Ár nOileáin Bheo: Fógraíonn an tAire Calleary conradh nua don tseirbhís farantóireachta d’Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe
- Foilsithe: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
- Tá conradh nua 5-bliana, ar fiú €2.75m, aontaithe ag an Roinn chun seirbhís farantóireachta agus lastais éadrom a sholáthar d'Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe.
- Cuirfear bunsheirbhís de 2 sheoladh fhillte ar fáil go laethúil, ar feadh na bliana, chomh maith le seoltaí breise le linn míonna an tsamhradh.
- Cuirfear seoladh fillte breise ar fáil go seachtainiúil, tráthnóna Dé hAoine, le deis a thabhairt do oileánaigh filleadh ar a mbaile don deireadh seachtaine.
- Tiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm ar an 01ú Aibreán 2025
Tá conradh nua fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun seirbhís farantóireachta agus lastais éadrom a sholáthar d’Inis Bó Finne ar chósta na Gaillimhe.
Is conradh 5 bhliana, ar fiú €2.75 milliún atá aontaithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le Inishbofin Island Discovery Ltd ar mhaithe le seirbhís a sholáthar idir Inis Bó Finne na Gaillimhe agus an Cloigeann ar an mórthír.
Tá sé aontaithe go ndéanfar íosmhéid de dhá sheoladh fillte in aghaidh an lae, ó cheann ceann na bliana, chomh maith le seoltaí breise le linn míonna an tsamhraidh. Freisin, tá sé aontaithe go gcuirfear seoladh fillte breise ar fáil go seachtainiúil, tráthnóna Dé hAoine, le cuidiú le hoileánaigh atá ag filleadh ar an oileán don deireadh seachtaine.
Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm 1 Aibreán, 2025.
Ag fógairt an chonartha nua dúirt an tAire Calleary:
“Tá an-áthas orm an conradh fíor-thábhachtach seo do phobal Inis Bó Finne a fhógairt. Tiocfaidh an tseirbhís seo go mór chun sochair do phobal an oileáin agus cinnteoidh sé go mbeidh rochtain acu ar an mórthír ar feadh na bliana.”
“Tá áthas ar leith orm go gcuirfidh an tseirbhís nua seoladh fillte breise ar fáil go seachtainiúil ar an Aoine, rud a rachaidh go mór chun tairbhe d’oileánaigh a theastaíonn uatha filleadh ar an oileán ar an deireadh seachtaine.”
Dúirt an tAire freisin:
“Mar chuid dar bpolasaí ‘Ár nOileáin Bheo’ tá an Rialtais seo tiomanta infheistíocht a dhéanamh sna seirbhísí iompair a bhíonn na hoileánaigh ag brath air.”
CRÍOCH