English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Trádáil ar mhaithe le Tionchar: An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta 2024-2027

Trádáil ar mhaithe le Tionchar: Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, an Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta 2024-2027 ar an 24 Iúil 2024.

Is é cuspóir an bheartais fiontair shóisialta láidre a bhfuil tionchar acu a chur chun cinn agus a chothú in Éirinn chun leas sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí inár bpobail a shaibhriú. Léiríonn an beartas tiomantas láidir ón Rialtas d'fhiontair shóisialta agus tugtar aitheantas ann do luach agus do chumas na bhfiontar sin.

Glacadh le cur chuige comhpháirtíochta i bhforbairt an bheartais seo, agus bhí rannpháirtíocht agus comhairliúchán leanúnach leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir mar phríomhphrionsabail le linn a phróisis forbartha. Bhí comhairliúchán poiblí náisiúnta oscailte mar chuid de sin.

Leagtar amach cúig phríomhchuspóir sa bheartas:

1. Aird agus Tuiscint ar Fhiontraíocht Shóisialta a Chothú

2. Fiontraíocht Shóisialta a Fhorbairt agus a Chothú

3. Ag Tacú leis an Aistriú Glas

4. Rannpháirtíocht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

5. Tionchar a Thomhas

Sainítear 57 gníomhaíocht nithiúla faoi na cuspóirí sin, a chuirfear i bhfeidhm idir 2024 agus 2027. Bunófar Grúpa Rannpháirtíochta Páirtithe Leasmhara chun maoirseacht a dhéanamh ar an mbeartas, agus foilseofar tuarascálacha bliantúla maidir lena chur i bhfeidhm.

Is féidir an doiciméad beartais a fháil anseo:

Trading for Impact: National Social Enterprise Policy 2024-2027
The National Social Enterprise Policy 2024-2027 represents an ambitious step forward in the Government’s ongoing commitment to social enterprise. It was launched in July 2024.
Amharc amharc