An tríú tráinse de Mhaoiniú Cobhsaíochta COVID-19 fógartha ag na hAirí Humphreys, Donnelly agus O’Brien
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Pacáiste tacaíochta €11 milliún a rachaidh chun tairbhe 209 eagraíocht
- Maoiniú dírithe ar chúnamh a thabhairt láithreach do ghrúpaí pobail agus deonacha, do charthanais agus d’fhiontair shóisialta
- Instealladh airgid d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil dóibhsean is leochailí sa tsochaí
Tá 209 eagraíocht ar fud na tíre le tairbhe a bhaint as maoiniú €11 milliún faoi Chiste Cobhsaíochta Covid-19.
An tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán, Heather Humphreys TD, An tAire Sláinte Stephen Donnelly TD agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air d’Fhorbairt Pobail agus Carthanais, Joe O’Brien TD a d’fhógair an maoiniú inniu.
Is maoiniú é ó Chiste na gCuntas Díomhaoin atá leagtha amach chun tacú le heagraíochtaí pobail agus deonacha, carthanais agus fiontair shóisialta a bhfuil deacrachtaí airgid acu mar gheall ar phaindéim Covid 19.
Dámhfar instealltaí aonuaire airgid tirim idir €2,000 agus €200,000 ar eagraíochtaí incháilithe a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil chun cuidiú leosan is leochailí sa tsochaí.
Cuideoidh an t-airgead chun fadhbanna sreafa airgid sa ghearrthéarma mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 a mhaolú.
Áirítear anseo eagraíochtaí ó chéim 1 agus 2 (carthanais neamhchorpraithe) den chiste agus beidh an maoiniú seo sa bhreis ar thráinsí roimhe seo den mhaoiniú a fógraíodh i mí Mheitheamh agus Iúil 2020 a chuaigh chun sochair do 276 eagraíocht agus ar bhfiú €14.1m ar an iomlán é.
Cuireann na heagraíochtaí seo seirbhísí ar fáil i raon leathan réimsí lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, seirbhísí sláinte agus folláine, tacaíochtaí pobail, seirbhísí gníomhaíochta do lucht scoir agus cúraim do dhaoine aosta chomh maith le réimse seirbhísí agus tacaíochtaí sóisialta do dhaoine agus do phobail faoi mhíbhuntáiste.
Áirítear ar roinnt de na hiarrthóirí ar éirigh leo inniu:
Cumann Naomh Uinseann de Pól, Éire | €200,000 |
Carthanas Naomh Lúcáis & Ionad Gnó agus Oideachais Theach Northridge | €192,733 |
Ionad Tacaíochta Gary Kelly maidir le hAilse | €87,932 |
Ionad Shligigh um Maireachtáil Neamhspleách | €53,240 |
Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teoranta | €34,270 |
Raidió Pobail Chaisleán an Bharraigh | €27,689 |
Ar maidin dúirt an tAire Humphreys:
“Táim an-sásta tráinse eile maoinithe - €11 milliún ar an iomlán - a fhógairt, i gcomhar le mo chomhghleacaithe an tAire Donnelly agus an tAire O’Brien - faoi Chiste Cobhsaíochta COVID 19. Tuigim go rímhaith an obair mhór a dhéanann an earnáil Pobail agus Dheonach tríd is tríd. Is mó ná sin arís é agus Éire ag iarraidh a bealach a dhéanamh tríd an bpaindéim seo.
“Tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo chun tacú leis na heagraíochtaí seo leanúint ag cur seirbhísí ríluachmhara ar fáil do na daoine is mó a dteastaíonn siad uathu agus tacú le daoine aonair agus pobail agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis an tionchar atá ag an bpaindéim.
"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh leis na hoibrithe pobail agus deonacha ar fad ar fud na tíre a chuireann seirbhísí ar fáil i gcúinsí achrannacha agus a chinntíonn go bhfuil taca ag ár gcuid saoránach ar fad san am crua seo agus táim ag súil leis an lá a mbeidh mé in ann buíochas a ghlacadh leo go pearsanta.”
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm an tráinse is déanaí maoinithe seo faoi Chiste Cobhsaíochta COVID 19 a fhógairt i gcomhar le mo chomhghleacaithe - an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien.
“Tá ról ríthábhachtach sa tsochaí ag eagraíochtaí pobail agus deonacha, ag carthanais agus ag fiontair shóisialta agus tá a gcuid oibrithe deonacha agus oibrithe eile thar a bheith dílis. Tá go leor díobh ag obair go dícheallach le linn na paindéime le cuidiú agus le tacú le daoine ar fud na hÉireann agus cuideoidh an maoiniú seo leo leanúint den obair sin. In éineacht le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte, an tAire Butler, an tAire Feighan agus an tAire Rabbitte, cuirim fáilte roimh na hacmhainní breise a chuideoidh leis na heagraíochtaí seo leanúint leis an obair ríthairbheach atá ar bun acu.”
Dúirt Joe O’Brien TD, an tAire Stáit a bhfuil freagracht air d’Fhorbairt Pobail agus Carthanais:
“Ba mhaith liom cur leis an méid a dúirt mo chomhghleacaithe an tAire Humphreys agus an tAire Donnelly agus mo bhuíochas a chur in iúl do na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre atá ag cuidiú leosan is mó atá ar an imeall agus atá faoi mhíbhuntáiste.
Tá an obair a dhéanann siad ríthábhachtach agus muid ar ár ndícheall teacht as an bpaindéim seo agus dul i ngleic leis an tionchar atá aici. Tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo tacaíocht de chineál éigin ar fáil d’eagraíochtaí chun deis a thabhairt dóibh leanúint lena gcuid seirbhísí agus tacaíochtaí a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do phobail ar fud na tíre”.
De bharr suim mhór a bheith i gCiste Cobhsaíochta COVID-19 agus chun a chinntiú go scaoilfear an maoiniú a luaithe is féidir, tá iarrthóirí á meas de réir grúpálacha níos lú agus baineann an maoiniú a fógraíodh inniu leis an tríú tráinse maoinithe. Tá líon beag eagraíochtaí fós a bhfuil iarratas déanta acu ar mhaoiniú ach a bhfuil roinnt seiceálacha fós ar bun. Fógrófar tráinsí breise go luath.
Tá liosta iomlán d’iarrthóirí ar éirigh leo faoi Thráinse a trí le fáil anseo.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
I ndiaidh an fhógra go raibh pacáiste maoinithe €40 milliún ar fáil don earnáil, cuireadh fáilte roimh iarratais faoin Scéim Cobhsaíochta €35 milliún. D’oscail an Scéim Cobhsaíochta, arna riar ag Pobal, d’iarratais faoi chéim a haon i mí Bealtaine 2020 agus cuireadh tús le hiarratais faoi chéim a dó i mí Lúnasa. Fuarthas breis is míle iarratas le linn an ama sin.
Cuirfear sreabhadh airgid ar fáil láithreach sa ghearrthéarma d’eagraíochtaí incháilithe a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil dóibhsean is leochailí sa tsochaí. Tabharfar tús áite ó thaobh maoinithe do na heagraíochtaí is mó a dteastaíonn cúnamh uathu agus a bhfuil a n-ioncam trádála/tiomsaithe airgid tite go mór le linn na géarchéime.
Is as Ciste na gCuntas Díomhaoin atá maoiniú á chur ar fáil faoin Scéim Cobhsaíochta agus cuirfear deontas aonuaire ar fáil d’eagraíochtaí incháilithe. Ag teacht le cuspóirí Chiste na gCuntas Díomhaoin, díreofar faoin Scéim Cobhsaíochta ar eagraíochtaí a chuireann tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil sna hearnálacha seo a leanas:
- Cúram Sláinte agus Sóisialta (lena n-áirítear andúil, míchumas agus meabhairshláinte)
- Seirbhísí Teaghlaigh agus Leanaí (lena n-áirítear comhairleoireacht/teiripí)
- Foréigean Baile/Gnéis/bunaithe ar Inscne
- Tithíocht/Easpa Dídine
- Seirbhísí pobail (m.sh. béilí ar rothaí/seirbhísí cairdis/tacaíochtaí do dhaoine aosta/grúpaí tacaíochta do dhaoine leochaileacha srl.)
- An Earnáil Oideachais Pobail
Iarradh ar eagraíochtaí a léiriú mar a chuaigh an ghéarchéim i bhfeidhm ar a gcuid seirbhísí agus tabharfar tús áite d’iarratais de réir na n-eagraíochtaí is mó a dteastaíonn cuidiú uathu. Is é Pobal, a oibríonn thar ceann an Rialtais chun tacú le pobail agus gníomhaireachtaí áitiúla chun forbairt agus uilechuimsitheacht shóisialta a bhaint amach, a riarann an Ciste Cobhsaíochta thar ceann na Roinne Forbartha Pobail agus Tuaithe.