabharlanna Poiblí chun an tseirbhís leabharlainne a fhorbairt agus a chur ar fáil de réir beartas rialtas áitiúil agus náisiúnta agus de réir an dea-chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta i ndáil le seirbhís leabharlainne a chur ar fáil.
Tá sé mar aidhm leis an doiciméad leabharlanna poiblí a chur ar fáil atá éifeachtach, atá suite agus pleanáilte go maith, atá oscailte agus fáilteach do chách agus ina bhfuil spásanna cathartha ar fáil. Ta sé mar aidhm leis an doiciméad freisin timpeallacht fhisiceach an phobail a fheabhsú agus athghiniúint uirbeach agus pobail inbhuanaithe a chur chun cinn.
Staidéir Áitiúla
Bailíonn gach leabharlann poiblí ábhar maidir le stair an chontae nó an cheantair áitiúil. Tá raon ollmhór ábhair ar fáil, lena n-áirítear:
- stair chontae agus paróiste
- mapaí
- grianghraif
- líníochtaí
- sean-taifid agus sean-nuachtáin
Is acmhainn shuntasach ar líne atá sa Ask About Ireland Website atá forbartha ag an gComhairle Leabharlanna agus maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD). Is féidir é a úsáid mar:
- acmhainn do stair áitiúil
- thairseach do láithreáin ghréasáin leabharlanna poiblí agus do theagmhálacha staidéir áitiúla
- fhoinse d’ábhar áitiúil a thacaíonn le curaclam scoile
- gheata chuig tacar sonraí suntasach staire náisiúnta
Cartlanna
Tá sé mar fhreagracht reachtúil ar an údarás áitiúil, bainistíocht, coimeád, cúram agus caomhnú ceart taifid áitiúla agus cartlanna áitiúla a sholáthar. Cuidíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le húdaráis áitiúla le cartlannaí cáilithe a fhostú agus le cóiríocht a thógáil ar cíos chun críocha cartlanna a phróiseáil.
Rinne an roinn maoiniú agus comhordú freisin ar shuirbhé maidir le taifid agus le cartlanna a foilsíodh i dTuarascáil an Ghrúpa Stiúrtha ar Thaifid agus ar Chartlanna Údaráis Áitiúil.
Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil freisin maidir le straitéis chun seirbhísí cartlanna áitiúla a fhorbairt. Tá seirbhísí cartlanna áitiúla bunaithe nó á bhforbairt ag formhór na nÚdarás Áitiúil cheana féin.