Ár dTodhchaí Tuaithe: D’fhógair an tAire Humphreys gurb é Mainistir Laoise Contae Laoise an Baile is Slachtmhaire in Éirinn do 2023
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Ainmníodh Mainistir Laoise i gContae Laoise an Baile is Slachtmhaire in Éirinn agus an Príomhbhuaiteoir ar an mBaile Beag is Slachtmhaire in Éirinn; Bhuaigh Bailte Slachtmhara Thiobraid Árann i gContae Thiobraid Árann Gradam an Duine Óig
- Fógraíonn an tAire €1.5 milliún i gcúnamh deontais do thart ar 900 grúpa Bailte Slachtmhara ar fud na tíre
- Fógraíonn an tAire Humphreys freisin buaiteoirí an Gradaim ionadh Speisialta Tús Áite do Lár an Bhaile urraithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (6 Deireadh Fómhair) Mainistir Laoise, Co. Laoise mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn do 2023.
Bhí os cionn 600 oibrí deonach Bailte Slachtmhara i láthair ag searmanas bronnta na mBailte Slachtmhara SuperValu i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath agus craoladh an t-imeacht beo ar na mílte eile.
I mbliana, bhí 887 baile san iomaíocht le haghaidh na ngradam mór le rá a léirigh an spéis náisiúnta ollmhór leanúnach i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu atá á reáchtáil ó 1958 i leith.
Ainmníodh Mainistir Laoise, Contae Laoise mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn agus mar an Baile Beag is Slachtmhaire in Éirinn.
Bhronn an tAire Humphreys dámhachtain nua inniu freisin ar ghrúpaí Bailte Slachtmhara Cheapach Choinn, Mhainistir na Búille agus Béal Átha Seanaidh, ag aithint a n-iarrachtaí sármhaithe chun aghaidh a thabhairt ar fholúntas agus ar thréigean de réir bheartas an Rialtais um Tús Áite do Lár an Bhaile.
Ag fógairt Mainistir Laoise mar bhuaiteoir foriomlán, dúirt an tAire Humphreys:
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Mainistir Laoise agus lena n-oibrithe deonacha Bailte Slachtmhara go léir as a bheith ar an mbaile is slachtmhaire in Éirinn do 2023.
“Is éacht fíor-iontach é seo agus is cúis mhórtais an-mhór é seo do Mhainistir Laoise agus go deimhin do chontae Laoise ar an iomlán.
“Tar éis dó páirt a ghlacadh don chéad uair sa chomórtas i 1960, leanann Mainistir Laoise inniu ar aghaidh ag taispeáint gach rud atá go maith faoin nuálaíocht, inbhuanaitheacht, spiorad pobail agus obair dheonach. Tá sé seo i gcroílár an chomórtais.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Mar is gnáth, bhí caighdeán an chomórtais an-ard i mbliana i ngach catagóir, agus fuarthas 887 iontráil san iomlán.
“Ba mhaith liom ómós a thabhairt do na buaiteoirí go léir inniu sna catagóirí éagsúla ar fad.
“Ba mhaith liom, ach go háirithe, an ról ríthábhachtach atá ag oibrithe deonacha Bailte Slachtmhara ar fud na tíre a aithint a d’oibrigh chomh dian ar feadh na bliana chun a chinntiú gur áiteanna bríomhara, inbhuanaithe iad ár bpobail le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Is fíor inspioráid sibh, agus is léiriú é do gach rud atá go maith inár bpobail.”
Is é SuperValu príomhurraitheoir an chomórtais le breis agus 30 bliain, agus d’fhógair Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, na torthaí leis an tAire Humphreys.
I measc na mbuaiteoirí móra eile an lae san áireamh:
- Bronnadh ar Géisil, Contae Co Uíbh Fhailí dámhachtain an Sráidbhaile is Slachtmhaire in Éirinn.
- Bronnadh ar Mainistir Laoise, Contae Laoise dámhachtain an Baile Beag is Slachtmhaire in Éirinn.
- Bronnadh ar Cill Airne, Contae Co Ciarraí dámhachtain an Baile Mór is Slachtmhaire in Éirinn air.
- Bronnadh ar Baile an Chollaigh, Co Corcaigh dámhachtain an tIonad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn.
Ghabh an tAire buíochas freisin le SuperValu, urraitheoir an chomórtais, ag cur leis:
“Tá SuperValu ina thacadóir agus ina urraitheoir dílis don chomórtas le breis agus 30 bliain agus leanann sé ag cur chun cinn na hinbhuanaitheachta trína líonra tacaíochta de mhiondíoltóirí ar fud na tíre. D’oibrigh a bhfoireann go dlúth le mo Roinnse chun a chinntiú go n-éireoidh leis an gcomórtas seo i gcónaí.”
Dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu i ndiaidh na ndamhachtain:
"Thar cheann SuperValu, ba mhaith liom tréaslú le Mainistir Laoise as ucht duais an Baile is Slachtmhara in Éirinn a bhaint amach. Is toradh é an t-éacht seo d’obair chrua agus tiomantas an choiste agus foireann oibrithe dheonacha a bhfuil baint acu leis sa bhaile. D’fhás an chomórtas go suntasach ó bunaíodh an nasc comhpháirtíocht luachmhar seo idir SuperValu agus Bailte Slachtmhara. Tá os cionn 1000 coiste gníomhach le tacaíocht iontach ó beagnach 30,000 oibrithe dheonacha an tiomanta, a mbailte agus sráidbhailte a fheabhsú ar fud na tíre. Mar mhiondíoltóir pobail, is cúis bróid dúinn anseo i SuperValu bheith bainteach leis an tionscnamh dochreidte seo. Le breis agus 30 bliain, d’oibrigh foireann agus miondíoltóirí SuperValu leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun an comórtas SuperValu Bailte Slachtmhara a fhorbairt agus a fhás. D’éirigh leis an comórtas an pobal a tharraingt le chéile mar fórsa láidir ar fud na tíre ag obair ar son cúis comónta, agus go háirithe, le aire a thabhairt dár dtimpeallacht.
Ina theannta sin, dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu:
"Ní amháin gur éirigh le SuperValu Bailte Slachtmhara ár mbailte agus sráidbhailte a dhéanamh níos deise ach níos inmharthana, agus tá sé seo le fheiceáil tríd an bhfócas breise ar na tionscnaimh a bhfuil tionchar mhór acu ar an mbithéagsúlacht ar nós forbairt pasáistí pailneoir agus athbhunú limistéirí fhiántas faoin aeir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Coistí Bailte Slachtmhara agus na h-oibrithe deonacha don tréan iarracht, gníomhaíocht agus ionchur ollmhór a dhéanann said chun dár mbailte, sráidbhailte agus Pobail uile mórthimpeall na tíre. Táimid bródúil anseo i SuperValu urraíocht a thabhairt don chomórtas SuperValu Bailte Slachtmhara seo agus don tacaíocht iontach a chuireann ár miondíoltóirí ar fáil a chuidíonn lenár gceanntracha áitiúla a dhéanamh níos deise le cónaí agus obair iontu.”
D’fhógair an tAire Humphreys freisin leithdháileadh speisialta de €1.5 milliún chun tacú le hobair ghrúpaí Bailte Slachtmhara ina n-iarrachtaí leanúnacha chun a gcuid bailte agus sráidbhailte a dhéanamh níos fearr mar áiteanna le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Ó 2017, tá €9.5 milliún curtha ar fáil ag an Roinn chun tacú le hinbhuanaitheacht agus gníomhaíochtaí tábhachtacha eile na ngrúpaí seo.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Tá an fócas ar inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht iontach suntasach agus tábhachtach dúinn go léir. Cabhróidh an maoiniú ó mo Roinnse le Grúpaí leanúint lena n-iarrachtaí spreagthacha chun a bpobail agus an timpeallacht áitiúil a athrú ó bhonn.”
Tá comórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu eagraithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus urraithe ag SuperValu a rinne urraíocht ar an gcomórtas ó 1991 i leith.
Tá sonraí iomlána buaiteoirí na bliana seo ar fáil ag www.tidytowns.ie agus ag www.SuperValu.ie
Nótaí
- Leithdháileadh speisialta de €1.5 milliún i maoiniú – bainfidh thart ar 900 Grúpa Bailte Slachtmhara leas as maoiniú de €1.5 milliún. Beidh gach grúpa a a tháinig isteach ar an gcomórtas in 2022 nó 2023 i dteideal iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000. Déanfaidh Pobal, a bheidh ag riaradh an deontais thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, teagmháil le gach grúpa incháilithe in am trátha. Tá liosta de na grúpaí Bailte Slachtmhara ar fad a gheobhaidh an maoiniú ar fáil ar shuíomh gréasáin An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
- Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an beartas uile-rialtais don tuath in Éirinn don tréimhse 2022-2025. Sa chur chuige maidir le beartas forbartha tuaithe d’Éirinn agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, uaillmhianaí agus iomlánaíoch chun infheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus deiseanna a uasmhéadú dóibh. Bainfear cuspóirí an bheartais amach trí níos mó ná 150 gealltanas a chur i bhfeidhm thar raon Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais. Tá inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil ag croílár Ár dTodhchaí Tuaithe.
- Tá 33 gníomh uathúla i bPolasaí Tús Áite do Lár an Bhaile a thabharfaidh na huirlisí agus na hacmhainní atá de dhíth ar ár mbailte chun a bheith ina n-áiteanna níos inmharthana agus níos tarraingtí le maireachtáil, le hoibriú, le cuairt a thabhairt orthu agus le gnó a reáchtáil. Tá Oifigigh Athghiniúna Baile i ngach ceantar Údaráis Áitiúil ábhartha á maoiniú ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun Tús Áite do Lár an Bhaile a bhrú chun cinn ar leibhéal áitiúil.
- Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar na cláir go léir a riarann an Roinn