Maoiniú do Shaoráidí Áineasa Faoin Aer
- Foilsithe: 20 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 9 Nollaig 2024
Tríd an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh, cuirtear maoiniú ar fáil chun bonneagar nua áineasa faoin aer a fhorbairt. Chomh maith leis sin, cuirtear tacaíocht ar fáil chun bonneagar áineasa faoin aer atá ann cheana a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann.
Tríd an scéim, tacaítear le gníomhaíochtaí spóirt agus áineasa. Tugtar cúnamh chun úsáid a bhaint as acmhainní na tuaithe ina gcuirtear le stíleanna maireachtála atá sláintiúil agus gníomhach. Tacaítear le hacmhainn gheilleagrach agus turasóireachta an cheantair do phobail áitiúla agus do thurasóirí araon.
Cuirtear maoiniú ar fáil chun:
- conair, bealaí siúil, rotharbhealaí agus bealaí gorma a fhorbairt, a shíneadh agus a chóiriú
- teacht níos fearr ar shaoráidí fóillíochta agus áineasa
- bonneagar áineasa faoin aer a fhorbairt
Catagóirí iarratais
Glactar le hiarratais ó údaráis áitiúla agus/nó ó ghníomhaireachtaí stáit faoi na bearta seo a leanas:
- Beart 1: Deisiú/Forbairt/Cur Chun Cinn agus Margaíocht ar Scála Beag méideanna cúnaimh deontais suas le €20,000
- Beart 2: Deisiú/Uasghrádú Meánscála agus Forbairt Conairí Nua méideanna cúnaimh deontais *suas le €200,000**
- Beart 3: Deisiú/Uasghrádú Straitéiseach ar Mhórscála agus Forbairt Straitéiseach nua ar Chonairí/Áiseanna méideanna cúnaimh deontais suas le €500,000
- Beart Forbartha Tionscadail: Costais Forbartha do Thionscadail Straitéiseacha ar Mhórscála méideanna cúnaimh deontais suas le €50,000