€3.55 milliún sa bhreis do Chiste Tacaíochta an Chláir Seirbhísí Pobail fógartha ag an Aire O'Brien
- Foilsithe: 27 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, Dé hAoine, d’fhógair an tUasal Joe O Brien TD, an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, maoiniú breise €3.55m do Chiste Tacaíochta an Chláir Seirbhísí Pobail (CSP) 2020. Tugann sé seo an méid iomlán a leithdháilfear faoin gCiste go €4.75m.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire -
“Tá an-áthas orm a bheith in ann an Ciste Tacaíochta a mhéadú chun cabhrú le heagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSP agus a bhfuil fadhbanna airgid acu. Tuigim go maith na dúshláin atá roimh eagraíochtaí pobail agus gabhaim orm féim oibriú go dlúth leis an earnáil chun iad seo a réiteach .”
Go hiondúil tugann an Ciste Tacaíochta íocaíocht bhreise, ar bhonn aonuaire, chun cabhrú le heagraíochtaí a bhfuil fadhbanna airgid acu, ach, de bharr COVID tá sé athraithe chun cúnamh suas le €350 a sholáthar do gach post Comhionann Lánaimseartha (FTE) in aghaidh na seachtaine.
Lean an tAire ar aghaidh -
“Thug géarchéim COVID-19 dúshláin nach bhfacthas cheana do gach eagraíocht a dtacaíonn CSP leo ar fud na tíre agus mar thoradh air sin tá athrú tagtha ar an mbealach a sholáthraíonn siad a gcuid seirbhísí, agus iad ag iarraidh cloí le treoirlínte sláinte poiblí ag an am céanna. Tugann an €3.5m breise a fógraíodh inniu an Ciste Tacaíochta iomlán go €4.75m. Áirítear leis seo maoiniú €0.75m i gcomhair ÁSPC (PRSI) an Fhostóra do phost an bhainisteora. Tá sé riachtanach go gcuirfimid tacaíochtaí ar fáil d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSP chun a chinntiú go bhféadfaidh siad leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí nuair a thiocfaidh deireadh leis na srianta. "
Toisc nach raibh eagraíochtaí a dtacaíonn CSP leo i dteideal leas a bhaint as an Scéim Fóirdheontais Pá Covid, a thug ráta laghdaithe ranníocaíocht PRSI an Fhostóra de 0.5% dóibh, measadh go mbeadh sé oiriúnach maoiniú a sholáthar chun cabhrú le heagraíochtaí, a bhfuil fadhbanna airgid acu, ranníocaíocht PRSI an Fhostóra a chomhlíonadh do phoist na mbainisteoirí chomh maith le linn tréimhse na géarchéime seo.
Cuirfear beagnach €47 milliún ar fáil faoin gClár in 2020 do 425 eagraíocht a thacaíonn le níos mó ná 2,030 post.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá na seirbhísí, a sholáthraíonn eagraíochtaí CSP dá bpobail áitiúla, thar a bheith luachmhar agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo go léir as a gcuid iarrachtaí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun moladh a thabhairt do na heagraíochtaí sin go léir a d’fhan oscailte ag cur tacaíochtaí riachtanacha ar fáil cosúil le Béilí ar Rothaí, agus a chur leis an méid seirbhísí a chuireann siad ar fáil le linn thréimhse na géarchéime seo. "
Is é Pobal, an eagraíocht a bhíonn i mbun bainistíochta ar an gClár thar ceann na Roinne, a dháilfidh an maoiniú sna seachtainí amach romhainn.
Críoch
NÓTAÍ DO NA hEAGARTHÓIRÍ
Faoi láthair tugann an CSP tacaíocht d’eagraíochtaí pobalbhunaithe chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíochta agus comhshaoil áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontar shóisialta, ag cur ranníocaíocht ar fáil i dtreo chostas na foirne in eagraíochtaí CSP. De ghnáth tugann sé tacaíocht d’eagraíochtaí chun bearnaí sna seirbhísí áitiúla a líonadh agus rochtain ar sheirbhísí agus ar shaoráidí, nach mbeadh ar fáil go hiondúil, a chur ar fáil.
Athbhreithniú ar an gClár Seirbhísí Pobail
Fostaíodh Indecon International Economic Consultants chun an t-athbhreithniú neamhspleách ar an CSP a dhéanamh. Foilsíodh an tuarascáil deiridh ag deireadh mí Mheán Fómhair le Plean Gníomhaíochta Ardleibhéal, a d’ullmhaigh an Roinn agus Pobal. Leagtar amach sa Phlean an sceideal atá beartaithe chun gach céim a bhaint amach. Tá tús curtha ag an Roinn agus ag Pobal anois le hathchóiriú an Chláir. Tá an próiseas oscailte Léiriú Spéise dúnta anois, go dtí go n-aistreofar chuig an gclár nua athchóirithe. Táthar ag súil go n-osclóidh an Clár glaonna spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí aitheanta i seachadadh na seirbhíse i 2021.
Ciste Tacaíochta 2020
Cuirfidh an Ciste Tacaíochta CSP, i dteannta le gnáthleibhéil maoinithe CSP, maoiniú breise ar fáil d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSP agus a bhfuil fadhbanna airgid acu, chun a chinntiú go bhféadfaidh siad uasíocaíocht de €350 glan in aghaidh na seachtaine a íoc lena bhfostaithe lánaimseartha a fhaigheann tacaíocht ón CSP. Táthar ag súil freisin le méid comhréireach don fhoireann pháirtaimseartha a fhaigheann tacaíocht ón CSP chomh maith, ar feadh roinnt seachtainí. Faoin méadú seo ar an gCiste Tacaíochta, bainfidh eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón CSP agus a bhfuil fadhbanna airgid acu, leas as an tacaíocht i dtreo ranníocaíocht PRSI an fhostóra do bhainisteoirí, bunaithe ar olltuilleamh de €32,000 in aghaidh na bliana.
Próiseas Achomhairc 2020
Tabharfar deis d’eagraíochtaí, nach n-éiríonn leo na critéir shonraithe a chomhlíonadh le bheith san áireamh do Chiste Tacaíochta 2020, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.