English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár dTodhchaí Tuaithe: Beagnach €286,000 ceadaithe ag an Aire Humphreys d’oibreacha caipitil ar na hoileáin

  • Infheistíocht in infreastruchtúr oileán i gCorcaigh, Maigh Eo agus Dún na nGall
  • Maoiniú chun feabhas a chur ar bhóithre, céanna, héileapadanna agus leithris phoiblí

Tá deontais de bheagnach €286,000 ceadaithe inniu (Dé Máirt, 24 Bealtaine) ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys, T.D., chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar infreastruchtúr oileán ar fud na tíre.

Cuirfear feabhas ar bhóithre, céanna, héileapadanna agus leithris phoiblí leis an maoiniú seo.

Is do Chomhairlí Contae Chorcaí, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:

Comhairle Contae Chorcaí €90,891
Comhairle Contae Mhaigh Eo €58,500
Comhairle Chontae Dhún na nGall €136,414

Is ionann maoiniú na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus suas le 90% den chostas caipitil a bhaineann leis na hoibreacha agus cuirfidh na húdaráis áitiúla an fuílleach ar fáil.

Is é seo an sciar is déanaí den maoiniú caipitil a chuirfear ar fáil d’ infreastruchtúr oileán i 2022, agus deontais os cionn €2m fógartha níos luaithe i mbliana agus táthar ag súil go bhfógrófar tuilleadh maoinithe i leith oileáin eile níos déanaí sa bhliain.

Is iad na hoileáin atá i gceist sa sciar seo ná Cléire, Inis Arcáin, Inis Uí Dhrisceoil, Faoide agus an tOileán Mór i gContae Chorcaí, An Cloigeann agus Inis Bigil (Gob Uí Dheoráin) i gContae Mhaigh Eo, agus Oileán an Bhráighe agus Toraigh i gContae Dhún na nGall.

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá infheistíocht in infreastruchtúr do phobail n-oileán mar chuid lárnach de pholasaí forbartha an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’. Cé nach bhfuil i gceist ach mionoibreacha le cuid de na tograí seo, cuirfidh siad tuilleadh le saol an oileáin, don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon. Tá tábhacht ar leith leis seo ó thaobh tacú leis an turasóireacht ar na hoileáin. Léiríonn an fógra seo inniu an tiomantas dár bpobail ar na hoileáin – agus fógrófar tuilleadh maoinithe sna seachtainí agus sna míonna seo romhainn."

CRÍOCH

Oileán/Togra Contae Deontas
Oileán an Bhráighe: Bóthar L10421 Co. Dhún na nGall €13,500
Toraigh: Oibreacha do na soilse ag an héileapad Co. Dhún na nGall €14,320
Toraigh: Comhairleoirí chun sleamhnán a dhearadh mar aon le aon aighneachtaí ar cheadúnas urthrá nó staidéaracha cuí Co. Dhún na nGall €6,750
Cé Mhachaire Rabhartaigh: Staidéar timpeallachta agus mara Co. Dhún na nGall €101,844
An Cloigeann: Leanúint le hoibreacha ar an mbóthar chuig an Cloigeann Co. Mhaigh Eo €31,500
Gob Uí Dheoráin: Oibreacha ag an gcarrchlós le haghaidh Inis Bigil Co. Mhaigh Eo €27,000
An tOileán Mór: Uasghrádú ar leithris poiblí Co. Chorcaigh €14,400
Faoide: Staidéar féidearthachta ar Middle Battery Co. Chorcaigh €18,000
Inis Uí Dhrisceoil: Feistiú pontúin Co. Chorcaigh €10,800
Inis Arcáin: Athchóiriú ar bhóthar L4201 Co. Chorcaigh €19,800
Inis Arcáin: Athchóiriú ar bhonnrá ídithe ar bhalla clocha ar an trá Co. Chorcaigh €13,500
Cléire: Soilse nua don héileapad Co. Chorcaigh €14,391