An Leabharlann is Nuaí in Éirinn oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 26 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An chéad leabharlann riamh i mBaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath oscailte ag an Aire.
- An chéad leabharlann le hoscailt ar ceadaíodh maoiniú ina leith faoin chlár nua, Clár Caipitil na Leabharlann.
- An chéad leabharlann i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin le spás tiomanta na gcéadfaí, áit thiomanta do dhéagóirí, stiúideo ceoil agus seomra cruthaitheachta.
Inniu (Dé Céadaoin, 26 Márta) d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an leabharlann is nuaí in Éirinn go hoifigiúil i mBaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18.
Fuair an leabharlann tacaíocht mhaoinithe de €450,000 faoi chlár nua de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobal, Clár Caipitil na Leabharlann, agus is é an chéad tionscadal arna cheadú faoin chlár a tugadh i gcrích.
Faoin tionscadal, athraíodh an halla spóirt i Lárionad Cathartha Samuel Beckett go hiomlán ina leabharlann den chéad scoth, a bheidh suite san fhoirgneamh in éineacht le raon seirbhísí eile cosúil leis an ionad pobail, INTREO agus an tIonad Acmhainní Teaghlaigh.
Agus é ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i mBaile Uí Ógáin, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom an leabharlann is nuaí in Éirinn a oscailt go hoifigiúil i mBaile Uí Ógáin. Is príomhthosaíocht dom mar Aire infheistiú a dhéanamh inár seirbhís leabharlainne agus is cuid lárnach dár straitéis leabharlainne poiblí é.
“Cuirfidh an leabharlann seo seirbhísí for-rochtana ar fáil don bpobal seo chomh maith le deiseanna oideachais, cultúir, uasoiliúna, ionchuimsithe agus litearthachta.”
Beidh sí ar an chéad leabharlann i nDún Laoghaire-Rath an Dúin ina mbeidh spás tiomanta na gcéadfaí, láthair thiomanta do dhéagóirí, stiúideo ceoil agus seomra cruthaitheachta. Cuirfidh sí seirbhísí nua agus nuálacha ar fáil cosúil le ranganna teicneolaíochta cruthaithí, podchraoltóireacht, agus ranganna uasoiliúna digití d’úsáideoirí níos sine.
Thug an tAire aitheantas freisin do ról fhoireann Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus mhol sé an comhar idir rialtas lárnach agus rialtas áitiúil lenar cinntíodh go gcríochnaíodh an áis nua go rathúil.
Dúirt an tAire Calleary é seo chomh maith:
“Ceann de mhianta Straitéis na Leabharlann Poiblí ná go mbeidh leabharlanna i measc na bpríomhghnéithe i bpleanáil athnuachana uirbigh agus tuaithe agus i bpleanáil phobail, agus is cúis áthais dom go bhfuil aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin don tábhacht a bhaineann leis sin tríd an chéad leabharlann riamh sa phobal seo, a bhfuil daonra s’aige ag dul i méid go mór, a chur ar bun.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil arís lenár bhfoirne leabharlainne díograiseacha, a chuireann go mór mór lenár seirbhís leabharlainne poiblí agus lenár bpobail.”
Nótaí
Leabharlann Bhaile Uí Ógáin, Co. Bhaile Átha Cliath
Tógadh Lárionad Cathartha Samuel Beckett in 2016 agus is foirgneamh 2,500m2 é ar shuíomh 18 n-acra ar Bhóthar Bhaile Uí Ógáin, i ndeisceart chontae Bhaile Átha Cliath, 14km ar shiúl ó lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Is áit gheal fhairsing í an leabharlann nua, ina bhfuil 1,300 méadar cearnaithe ar dhá urlár. Is féidir ardaitheoir a úsáid chun rochtain a fháil uirthi, agus tá láthair taobh amuigh inti chomh maith. Tá na gnéithe seo a leanas ann:
- Spásanna d’imeachtaí idir mhór (suíocháin do 60) agus bheag (cúinní leabhar san áireamh), láthair thiomanta do pháistí, agus spásanna na gcéadfaí idir gníomhach agus éighníomhach.
- Dhá sheomra cruinnithe thuas staighre do chruinnithe grúpaí pobail le trealamh closamhairc agus físchomhdhálú.
- Spás taispeántas
- Áis Changing Places
- Spásanna staidéir fairsinge thuas staighre sa láthair níos ciúine, do dhaoine aonair nó do staidéar grúpa.
- Súgradh míshlachtmhar sa seomra Cultúir. Bailiúcháin agus seirbhísí do pháistí agus aosaigh óga
- Mol céadfach cúngaigh do dhaoine néara-éagsúla
- Láthair mhear-úsáide le ríomhairí agus ríomhairí glúine gasta, srl. le hidirlíon agus Wi-Fi saor in aisce
- Seirbhísí, troscán, agus acmhainní aoisbháúla
- Seomra cruthaithe do pháistí
- Spás teicneolaíochta cruthaithí
- Stiúideo ceoil
- Raon leathan earraí iasachta cosúil le leabhair, ábhair closamhairc, Fearas Coigilte Fuinnimh Baile, táibléid Acorn, pinn léitheoireachta agus trealamh inrochtana/céadfach,
- Spás gairdín lasmuigh
- Láthair thiomanta do dhéagóirí,
- Áit pháirceála do bhugaithe