English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár nOileáin Bheo: Polasaí Náisiúnta na nOileán agus Plean Gníomhaíochta seolta ag an Aire Humphreys

  • Polasaí uaillmhianach 10 mbliana mar aon le plean gníomhaíochta 80 beart chun tacú le pobail inbhuanaithe agus bheoga ar an hoileáin amach ón gcósta
  • Béim ar bhonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus áiseanna caithimh aimsire lasmuigh agus turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt
  • Deontas do Thithe Folmha: Tacaíochtaí Croí Cónaithe le méadú 20% chun tithe folmha agus tréigthe ar na hoileáin a thabhairt ar ais mar chóiríocht chónaithe fhadtéarmach
  • Aitheantas le tabhairt sna Dréacht-Treoirlínte Pleanála do Thithíocht Tuaithe ar na dúshláin uathúla a bhaineann le hoileáin amach ón gcósta
  • Tacaíocht d’áiseanna cianoibre agus pleananna comhtháiteacha a fhorbairt do na hoileáin
  • Beagnach €2 mhilliún fógartha ag an Aire Humphreys do mhionoibreacha caipitil oileáin amach ó Dhún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, seoladh inniu ar Ár nOileáin Bheo, polasaí náisiúnta uaillmhianach 10 mbliana chun tacú le pobail inbhuanaithe agus bheoga ar an hoileáin amach ón gcósta.

Faoi Ár nOileáin Bheo, leagtar amach 80 beart faoin bplean gníomhaíochta 3 bliana le béim ar leith ar bhonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar áiseanna caithimh aimsire lasmuigh agus turasóireacht inbhuanaithe.

I measc buachphointí an Phlean Gníomhaíochta:

  • Tacaíocht bhreise deontais a chur ar fáil faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh Scéim (Croí Cónaithe) mar iarracht chun tithe folmha agus tréigthe ar na hoileáin a thabhairt ar ais mar chóiríocht chónaithe fhadtéarmach. Faoin mbeart seo, cuirfear ardú 20% ar uasleibhéal an deontais mar aitheantas ar an gcostas breise a bhaineann le tógáil ar oileáin amach ón gcósta.
  • Oifigigh Tí Fholaimh chun réadmhaoine atá folamh agus tréigthe ar oileáin a aithint
  • Tabharfar aitheantas do na dúshláin uathúla a bhaineann le hoileáin amach ón gcósta i nDréacht-Treoirlínte an Rialtais do Thithíocht Tuaithe atá le teacht
  • Déanfar moil ríomhshláinte a phíolótú ar na hoileáin chun rochtain ar choinní sláinte ar líne a fheabhsú dóibh siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin.
  • Déanfar leathanbhanda ardluais a sheachadadh chuig scoileanna, moil dhigiteacha agus pointí nasctha leathanbhanda (BCP) chun ceangal maith idirlín a chinntiú le haghaidh cúrsaí oibre agus oideachais.
  • Tabharfar tacaíocht go Ghníomhaíochta Caithimh Aimsire Lasmuigh ar nós rothaíocht agus snámh agus leathnófar an Scéim Siúlóidí chuig oileáin eile.
  • Oibriú le Páirtithe Leasmhara agus Gníomhaireachtaí Stáit chun deiseanna fostaíochta agus printíseachta a mhéadú ar na hoileáin.
  • Infheistíocht i mbonneagar ar nós céanna agus bóithre, agus uasghrádú a chur i gcrích sna stáisiúin gharda cósta atá ag freastal ar na hoileáin.
  • Cinntiú go gcloistear glór phobail na n-oileán trí fhóram a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do chomhphlé leanúnach idir pobail na n-oileáin, Údaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha.
  • Tacú le Pleananna Bainistíochta Dramhaíola a fhorbairt do na hoileáin.

Is é Ár nOileáin Bheo an chead pholasaí uile-Rialtais do na hoileáin le 27 bliain anuas.

Forbraíodh an polasaí uaillmhianach seo trí phróiseas fairsing comhairliúcháin le pobail atá ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta agus páirtithe leasmhara eile, a thug seans dóibh a gcuid tuairimí a léiriú maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar oileáin.

Mar aon leis an bpolasaí seo, tá Plean Gníomhaíochta don tréimhse 2023-2026 ina bhfuil 80 gníomh nua faoi cheangal ama a aontaíodh agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag geallsealbhóirí éagsúla, faoi cheannas Ranna Rialtais nó Forais Stáit ainmnithe.

Rinne an tAire Humphreys seoladh ar Ár nOileáin Bheo le linn di a bheith ar Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall inniu.

Dúirt an tAire agus í ag labhairt ag an seoladh:

“Tá áthas orm ‘Ár nOileáin Bheo’ a sheoladh, ár bPolasaí Náisiúnta 10 mbliana do na hOileáin agus an chéad cheann le 27 bliain.

“Leagtar amach 80 beart in Ár nOileán Bheo a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le pobail na n-oileáin agus na daoine a mhaireann orthu a chumasú.

“Baineann sé ar fad le bonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus dá réir turasóireacht a mhéadú chun tacú le pobail inbhuanaithe ar na hoileáin.

“Baineann sé le bheith ag cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ag an hoileáin ó thaobh uisce, bóithre agus céanna.

“Agus baineann sé le tacaíocht a thabhairt do phobail na n-oileáin chun áiseanna cianoibre a fhorbairt le cinntiú gur féidir le daoine fanacht ag maireachtáil agus obair ina bpobail féin.

“Tá sásta go bhfuair mé tacaíocht ar leith ó mo chomhghleacaí, an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, chun deontas méadaithe a thabhairt faoi Chroí Cónaithe chun tacú le hoileánaigh tithe cónaithe a dhéanamh as tithe folmha agus tréigthe.

“Is polasaí uaillmhianach 10 mbliana atá in Ár nOileáin Bheo – ag teacht le gealltanas an Rialtais tacú le pobail na n-oileáin le go mbeidh todhchaí gheall agus in inbhuanaithe.”

Lean an tAire:

“Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an pholasaí seo, beidh níos mó daoine ina gcónaí ar na hoileáin agus níos mó daoine ag obair as na hoileáin, le deiseanna maithe gairme, beag beann ar an áit a bhfuil ceannáras a bhfostóirí.

“Feicfimid na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráid-neodrach.

“Agus feicfimid pobail na n-oileán, agus daoine óga ach go háirithe, ag glacadh ról gníomhach maidir le todhchaí a n-oileán féin a chruthú.

Dúirt an tAire chomh maith:

“Beidh tionchar tairbhiúil agus bunathraitheach ar na hoileáin agus ar shaol na bpobal atá ag maireachtáil orthu ag éirí as cur i bhfeidhm na ngníomhacíochtaí atá leagtha amach in Ár nOileáin Bheo.

Is í an aidhm atá againn go gcruthófaí pobail agus geilleagair inbhuanaithe agus seasmhacha ar na hoileáin trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí comhtháite.

“Molann an polasaí cur chuige forbartha tuaithe atá iomlánaíoch agus áitbhunaithe, a thugann misneach agus tacaíocht do phobail na n-oileáin pleananna comhtháiteacha a fhorbairt chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha a bpobal féin.

D’fhógair an tAire chomh maith inniu go bhfuil maoiniú caipitil €1.9m ceadaithe aici do 5 údarás áitiúil sa chéad bhabhta maoinithe de mhionoibreacha caipitil ar thograí bonneagair ar oileáin ar fud na tíre.

Chríochnaigh an tAire:

“Tá muid tiomanta, faoi Ár nOileáin Bheo, cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ar na hoileáin, ar níos céanna, bóithre agus páirceanna súgartha.

“Tá áthas orm mar sin maoiniú ar luach €1.9m a cheadú chun tacaíocht a thabhairt d’fheabhsúcháin ar bhonneagar riachtanach ar oileáin amach ó chontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Mhaith Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.”

Poist Pholasaí- Ár nOileáin Bheo

CRÍOCH

Nótaí:

Aguisín 1

Tá polasaí na n-oileán bunaithe ar chúig Cuspóir Straitéiseach ardleibhéil a d’aithin na hoileánaigh féin mar chuspóirí atá ríthábhachtach le haghaidh thodhchaí inbhuanaithe a bpobal:

1. Leibhéil daonra ar na hoileáin a athbheochan

2. Geilleagar na nOileán a éagsúlú

3. Seirbhísí sláinte agus folláine a fheabhsú

4. Pobail na nOileán a chumasú

5. Todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú

Is í aidhm an Pholasaí stop a chur le meath daonra atá feicthe ar fhormhór na n-oileán agus todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú mar aon leis an bpobal a chumasú i bhforbairt a n-oileán féin.

Bainfear na torthaí seo amach le cur i bhfeidhm an pholasaí:

- Níos mó daoine ina gcónaí ar na hoileáin;

- Níos mó daoine ag obair ar na hoileáin, le deiseanna maithe gairme, beag beann ar an áit a bhfuil ceannáras a bhfostóirí;

- Na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráid-neodrach; agus

- Ról gníomhach a bheith ag pobail na n-oileán, agus daoine óga ach go háirithe, maidir todhchaí na n-oileán a chruthú.

I measc gníomhaíochtaí sonracha atá le cur i bhfeidhm faoin bPlean Gníomhaíochta:

  • Tacú le daoine chun cónaí ar na hoileáin:
  • Tacaíocht bhreise deontais a chur ar fáil faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh (Croí Cónaithe) chun úsáid na maoine atá ann cheana a spreagadh chun cóiríocht chónaithe fhadtéarmach a sholáthar. Cuirfear ardú 20% ar uasleibhéal an deontais do mhaoin fholamh ar oileáin (€60,000 seachas €50,000 ar an mórthír) agus do mhaoin thréigthe ar oileáin (€84,000 seachas €70,000 ar an mórthír). Tiocfaidh an beart seo i bhfeidhm ar an 1 Iúil agus beidh sé ar fáil go siarghabhálach ar iarratais a rinneadh roimhe seo.
  • Aithneofar sna Dréacht-Treoirlínte Pleanála Athbhreithnithe do Thithíocht Tuaithe na dúshláin agus na tréithe uathúla a bhaineann le hoileáin amach ón gcósta
  • Réiteach fadtéarmach a fháil chun soláthar agus seirbhísí uisce ar na hoileáin a fheabhsú
  • Na tionscadail bhonneagair oileáin (céanna) tosaíochta sa Phlean Forbartha Náisiúnta a chur chun cinn
  • Áiseanna agus gníomhaíochtaí áineasa amuigh faoin aer ar na hoileáin a fhorbairt tuilleadh.
  • Tacú le daoine chun borradh a chur fúthu ar na hoileáin:
  • Leathanbhanda ardluais a sheachadadh chuig pointí nasctha leathanbhanda, moil dhigiteacha agus scoileanna ar oileáin faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL)
  • Moil chianoibre a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun borradh a chur faoi chianoibriú ó na hoileáin agus deiseanna maithe gairme a bheith ann fós
  • Moil ríomhshláinte a phíolótú ar na hoileáin agus úsáid a bhaint as pointí nasctha leathanbhanda/moil chianoibre chun rochtain ar choinní sláinte ar líne a fheabhsú (géarchúram agus pobail)
  • Méadú a dhéanamh ar an acmhainn cianfhoghlama agus foghlama cumaisc le rochtain a fháil ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais trí fhoghlaim ar líne dóibh siúd atá ina gcónaí ar oileáin
  • Tacú le fiontraíocht shóisialta agus ha hearnálacha ceardaíochta agus deartha agus agraibhia ar na hoileáin le fócas ar tháirgí ceardaithe agus orgánacha
  • Eispéiris do chuairteoirí a chruthú go mbeidh tionchar inbhuanaithe agus dearfach do hoileáin, ag comhtháthú na Gaeilge le cúrsaí ceoil, ealaíon, ceardaíochta agus traidisiúin na n-oileán.
  • Tacú le pobal na n-oileáin chun a dtodhchaí a chruthú
  • Fóram a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do chomhphlé leanúnach idir Údaráis Áitiúla, páirtithe leasmhara ábhartha agus pobail na n-oileán (grúpaí d’oileáin)
  • Cinntiú go bhfuil ionadaíocht ag pobail na n-oileán ar Chomhairle na nÓg, ar an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) agus ar Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPN)
  • Maoiniú a chur ar fáil do phobail oileán (grúpaí d’oileáin) chun Pleananna Forbartha Comhtháite a fhorbairt, chun pobail inbhuanaithe a chothabháil agus cur ar a gcumas leas a bhaint as sruthanna maoinithe eile
  • Deontais agus tacaíochtaí a sholáthar do thionscadail phobail atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear Máistirphleananna Fuinnimh d’oileáin, trí scéimeanna ábhartha Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Aguisín 2

Clár mionoibreacha caipitil na n-oileán 2023 – ceadaithe faoi bhabhta 1

Oileán Cur síos ar na hoibreacha Deontas
Dún na nGall Deontas iomlán do Chomhairle Contae Dhún na nGall €471,622
Árainn Mhór Athdhromchlú bóthair – Cuarbhóthar/Screig €292,500
Árainn Mhór Athdhromchlú bóthair – Cé an Staca Mhóir go Leadhb Gharbh €58,500
Árainn Mhór Oibreacha cóirithe dromchla €32,400
Árainn Mhór Oibreacha sábháilteachta ag clós súgartha €16,222
Toraigh Oibreacha sábháilteachta / balla ag clós súgartha €72,000
Sligeach Deontas iomlán do Chomhairle Contae Shligigh €11,700
Inis Uí Mhaolchluiche Athchóiriú rampa rochtana ón trá go dtí an ché €5,400
Inis Uí Mhaolchluiche Athchóirí ar chosaint reatha na cé €6,300
Maigh Eo Deontas iomlán do Chomhairle Contae Mhaigh Eo €207,000
Inis Toirc Athdhromchlú bóthair agus oibreacha draenála €180,000
Inis Toirc Oibreacha athchóirithe ar an bpríomhché €18,000
Inis Bigil Oibreacha ag an gcarrchlós ag Gob Uí Dheoráin €9,000
Gaillimh Deontas iomlán do Chomhairle Contae na Gaillimhe €806,474
Árainn (Inis Mór) Athdhromchlú bóthair - L-5200-115 Eoghanacht €298,464
Árainn (Inis Mór) Athdhromchlú bóthair - L-52008-0 Bóthar Íseal €233,325
Árainn (Inis Mór) Athdhromchlú bóthair - L-5200 Cill Mhuirbhigh / Gort na gCapall €138,175
Árainn (Inis Mór) Athdhromchlú bóthair - L-5200-31 Cill Rónáin €90,610
Árainn (Inis Mór) Oibreacha ag Cé Chill Mhuirbhigh €35,100
Inis Meáin Teileascóip mona-oibrithe €6,300
Inis Oírr Ráillí sábháilteachta agus feabhsúcháin ag bothán an gharda tarrthála €4,500
Corcaigh Deontas iomlán do Chomhairle Contae Chorcaí €399,256
An tOileán Mór (Béarra) Dromchla coincréit asfailt agus oibreacha draenála sula nglactar bóthar ar lámh – taobh le L8959-0 €122,000
An tOileán Mór (Béarra) Dromchla coincréit asfailt - L-49227-0 €94,500
An tOileán Mór (Béarra) Dromchla coincréit asfailt agus oibreacha draenála - L49227-0 €54,000
Inis Uí Drisceoil Pontún a fheistiú – An Ché Thoir €24,005
Inis Arcáin Dromchla coincréit asfailt – cuid den L8202-0 agus L4201-0 €46,665
Inis Arcáin Dromchla coincréit asfailt – cuid den L8202-0 agus L4201-0 €35,100
Inis Arcáin Oibreacha coincréite / ráillí sábháilteacht – sleamhnán ag cé an duga €22,986
IOMLÁN Deontas iomlán ceadaithe thar 5 contae €1,896,052