English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Scéim na Siúlóidí agus Oifigigh Áineasa Tuaithe


Scéim na Siúlóidí

Is scéim náisiúnta í Scéim na Siúlóidí lena bhfuil baint ag sealbhóirí talún ar fad ar na Slite Slímharcáilte Náisiúnta, na Lúbchosáin Siúlóide agus na Cosáin Oidhreachta, chomh maith le cosáin eile atá ceadaithe ag Oifig na gCosán Náisiúnta.

Tá forbairt agus feabhsú beagnach 40 cosán mar thoradh ar Scéim na Siúlóidí. Tá idirbheartaíocht agus bainistíocht déanta freisin ag na hoifigigh áineasa tuaithe ar chonarthaí cothabhála le os cionn 1,890 sealbhóir talún.

Mar thoradh air sin, tá buntáistí suntasacha sóisialta agus geilleagracha bainte amach do na pobail áitiúla, lena n-áirítear:

  • poist bhreise san earnáil cóiríochta
  • fiontair ghnó nua ar nós rothair ar cíos agus siopaí caife, lena n-áirítear tuilleadh poist maidir le soláthar trealamh agus seirbhísí trealamh caitheamh aimsire lasmuigh
  • fás suntasach i gclubanna siúlóide atá cláraithe
  • ardú suntasach i líon agus in achar féilte siúlóide a chruthaíonn oícheanta breise lóistín i sráidbhailte beaga agus sa cheantar tuaithe níos leithne
  • íocaíochtaí cothabhála le sealbhóirí talún d’fhorbairt cosáin, a chruthaíonn sruth ioncaim de €5.4 milliún thar thréimhse 4-bliana do phobail thuaithe
  • infheistíocht de €600,000 sa gheilleagar áitiúil thar an tréimhse céanna mar thoradh ar chaiteachas ar ábhar agus ar chothabháil na gcosán

Is féidir leat liosta de na cosáin agus de na siúlóidí atá ar an scéim a fháil anseo.

Scéim na Siúlóidí: leabhrán eolais
Amharc amharc

Oifigigh Áineasa Tuaithe

Déanann an roinn maoiniú ar 12 oifigeach áineasa tuaithe a fhostú trí 12 Cuideachta Forbartha Áitiúil sna contaetha seo a leanas:

An Clár Corcaigh Dún na nGall Gaillimh (an Ghaeltacht)
Ciarraí Cill Chainnigh Laoise Maigh Eo
Ros Comáin Sligeach Tiobraid Árann Cill Mhantáin

Áirítear ar fhreagrachtaí na n-oifigeach áineasa tuaithe:

  • tabhairt faoin Straitéis Náisiúnta um Áineas Tuaithe
  • obair a bhaineann le leathadh amach Scéim na Siúlóidí Náisiúnta
  • obair mhaoirseachta ar chothabháil, uasghrádú agus atreorú ginearálta na gcosán
  • cuidiú le Fáilte Éireann ó thaobh forbairt, margaíocht agus cur chun cinn na gcosán agus na bpríomhchinn scríbe do shiúlóidí, lena n-áirítear, cuairteanna meán cumarsáide agus trádála
  • oibriú le pobail áitiúla ó thaobh forbairt a dhéanamh ar chosáin siúlóide agus cabhrú le féilte siúlóide a eagrú
  • cuidiú le cur i bhfeidhm an tionscnaimh ‘Ná Fág do Lorg’

Le teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach áineasa tuaithe, déan teagmháil, le do thoil, le d’Oifigeach Áineasa Tuaithe Item was unpublished or removed .

Foirm Léirithe Spéise
Download link for Íoslódáil