English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Rialacháin maidir le hAdhlacadh

Tá freagracht ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maidir le beartas agus le reachtaíocht maidir le reiligí na n-údarás áitiúil agus tá feidhmiú na reiligí féin mar fhreagracht ar na húdaráis áitiúla.

Is féidir le húdaráis áitiúla cláraitheoir nó fear/bean faire a cheapadh do gach reilig le díolachán uaigheanna ar an láthair sin a bhainistiú agus cothabháil a dhéanamh i roinnt cásanna ar an reilig.

Bíonn roinnt de na reiligí á bhfeidhmiú ag na paróistí féin, agus bíonn grúpa áitiúla i mbun reiligí freisin. Má theastaíonn uait uaigh a cheannach ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil le tuilleadh faisnéise a fháil. Bíonn go leor de na hadhlacóirí sásta, áfach, láimhsiú ceannach na huaighe a chur ar fáil mar chuid dá bpacáiste seirbhísí sochraide.

Tá na trí phíosa reachtaíochta a chuireann freagracht ar údaráis áitiúla liostaithe thíos:

Tá na príomhrialacha do reiligí leagtha amach sna Rialacha agus Rialacháin um Rialú Reiligí 1888 agus na leasuithe a rinneadh ar na rialacha sin sna blianta 1919, 1929 agus 2013.

Go ginearálta, do gach ábhar a bhaineann le huaigheanna agus le reiligí, déan teagmháil, le do thoil, le d’údarás áitiúil. Tá tú in ann teacht ar liosta de na húdaráis áitiúla anseo.

Déan Teagmháil Linn

Reiligí, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Seoladh: Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6

Uimhreacha Teileafóin: 076 100 6867; 076 100 6936

Ríomhphost: SICAP@drcd.gov.ie