Ár dTodhchaí Tuaithe: €204,632.00 do 136 tionscadal áitiúil i gCo. Chorcaí faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Joe O’Brien
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Na tionscadail a d’éirigh leo faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 fógartha ag na hAirí
- Deontais bheaga le dul chun leasa grúpaí pobail ar fud Chontae Chorcaí
- Is príomhchúram de 'Ár dTodhchaí Tuaithe' é tacú le grúpaí pobail
Tá na tionscadail a d'éirigh leo i gContae Chorcaí faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien TD.
Seoladh Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 i mí na Nollag 2023 le maoiniú €6 mhilliún ar fáil, lena n-áirítear €1 mhilliún de mhaoiniú curtha i leataobh go sonrach chun tacú le Grúpaí Ban. Cuirfidh an maoiniú tacaíochtaí caipitil ar fáil atá riachtanach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe grúpaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag freastal ar cheantair faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe agus uirbeacha.
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail á riar ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil, i ngach ceantar.
Ag fógairt na dtionscadal seo a d'éirigh leo i gContae Chorcaí inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is éard atá i gceist leis an gClár Feabhsúcháin Áitiúil ná lámh chúnta a thabhairt dár ngrúpaí agus dár gclubanna áitiúla, arb iad bunchlocha shaol an phobail in Éirinn iad. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí ar éirigh leo, agus buíochas a ghabháil leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad chun seirbhísí a chur ar fáil ina bpobal áitiúil. Cuideoidh na deontais seo leis na mílte eagraíochtaí pobail, clubanna, seideanna fear agus ban, ionaid óige agus hallaí paróiste, leanúint dá seirbhísí luachmhara a chur ar fáil do na daoine ina gceantair féin.”
Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:
“Is príomhchúram i mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, é tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun a dtodhchaí a mhúnlú. Cinnteoidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu gur féidir le pobail ar an talamh leanúint d’obair thábhachtach a dhéanamh agus tá lúcháir orm go mbainfidh gach contae tairbhe as. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Chorcaí agus an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil as an gcúnamh a thug siad maidir leis an gciste seo a riar.”
Seo mar a labhair an tAire Joe O'Brien agus na tionscadail ar éirigh leo á bhfógairt inniu:
“Cuireann Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do ghrúpaí pobail chun cabhrú leo a saoráidí a fheabhsú. Cuirtear maoiniú beag ar fáil do thionscadail ó threalamh TF a cheannach go mionobair athchóirithe a dhéanamh ar fhoirgnimh. I ndeireadh na dála, freagraíonn an Clár do riachtanais áitiúla. Tugann na hinfheistíochtaí seo deis do ghrúpaí pobail an obair luachmhar a dhéanann siad thar ceann daoine eile i gceantair áitiúla ar fud na tíre a dhéanamh. Bíonn tionchar mór ar an bpobal ag an gClár Feabhsúcháin Áitiúil.’
Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo i gCo. Chorcaí le fáil anseo
Nótaí
- Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil, 2024 dírithe ar shaoráidí a fheabhsú i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear deontais bheaga ar fáil faoin gClár do ghrúpaí pobail ar bhealach atá ag teacht le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail gach limistéir.
- I mí na Nollag 2023 a seoladh an Clár Feabhsúcháin Áitiúil. Tagann an ciste seo in ionad Chlár um Fheabhsú Pobail na Roinne.
- Is Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁnna) ar fud na tíre a dhéanann an maoiniú a riar go háitiúil, le cúnamh óna nÚdarás Áitiúil. Tá sonraí teagmhála na CFPÁnna ar fáil anseo.
- Tá liosta na leithdháiltí le fáil anseo.