English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Humphreys ag súil go mbeidh toradh maith ar phróiseas tairisceana do sheirbhís farantóireachta do Chliara

  • Seirbhís níos fearr do phobal an oileáin le ceithre sheoladh sa lá ar a laghad beartaithe

Tá sé deimhnithe ag Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, inniu (Déardaoin, an 17 Meitheamh) gur gearr go mbeidh an próiseas tairisceana don tseirbhís fóirdheonaithe farantóireachta go Cliara tugtha chun críche.

Tá tairgeoir tosaíochta aitheanta agus, ar feitheamh ré aithrí riachtanach 14 lá, táthar ag súil go mbeidh seirbhís níos fearr faoina gcuirfear ceithre sheoladh sa lá ar a laghad ar fáil i bhfeidhm ón 1 Iúil.

Is éard a dúirt an tAire Humphreys agus í ag cur fáilte roimh an scéal is déanaí:

“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil tairgeoir tosaíochta aitheanta don tseirbhís farantóireachta go Cliara.

"Is féidir liom a dheimhniú, gan cur isteach ar shláine an phróisis tairisceana, go bhfuil súil agam go sásófar riachtanas phobal an Oileáin ceithre sheoladh sa lá ar conradh a chur ar fáil ar feadh na bliana go léir.

"Táim muiníneach go gcuirfear seirbhís níos fearr ar fáil faoin gconradh nua agus go rachaidh an tseirbhís sin chun tairbhe mhór do phobal an oileáin.

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

“De réir na dtreoirlínte soláthair, tá ré aithrí riachtanach 14 lá nó tréimhse shuaimhnithe i gceist nach mór a chomhlíonadh sular féidir conarthaí a shíniú.

"Nuair a bheidh an tréimhse sin thart, beimid ábalta ansin ainm an tairgeora tosaíochta a fhógairt.

"Tá áthas orm go mbeimid ábalta a chinntiú go mbeidh an cineál seirbhíse farantóireachta ag Cliara a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir na háite agus turasóirí.

"Nuair a bheidh an conradh bronnta, oibreoidh oifigigh ó mo Roinn féin in éineacht le grúpaí ionadaíocha an Oileáin agus an tairgeoir tosaíochta chun clár ama a chur i dtoll a chéile do na seoltaí laethúla ar conradh.

"Bunófar coiste monatóireachta chomh maith chun monatóireacht a dhéanamh ar an tseirbhís agus lena chinntiú go bhfuil an tseirbhís á cur ar fáil de réir mar atá leagtha amach sa chonradh, agus go bhfuil sí ag freastal ar riachtanais phobal an oileáin."

Forbairt ar Chliara Amach Anseo

Bhí cruinniú ag an Aire Humphreys le toscaireacht ó Chliara an tseachtain seo, agus chuir sí in iúl ag an gcruinniú sin go bhfuil sí ag tacú go leanúnach le forbairt an oileáin amach anseo.

Tugtar gealltanas i mbeartas nua an Rialtais don fhorbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ríthábhachtach ar fud cheantair thuaithe na hÉireann, lena n-áirítear na hoileáin amach ón gcósta, agus áirítear ann chomh maith gealltanas chun Beartas nua Oileán a fhorbairt.

Beidh sé de phríomhchuspóir leis an mBeartais Oileán a chinntiú go leanfaidh pobail inbhuanaithe, fhuinniúla de bheith ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta.

Cuireann an bhéim atá ar chianobair deis ar leith ar fáil do dhaoine cónaí ar na hoileáin amach ón gcósta agus dul ag obair orthu.

Chuige sin, cuireadh Pointe Ceangail Leathanbhanda (BCP) ar fáil in Ionad Pobail Chliara, agus tá sin ag feidhmiú ó dheireadh na bliana 2020.

Táthar fós i mbun oibre leis an Ionad Pobail, leis an Údarás Áitiúil agus le FSS chun réiteach ríomhShláinte ar shonraíocht ard a fhorbairt, agus tá maoiniú €35,000 curtha ar fáil ag an Roinn ina leith sin. Beidh sin beo sa BCP roimh dheireadh na bliana.

Tá sraith de thacaíochtaí eile á gcur ar fáil ag an Roinn chomh maith.

D'fhógair an tAire Humphreys maoiniú nach mór €139,000 le gairid chun tacú le hobair athchóirithe ar Ché Ruanada, mar chuid den Scéim Oibreacha Caipitil, le feabhas a chur ar teacht atá ar an oileán ón mórthír.

Tacaíonn an Roinn chomh maith leis an ngrúpa forbartha áitiúil - Comharchumann Phobal Chliara - a bhfuil maoiniú €101,500 leithdháilte air don bhliain 2021 chun cuidiú leo clár oibre uaillmhianach a chur ar fáil.

Déanfar fógra oifigiúil maidir le bronnadh an chonartha farantóireachta sna seachtainí amach romhainn nuair a bheidh an tréimhse shuaimhnithe 14 lá thart de réir treoirlínte soláthair.

CRÍOCH