English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€1.3 milliún ceadaithe ag an Aire Humphreys ar mhaithe le seirbhísí soghluaisteachta agus iompair do chúram ailse i gceantair thuaithe na hÉireann

26 tionscadal chun leas a bhaint as clár CLÁR

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys inniu (Dé hAoine an 10 Nollaig) go bhfuiltear ag cur beagnach €1.3 milliún ar fáil chun feithiclí a mhaoiniú do 26 eagraíocht pobalbhunaithe.

Bainfear leas as na feithiclí chun seirbhísí riachtanacha iompair a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.

Táthar ag cur an mhaoinithe ar fáil faoin mBeart Soghluaisteachta agus Iompair do Chúram Ailse den chlár CLÁR.

Cuirfear tacaíocht ar fáil leis an gclár d'eagraíochtaí deonacha a chuireann a leanas ar fáil saor in aisce:

  • iompar chuig cúram lae, nó teiripe leighis agus seirbhísí faoisimh eile agus uathu, agus/nó
  • iompar chuig nó ó ospidéil agus ionaid cúraim ailse ainmnithe faoin gClár Náisiúnta um Chúram Ailse agus uathu.

I measc chuid de na heagraíochtaí a bronnadh maoiniú orthu inniu tá:

  • Ability West, An Clochán, Co. na Gaillimhe (€54,000)
  • Ord Mhálta, Co. Laoise (€50,000)
  • Ionad Lae Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí (€71,540)
  • Ionad Cúraim Naomh Colmán, Acaill , Co Mhaigh Eo (€65,000)
  • Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Co. an Chabháin (€39,626)

Ag fógairt sonraí an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys :

"Tá an-áthas orm leanúint de thacaíocht mo Roinne faoi chlár CLÁR a thabhairt d'eagraíochtaí deonacha a chuireann seirbhísí iompair ar fáil do chuid de na daoine is leochailí i sochaí na tíre. Tá an maoiniú seo méadaithe agam, 40% breise ar mhaoiniú na bliana seo caite, agus cuirfear feithiclí oiriúnacha ar fáil leis a éascóidh é do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ainmnithe teacht a bheith acu ar chóireálacha agus ar sheirbhísí leighis riachtanacha. Cuireann na heagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil ina bpobail agus táim fíor-shásta a bheith ábalta tacú lena n-iarrachtaí."

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

"Ar cheann de chuspóirí straitéiseacha Thionscadal Éireann 2040 tá geilleagair agus pobail faoin tuath a neartú. Táthar ag cuidiú feabhas a chur le caighdeán maireachtála mhuintir thuaithe na tíre trí chlár CLÁR agus is cuid thábhachtach é d'infheistíocht chomhtháite mo Roinne i dtaobh forbairt thuaithe."

Tá fógra an lae inniu sa bhreis ar an €4.5 milliún i maoiniú a d'fhógair an tAire Humphreys i mí na Samhna do 160 tionscadal faoi CLÁR ar mhaithe le bearta sábháilteachta a chur ar fáil do scoileanna agus do phobail chomh maith le háiteanna áineasa agus seirbhísí Béilí ar Rothaí.

CRÍOCH

Nóta d'eagarthóirí:

Tá clár CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus is gné amháin é de Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe na Roinne trína chuirtear pacáiste tacaíochtaí comhordaithe agus comhlántacha ar fáil do cheantair thuaithe faoi Thionscadal Éireann 2040.

Clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR do cheantair thuaithe a chuireann maoiniú ar fáil ar mhaithe le tionscail bheaga i gceantair atá buailte go dona mar gheall ar thitim i ndaonra san am atá caite. Is é atá mar aidhm le CLÁR tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair shainaitheanta CLÁR trí tacú le daoine leanúint orthu de bheith ag cur fúthu agus ag obair sna ceantair sin. Tá limistéir CLÁR ainmnithe i gach contae sa tír seachas i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i Loch Garman.

Oibríonn maoiniú CLÁR i gcomhar le cláir mhaoinithe áitiúla agus ar bhonn tosaíochtaí arna sainaithint go háitiúil. Seoladh an Clár CLÁR den chéad uair in 2001 ach stopadh ag glacadh le hiarratais in 2009. Cuireadh tús arís leis an gclár in 2016. Tá maoiniú á chur ar fáil do bhreis is 1,500 tionscadail faoi CLÁR ó 2016.

Fógraíodh clár CLÁR 2020 i mí Bealtaine 2020 agus bhí iarratais á lorg faoi thrí Bheart ar leith:

Beart 1: Tacaíocht do Scoileanna / Bearta Sábháilteachta Pobail

Beart 2: Áiteanna Áineasa Pobail (2020 an chéad bhliain)

Beart 3: Tacaíocht Folláine Pobail

(a) Béilí ar Rothaí agus seirbhísí gaolmhara (2020 an chéad bhliain)

(b) Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse

Tá sonraí i dtaobh tionscadail faoi iamh agus is féidir iad a fháil anseo.