English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail



Réamhrá

Is ionann Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) agus líonra a chuireann ar chumas na n-údarás áitiúil nascadh le grúpaí pobail thart timpeall na tíre

Is é an PPN 'an áit le dul’ do na húdaráis áitiúla go léir ar mian leo leas a bhaint as saineolas pobail agus deonach ina gceantar.


An bealach ina n-oibríonn PPN’nna

Cláraíonn grúpaí pobail le dul isteach sa PPN i gceantar a n-údaráis áitiúil.

Tugann na PPN’nna seasamh níos fearr do shaoránaigh ó thaobh cinntí an rialtais áitiúil a mbíonn tionchar acu ar a gcuid pobal áitiúil.

Neartaíonn sé an daonlathas trí dheis a chur ar fáil le tuairimí agus leasa éagsúla a bhreithniú mar chuid de phróiseas cinnteoireachta an rialtais áitiúil.


Grúpaí Pobail

Is iad na trí phríomhghrúpa:

  • grúpaí pobail deonacha atá ag obair sa phobal, ar nós clubanna spóirt, cumainn chultúir, Béile ar Rothaí nó Coiste na mBailte Slachtmhara
  • eagraíochtaí áitiúla a bunaíodh leis an gcomhshaol a chosaint ar nós An TaisceCairde Éanlaith Éireann Cairde Éanlaith Éireann
  • grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá eisiata go sóisialta agus nach bhfuil aon ghuth acu sa tsochaí, daoine mar dhaoine atá faoi mhíchumas, imircigh nó Daoine den Lucht Siúil

Tuilleadh Faisnéise

Tá a láithreán gréasáin féin ag gach PPN. Féach Líonraí Rannpháirtíochta Pobail: Item was unpublished or removed a fháil do gach PPN.

Le féachaint ar thuarascáil bhliantúil an PPN, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo: Tuarascáil Bhliantúil na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail.