Na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC’nna)
- Foilsithe: 28 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2024
Réamhrá
Is ionann LCDC’nna agus grúpaí atá bunaithe i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Tá LCDC déanta suas de:
- comhaltaí an údaráis áitiúil
- foireann údaráis áitiúil
- daoine ó chomhlachtaí poiblí a sholáthraíonn maoiniú don cheantar
- daoine ó pháirtithe leasmhara sa phobal áitiúil
- daoine ón bpobal áitiúil
- daoine ó ghrúpaí forbartha áitiúla a fhaigheann maoiniú/tacaíocht phoiblí
baineann LCDC’nna leas as saineolas poiblí agus príobháideach daoine agus eagraíochtaí i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Cuspóir LCDC’nna
Tá LCDC’nna freagrach as:
- comhordú, pleanáil agus maoirseacht maoiniú forbartha pobail agus áitiúil
- cur chuige níos comhtháite a thabhairt isteach i leith cláir agus idirghabhálacha forbartha áitiúil agus pobail a reáchtáil
- cur chuige comhtháite a leanúint i leith seirbhís phobail atá bunaithe thar struchtúir soláthróirí agus seachadta
- díospóireacht stuama saoránach agus pobail i bpleanáil agus i meastóireacht cláir forbartha a chur chun cinn
- riarachán cláir forbartha pobail agus áitiúla agus struchtúir seachadta atá níos éifeachtaí ó thaobh costais a leanúint
- acmhainní a mheaitseáil le tosaíochtaí
- luach ar airgead a chinntiú ó thaobh bainistíochta agus cláir a sheachadadh
- díriú ar fhoghlaim agus ar aiseolas, ar fheabhsú naisc idir seachadadh seirbhíse agus forbairt beartais
- deiseanna a leanúint ó thaobh maoiniú breise don cheantar, cibé Státchiste, AE, príobháideach nó foinsí eile
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar an Liosta Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil Liosta Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil ábhartha.
An bealach inar tharla na LCDC’nna
Foilsíodh Item was unpublished or removed i mí Deireadh Fómhair 2012. Moladh sa Chlár Gníomhaíocht LCDC a thabhairt isteach i ngach ceantar údaráis áitiúil mar bhealach le forbairt pobail a fheabhsú agus le ról níos lárnaí a thabhairt don údarás áitiúil i bhforbairt pobail agus áitiúil.
Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail (LECP’nna)
Tá sé mar phríomhfheidhm le LCDC’nna gnéithe pobail Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail (LECP’nna) 6-bliana a ullmhú.
Tá sé mar chuspóir leis an bplean forbairt pobail agus áitiúil a chur chun cinn i ngach ceantar údaráis áitiúil. Déantar é sin trí chur chuige comhordaithe i leith pleanála agus seachadadh seirbhísí.
Díríonn an plean ar bhearta a:
- chuirfidh le caighdeán saoil agus folláine pobail, lena n-áirítear bearta atá dírithe ar dhul i ngleic le bochtaineacht, le míbhuntáiste agus le cuimsiú sóisialta
- thacaíonn le hoiliúint, le huas-sciliú agus le poist a chruthú
- chumasaíonn soláthar bonneagair agus saoráidí pobail
- thacaíonn le hacmhainneacht pobail áitiúil a gcaighdeán saoil a fheabhsú
- réitigh inbhuanaithe a fhorbairt agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sócmhainní, láidreachtaí agus deiseanna áitiúla atá ann cheana féin
- thacaíonn le fiontar sóisialta, caipiteal sóisialta, le hobair dheonach agus le saoránacht ghníomhach, agus
- chothaíonn rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt beartais agus i bpróisis cinnteoireachta a bhaineann le pleanáil, le forbairt agus le seachadadh seirbhísí
Is féidir pleananna áitiúla eacnamaíochta agus pobail a fheiceáil ar an liosta coistí forbartha pobail áitiúla Item was unpublished or removedábhartha. Tá treoirlínte iomlána do na LCDC’nna sna Treoirlínte Leasaithe d’Fheidhmiú LCDC’nna - Nollaig 2016.
Athbhreithniú ar na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDC)
Mar chuid de na Treoirlínte ar Phleananna Áitiúla agus Eacnamaíochta agus Pobail tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag déanamh athbhreithniú ar na LCDC’nna faoi láthair. Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú cur le agus faisnéis a sholáthar d’fhorbairt leanúnach LCDC’nna. Tá sé i gceist go mbeidh an obair seo críochnaithe i dtús na bliana 2019.
Imeacht Líonraithe Bliantúil LCDC
Thionóil an roinn imeacht náisiúnta líonraithe bliantúil do LCDCnna i mí na Samhna 2019, de réir Chuspóir 1, Moladh 5 den Athbhreithniú LCDC.
Ba é cuspóir an imeachta ná tacú le baill de chuid LCDC ionas go n-aithneoidís iad féin a bheith ina gCeannairí ina bpobal féin agus iad a spreagadh chun comhoibriú go hiomlán le Ceannairí eile agus iad ag tabhairt aghaidh ar an obair ina LCDC féin.
- Ceannaireacht agus comhoibriú i gcoitinne, a bhí faoi cheannas an Dr Rob Worrall, IPA.
- Thug Stephen Gallagher, Stiúrthóir Local Government and Communities, Scotland léargas ginearálta ar an Collective Leadership Programme a chur i bhfeidhm in Albain.
- Rinne Hayley Lever, Moving Leaders in Greater Manchester cur síos ar an taithí a bhí aici ar an gClár Leading GM. Chuir sí muid ar an eolas faoi Active Soles freisin: twitter.com/hashtag/activesoles.
- Ghlac na rannpháirtithe páirt i gceardlann idirghníomhach Change by Degrees, a d’éascaigh an Dr Tara Shine agus Madeleine Murray. Breathnaíodh ar cheannaireacht maidir le Gníomhú ar son na hAeráide le linn na ceardlainne. Cuireadh buneolas ar fáil faoin athrú aeráide, na cúiseanna atá leis agus na réitigh atá ar fáil.
Teagmhálacha
An tAonad um Beartas Pobail
Seoladh: An Rannóg Phobail, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo,
Uimhreacha Teileafóin: 076 100 6929
Ríomhphost: lcdev@drcd.gov.ie